5 + 2 Imeacht Ghaelacha
ar siúl as seo go ceann seachtaine!

1) FÉILE: Deireadh Seachtaine Ceoil Thraidisiúnta agus Rince Seit/ Inis Bó Finne, Gaillimh, 23 – 25 Meán Fómhair.

damhsa

Beidh spraoi ar Inis Bó Finne ag an deireadh seachtaine le togha na gceoltóirí Gaelacha a bheas ag tabhairt aghaidh ar an oileán.

I measc na réalta ceolmhara beidh Dessie O’Halloran, Meaití Jo Shéamais agus Johnny Connolly.

Seolfaidh na deirfiúracha McKeaney a gcnuasach nua oíche Dé hAoine sa Beach Bar agus beidh ceardlanna damhsa seit ar siúl thar an deireadh seachtaine.


2) MEITHEAL: ‘Meitheal Misneach/ Ráth Chairn, an Mhí, 23 – 25 Meán Fómhair.

misneach

Tiocfaidh díograiseoirí Misneach le chéile an deireadh seachtaine seo i Ráth Chairn glas na Mí chun plé a dhéanamh ar na dúshláin atá le sárú ag pobal na Gaeilge.

Áit a mbíonn lucht Misneach, bígí ag súil le neart craic agus ceol chomh maith, mar tá a fhios ag an dream seo conas cóisir mhaith a chur sa tsiúl.

Tá fáilte roimh chách.


3) COMHDHÁIL: ‘Pádraig Mac Piarais: Oide / Músaem na bPiarsach, Ráth Fearnáin, Dé Sathairn, an 24 Meán Fómhair, 11am.

padraig

Pléifear oidhreacht Scoil Éanna agus fealsúnacht chuimsitheach oideachais an Phiarsaigh ag an gcomhdháil lae seo.

Céard iad na smaointe a raibh an tionchar is mó acu ar an bPiarsach?

Conas a chuir sé an smaointeoireacht sin i bhfeidhm?

An raibh tionchar aige ar pholasaithe an stáit nua i leith an oideachais tar éis 1922?

Beidh na freagraí ag painéal breá de chainteoirí ildánacha, ina measc Séamus Ó Buachalla, údar The Educational Writings of P.H. Pearse; Róisín Ní Ghairbhí, a scríobh 16 Lives: Willie Pearse; agus Fionntán de Brún, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge, Ollscoil Uladh.


4) OÍCHE SHÓISIALTA: ‘ACLAÍ – Sláinte agus Aclaíocht‘ / Corcaigh, Dé Céadaoin, an 28 Meán Fómhair ag 8in.

aclai

Oíche do Ghaeil aclaí Chorcaí a bheidh anseo, agus deis ag daoine teacht agus píosa craic a bheidh acu agus roinnt cluichí a himirt inár dteanga dhúchais.

Eagraíonn an grúpa ACLAÍ imeachtaí agus traenáil do dhaoine ar gach leibhéal agus de gach cumas.

Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge chun teacht chuig an imeacht sóisialta seo, ach is deis mhaith é chun tabhairt faoi cibé Gaeilge atá agat a úsáid i dtimpeallacht chairdiúil!


5) CLUB LEABHAR: ‘Ár nOchtú Cruinniú is Fiche’/ Ionad Ghaeil Nua-Eabhrac, Cathair Long Island, Nua-Eabhrac, Dé Sathairn, an 24 Meán Fómhair ag 2in.

cludach

Dár gcairde Gaeil thar lear i Nua-Eabhrac beidh cruinniú ag Club Leabhar Nua Eabhrac ina bpléifear an leabhar Éagóir: Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna, le Seán Ó Cuirreáin.

Is scéal corraitheach tragóideach é seo bunaithe ar dhúnmharuithe i Mám Trasna in 1882.

Baineann croí an scéil le ciontú éagórach agus príosún saoil a bheith gearrtha ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige.

Is scéal é fós a chuireann ina luí ar dhaoine na deacrachtaí a bhain le bheith i do chainteoir dúchais Gaeilge ag an am sin sa stair.


6) ‘Oireachtas Chois Fharraige’/ Ceantar Chois Fharraige, Indreabhán agus an Spidéal, Conamara as seo go dtí an 25 Meán Fómhair.

caithreim

Beidh neart ceoil agus drámaíochta ar siúl i gceantar Chois Fharraige agus mion-oireachtas na bliana faoi lán seoil.

I measc na mbuaicphointí sa chlár tá an seó Mac Piarais i bPictiúr le Fíbín a bheas ar siúl oíche Dé hAoine.

An oíche chéanna beidh deis ag daoine freastal ar Caithréim, ceolchoirm le Síle Denvir bunaithe ar cheol agus ar amhráin an Phiarsaigh.

Dé Domhnaigh ansin, beidh an dráma Boicíní Bhóthar Kilburn ar ais ar an stáitse san Iarthar.

Is aistriúchán é an dráma seo de The Kings of the Kilburn High Road le Jimmy Murphy agus ba é Micheál Ó Conghaile a chuir Gaeilge air.

Tá an dráma léirithe ag go leor cumann drámaíochta thar na blianta – i nGaeilge agus i mBéarla – agus thug Aisteoirí an Spidéil faoi ag deireadh na bliana seo caite.


7) FUAIM LE FOCAIL: ‘Reic / Ionad Ealaíon an Crescent, Béal Feirste, Déardaoin, an 29 Meán Fómhair ag 7.30in.

reiceile

Tar éis samhradh gnóthach ag an oíche filíochta, cheoil agus rapcheoil ‘REIC’ a bheith ar camchuairt san Iarthar agus ag an bPicnic Leictreach, is deas linn a fhógairt go mbeidh na reacairí ag tabhairt a n-aghaidhe ó thuaidh Dé hAoine seo chugainn.

I measc na n-aíonna a bheidh páirteach i siamsa ilteangach na hoíche tá Philip Cummings, Colin Hassard agus Naoise Ó Cairealláin.

Anuas air sin, beidh ceol le cloisteáil ón amhránaí aitheanta J.j. Ó Dochartaigh as Doire agus ó Justyna Kosmulska as an Pholainn.

Beidh neart daoine eile ag léamh agus ag ceol agus beidh fáilte roimh an lucht éisteachta seal a chaitheamh ar an maidhc oscailte ar an oíche.

Cuimhnígí ar bhur ndeochanna féin a thabhairt libh! #BYOB.

Bíodh deireadh seachtaine den scoth agaibh, a Nósadóirí! Hup!