4 Imeacht Ghaelacha
ar siúl an deireadh seachtaine seo!


1. FÉILE: An Fhéile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach / Ceatharlach, 18-23 Aibreán

Tá an Fhéile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach faoi lán seoil i gCeatharlach an tseachtain seo, agus na Ceiltigh tar éis seilbh a ghlacadh ar an mbaile!

Cuireadh tús leis na himeachtaí Dé Máirt agus leanfar leo go dtí an Domhnach. Mór-imeacht na féile ná an Comórtas Amhránaíochta Idirnáisiúnta a bheidh ar bun anocht.

Is amhráin ós na tíortha Ceilteacha a bheidh san iomaíocht, agus Emer Ní Fhlaitheartaigh a chanfaidh ar son na tíre seo.

Ba í a bhuaigh an comórtas náisiúnta de chuid na féile, i mí Feabhra seo caite, lena hamhrán Taibhse. Go n-éirí go geal léi!

Beidh ceolchoirm mhór na gcór ar bun amárach, mar aon le seisiúin bhríomhara cheoil.

Dé Sathairn lá na gcomórtas, nuair a dhéanfar breithiúnas ar chaighdeán an cheoil i rannóga éagsúla – ceol uirlise, píobaireachta, drumadóireachta agus buscála díreach mar chúpla sampla.

Beidh Blas Ceilteach Cheatharlach ar siúl i Margadh na bPrátaí ag an deireadh seachtaine, margadh faoin aer a thabharfaidh ardán do bhia agus obair cheardaíochta áitiúil.

panceltic.ie


2. DRÁMA: An Country Boy / Seanscoil Shailearna, Conamara, 20 & 21 Aibreán @ 8in

Léiríodh an dráma An Country Boy, leagan Gaeilge de scéal John Murphy, ar stáiste Sheanscoil Shailearna aréir.

Beidh leagan Aisteoirí an Spidéil arís le feiscint anocht agus amárach san ionad céanna.

Ní hé seo an chéad uair don chomhlacht drámaíochta an dráma seo, a bhaineann leis an imirce, a léiriú.

Go deimhin thaistealaíodar chuig na Stáit Aontaithe chun amhlaidh a dhéanamh sna 80í.

Páirteach sa leagan seo tá leithéidí Peadar Ó Treasaigh, Pauline Nic Conaonaigh, Seán Ó Coisdealbha, Orla Ní Fhinneadha, mar aon le muintir Uí Chonaola – Naoise agus Eimear.

Is é athair na beirte sin, Maidhc P. Ó Conaola, an léiritheoir.


3. FÉILE: Consairtín / Inis, Co. an Chláir, 21-23 Aibreán

Beidh gigeanna, ranganna agus sain-cheardlanna ceoil ar an gconsairtín ar bun i mbaile na hInse an deireadh seachtaine seo mar chuid de Chomhdháil Náisiúnta an Chonsairtín.

Tá seisiúin cheoil agus siúlóidí staire i measc na n-imeachtaí eile atá ar chlár leathan na féile seo.

Ar chuid de na haíonna a thabharfaidh aghaidh ar an iarthar, tá Edel Fox, Caitlín Nic Gabhann, Mary MacNamara agus Pádraig Rynne – níl ansin ach blaiseadh bídeach.

Táim ana-thógtha le halbam I.C.E, dar teideal Zero. Beidh na baill ón mbanna sin, (a sheasann do Irish Concertina Ensemble, dála an scéil) le feiscint tráthnóna Shathairn.

Beidh Cormac Begley, Jack Talty agus a gcuid cairde i mbun coirme an tráthnóna céanna, ag ócáid a bhfuil ‘Concertina by Candlelight’ baistithe air.

Go n-éirí go seoigh leo!

Breis eolais anseo.


4. TEACHT LE CHÉILE: Siúlóid Stairiúil agus Pop-Up Picnic do Theaghlaigh / BÁC, 23 Aibreán @ 12in

Beidh siúlóid stairiúil timpeall Bhaile Átha Cliath ar siúl an Domhnach seo.

Tá an ócáid seo eagraithe acu siúd atá i bhfeighil ar an leathanach Facebook Sinn Féin Gaeilge – Gaeilgeoirí an pháirtí agus iad siúd atá báúil dóibh.

Is é Mícheál Mac Donncha a bheidh mar threoraí don turas dátheangach seo a dhíreoidh go príomha ar dheisceart na cathrach.

Buailfear le chéile ag Áirse Thosaigh Choláiste na Trionóide ag meán lae.

Nuair a bheidh deireadh leis an tsiúlóid, cruinneoidh an slua i bhFaiche Stiabhna do phicnic.