10 bhfíric faoi Dhubhghlas de hÍde
nach raibh a fhios agat!

Caitheann an taighdeoir óg Feena Tóibín uaireanta an lae ag cíoradh dhialanna Dhubhghlais de hÍde, agus í ag cur aithne phearsanta air dá bharr.

An chéad uachtarán a toghadh ar an tír sa bhliain 1938, ba mhórphearsa é de hÍde i stair na hÉireann agus d’imir sé ról ceannródaíochta in athbheochan na Gaeilge ag deireadh an 19ú haois.

Chuala tú an méid sin roimhe, seans?

Ach b’fhear mór seilge é An Craoibhín Aoibhinn, a raibh deacrachtaí leanúnacha aige le radharc na súl chomh maith le drochshaol baile! 

Seo 10 rud nach raibh ar eolas agat faoi Dhubhghlas de hÍde le Feena Tóibín…


1) An Ghaeilge

D’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge ó mhuintir na háite i Ros Comáin: thosaigh sé ag scríobh na Gaeilge ina dhialann nuair a bhí sé 14 in 1874.

De réir a chéile fuair sé leabhair agus tháinig feabhas ar an litriú agus ar an gcomhréir.

2) Sláinte

Bhí drochamharc aige agus is minic a bhíonn sé ag gearán sna dialanna faoi phian sna súile agus bheith ag freastal ar dhochtúirí: do chuir an pian úd isteach air le linn a shaoil ar fad.

3) Seán Ó Dálaigh

Nuair a bhí sé ina ógánach chuaigh sé ar ceant mór leabhar i mBaile Átha Cliath agus cheannaigh sé neart seanleabhar agus lámhscríbhinní: Leabhair de chuid Sheáin Uí Dhálaigh a bhí ann.

Lean an ceant ar a chuid leabhar ar feadh trí lá, 19-21 Lúnasa 1878.

4) Cúlra

Bhí drochshaol baile aige toisc: a mháthair a bheith breoite go minic; bhás a dhearthár; agus an raic a tharraing a athair, a bhí ina mhinistir ach a bhí tugtha don ól.

Bhí beirt dheartháireacha aige a chuaigh roimhe agus, cé gur theastaigh ón athair go n-imídís leis an mhinistreacht, níor tharla sé.

Mar sin de bhí sé ag súil go leanfadh Dubhghlas a threoir ach, mar is eol dúinn, níor tharla sé sin ach an oiread!

Shooting at Sunrise

5) Caitheamh aimsire

Bhí sé an-cheanúil ar imeacht ag seilg i rith a shaoil agus mharaigh sé an-chuid éan ina cheantar féin: déanann sé cuntas bródúil sna dialanna ar an méid a éiríonn leis a mharú gach bliain!

6) Teangacha eile

Bhí Gearmáinis agus Fraincis ar a thoil aige, agus cumas aige sa Laidin agus sa Ghréigis leis, chomh maith leis an nGaeilge ar ndóigh.

Rinne sé staidéar orthu sa bhaile as a stuaim féin nó le cabhair óna mhuintir. Ní dheachaigh sé chuig aon scoil fhoirmiúil agus é sna déaga.

Boy studying in candlelight

7) Oideachas

Bhí sé cláraithe le Coláiste na Tríonóide ach níor fhreastail ar an ollscoil féin: dhein sé an cúrsa ón mbaile agus ní dheachaigh sé go Baile Átha Cliath ach leis na scrúdaithe a dhéanamh.

Bhuaigh sé roinnt mhaith scoláireachtaí, dá chumas sna teangacha go háirithe.

8) Thar sáile

Chaith sé bliain i gCeanada mar léachtóir le teangacha nua-aimseartha ag Ollscoil New Brunswick.

Chaith sé bliain ann idir 1890-91 agus chónaigh sé in Fredericton.

Soccer

9) Coimhlint

Baineadh a stádas mar phátrún an CLG uaidh nuair a d’fhreastail sé ar chluiche sacair idirnáisiúnta agus é ina Uachtarán.

Cluiche idir Éire agus an Pholainn a bhí ann, ar 13 Samhain 1938. Chaill sé a ról san eagraíocht ansin, ról a bhí aige ó 1902.

10) Sochraid

Nuair a cailleadh é ní raibh cead ag an gcuid is mó den rialtas freastal ar a shochraid toisc gur Phrotastúnach é.

D’fhan siad lasmuigh go dtí gur tugadh amach a chónra.


Beidh Feena ag scaipeadh shoiscéal Dhubhghlais de hÍde ag Comhdháil Idirnáisiúnta Litríochta, Teanga agus Cultúir ‘Torthaí na Réabhlóide 1913-1923’, atá á reáchtáil i gColáiste na hOllscoile BÁC an deireadh seachtaine seo.

Tá fáilte mhór roimh chách a bheith i láthair.

Tosaíonn an Chomhdháil maidin amárach, Dé hAoine 19 Feabhra, i Músaem na bPiarsach/Áras Newman COBÁC agus leanfaidh sé ar aghaidh Dé Sathairn, 20 Feabhra. 

Costais: Saorchead Dé hAoine/€10 Mic Léinn agus €25 baill an phobail Dé Sathairn. Gach eolas anseo.