5 + 1 Imeacht Ghaelacha
ar siúl as seo go ceann seachtaine!

1) SCOIL SAMHRAIDH: ‘Scoil Samhraidh an Phiarsaigh’/ An Gort Mór, Ros Muc, 28-30 Iúil.

Róisín Ní Mhainnín ag damhsa don slua taobh le Teach an Phiarsaigh.

‘Fís an Phiarsaigh i 2016’ téama na bliana ag Scoil Samhraidh an Phiarsaigh, atá faoi lán seoil i Ros Muc an tseachtain seo.

Beidh cainteanna agus imeachtaí siamsúla eile ar siúl i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Ar cheann de phríomhimeachtaí na féile tá ‘Díospóireacht Mhór na Gaeltachta agus na Gaeilge’ oíche Dé Sathairn ag 8in.

Is féidir teacht ar chlár na féile anseo.


2) OÍCHE AIRNEÁIL: ‘Aodán agus Irial Ó Ceallaigh/ Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste, Dé hAoine, an 29 Iúil ag 8.30in.

irialagusaodan

Beidh Aodán agus Irial Ó Ceallaigh i mbun amhránaíochta oíche Dé hAoine mar chuid de chlár siamsaíochta Scoil Samhraidh Mhic Reachtain.

Tá saorchead isteach ar an cheolchoirm seo.

Cuirfear deireadh leis an Scoil Samhraidh an oíche dar gcionn, tráth a mbeidh John Trotter, sár-snagcheoltóir, ar an stáitse. Doirse ag 8in.


3) ACLAÍOCHT: Seisiún aclaíochta Bróid/ Ionad Sláinte agus Aclaíochta ACLAÍ, Domhnach Broc, Corcaigh, Dé Sathairn, an 30 Iúil ag 10rn.

Pride

Mar cheiliúradh ar Sheachtain an Bhróid i gCorcaigh, tá seisiún aclaíochta saor in aisce á eagrú ag ACLAÍ.

Tá an seisiún feiliúnach le haghaidh daoine ar gach leibhéal agus cumas aclaíochta.

Is é Ainle Ó Cairealláin, colúnaí sláinte na hirise seo, a bheidh i mbun na ceardlainne.

Leanfar le turas chun an mhargadh feirme gar d’Aclaí le haghaidh rogha an bhia agus togha na dí.


4) FÉILE: ‘The Beatyard/ Caladh Dhún Laoghaire, 30-31 Iúil. 

jape

Tá deireadh seachtaine ceoil den scoth ag teacht aníos ag Féile Beatyard i nDún Laoghaire ina mbeidh leithéidí Charles Bradley, Boney M, Jape (thuas) agus Lee Scratch Perry ag seinm.

Tá neart ar siúl don chlann ar fad ag an fhéile seo, le himeachtaí ar leith ann do na páistí.


5) CEOL: ‘Dear Dark Mountain/ Áras Éanna, Inis Oírr, an 30 Iúil.

donalagussean

Bronnadh Gradam Ceoil TG4 ar na ceoltóirí Seán McElwain agus Dónal McCague as a mbailiúchán álainn d’fhoinn as ceantar Shliabh Beatha, Contae Mhuineacháin / oirthear Fhear Manach.

Our Dear Dark Mountain With The Sky Over is teideal an albaim, agus Dé Sathairn beidh Dónal McCague (veidhlín), Conor McCague (bainseó) agus Seán McElwain (giotár agus basúcaí) ag cur a rogha ceoil ón albam i láthair in Áras Éanna. Éist le blaisín den cheol anseo.


6) CEOL: Na CasaidighTeach Jack, Na Glaisigh, Doirí Beaga, Déardaoin, an 4 Lúnasa ag 8.30in.

casaidigh

Beidh dhá ghlúin de mhuintir cheolmhar Uí Chasaidigh ag seinm i nDoirí Beaga Déardaoin seo chugainn.

Bígí ag súil le seantiúineanna cóirithe as an nua agus saothar nuachumtha araon.
Cead isteach €10.