5 + 2 Imeacht Ghaelacha
ar siúl as seo go ceann seachtaine!

siamsa-rnag


1) OÍCHE GHRINN: GaelGÁIRÍ – Ná Luaigh an Ravelóid! / Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC, Dé Sathairn 21 Bealtaine, ag 9.30in.

Gael

Shhh!! Ná luaigh an Ravelóid!

Bíodh wellies oraibh nó ná bíodh, tá deireadh seachtaine ceoil agus spraoi fógartha ag Ravelóid sa Chathair a bheidh ar siúl in áit na féile samhraidh Ravelóid ar 10-11 Meitheamh.

Mar réamhtheachtaí ar an deireadh seachtaine beidh ardoíche i dteannta lucht GaelGÁIRÍ an Satharn seo i gClub an Chonartha, áit a ngealltar oíche mhór gáire agus cainte!

Tuilleadh eolais anseo.


2) DRÁMA: ‘Séanadh’ le Gearóid Ó Unfraidh, á léiriú ag Na Géanna Fiáine / Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, i mBéal Feirste, Dé hAoine, 20 Bealtaine agus in Áras Chrónáin, BÁC, Dé Sathairn, 21 Bealtaine.

Seanadh

Agus bliain an chomórtha ag imeacht léi cosa in airde, is dráma tráthúil é seo a phléann le himeachtaí comórtha an Éirí Amach agus leis an tionchar a imríonn an chogaíocht ar dhaoine amach sa saol.

Dráma le cliar de thriúr é seo atá á stiúradh ag Neasa Ní Chuanaigh. Bronnadh Gradam BBC Stewart Parker ar an dráma seo.

Léigh agallamh leis an stiúrthóir anseo.


3) FAOIN SPÉIR: Picnic na Bealtaine / Páirc Naomh Éanna, Músaem na bPiarsach, Rath Fearnáin, BÁC, Domhnach 22 Bealtaine.

picniccover

Níl mórán bealaí níos deise le huaireanta breátha an Domhnaigh a chur isteach ná sult a bhaint as scoth an bhia i measc Gael eile faoin ghrian ghliondrach, ahem, tá súil againn!

Tá picnic á heagrú ag Glór na nGael ón 12in go 4in ar an Domhnach beag seo i bPáirc Naomh Éanna, BÁC, agus beidh turas treoraithe trí Ghaeilge ar siúl ag 2in.

Imeacht saor in aisce é seo agus is féidir teagmháil a dhéanamh le noirin@glornangael.ie chun áit a chur in áirithe.


4) OÍCHE IMRAM: ÍDE NA TINE: Tionscadal Joni Mitchell le Caitríona Ó Leary agus a buíon / Amharclann Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, Dé Máirt 24 Bealtaine ag 8in.

Tá scothoíche cheoil á reáchtáil ag laochra IMRAM, mar chuid d’Fhéile Litríochta Bhaile Átha Cliath.

Déantar ceiliúradh sa taibhiú ilghnéitheach seo ar cheol Joni Mitchell, duine de chumadóirí móra amhrán a linne.

Sna liricí sárfhileata aici, pléitear téamaí an ghrá – an tnúth, an cumha, an ríméad, an domlas – chomh maith le ceisteanna móra sóisialta agus timpeallachta.

Léireoidh Tionscadal Joni Mitchell an chuid is fearr dá hamhráin ó Big Yellow Taxi, Woodstock is Both Sides Now go dtí The Jungle Line agus God Must Be a Boogie Man.

Idir an dá linn, tugaigí cluas le leagan galánta Caitríona O’Leary den amhrán ‘All I Want’ le Joni Mitchell. Ticéad: €10 /€8


5) OÍCHE CHEILIÚRTHA: Siamsaíocht@6! / Amharclann Theach Cathrach Chúirt an Phaoraigh, BÁC, Déardaoin 26 Bealtaine, ag 6in.

Zoe

Cuirfear críoch spleodrach le sraith reatha de ‘Siamsaíocht@6!’, ceolchoirmeacha míosúla a reáchtálann Gael Linn.

Is iad ceoltóirí clúiteacha Oirialla, an fidléir Zoe Conway agus a fear céile, an giotáraí John McIntyre, mar aon le hEnda Reilly, cumadóir agus amhránaí ó Bhaile Átha Cliath, a bheidh ar stáitse.

Níl ach líon beag ticéad fágtha, ar chostas €15 an ceann, agus beidh blaisíní bia san áireamh. Gach eolas ó Niamh de Búrca ag Gael Linn.


6) LÉACHT: ‘Cad is Saoirse Náisiúnta Ann?’ / Áras Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2, 26 Bealtaine, 7.30in – 10in.

Alan

Is ceist mhór í cheist na saoirse náisiúnta i mbliana agus is ceist í a mbeidh Alan Titley, staraí agus scríbhneoir aitheanta, á cíoradh ina léacht atá beartaithe Déardaoin 26 Bealtaine, san ardchathair.

Cuirfear sólaistí ar fáil ar an oíche.

Cuir scéal chuig ccheilteach@gmail.com más spéis leat a bheith i láthair.


7) FÉILE SCANNÁIN: Féile Scannán na Réabhlóide / Cois Fharraige, Indreabhán,Conamara, Gaillimh 27 – 29 Bealtaine

Feile

Le go mbeadh sibh ullmhaithe chun bhur mbealach a dhéanamh go dtí an t-iarthar, is mian linn go mbeadh sibh ar an airdeall faoi fhéile den scoth atá ag titim amach in Indreabhán ag deireadh na míosa.

23 scannán ar fad a bheidh á dtaispeáint thar trí lá na féile, scannáin a bhaineann le hÉirí Amach na Cásca 1916 agus le réabhlóidí eile ar fud na cruinne.

Beidh Bob Quinn i láthair ag an ócáid, a stiúir an chéad fhadscannán as Gaeilge a rinneadh ariamh, Poitín, atá ar na scannáin is tábhachtaí i stair scannánaíochta na hÉireann.

Léigh níos mó faoi anseo agus tá an clár iomlán ar fáil ó www.clubscannan.ie.

Bíodh deireadh seachtain den scoth agaibh! HUP!