5 Bhuaicphointe SnaG17
Féile i bhFaiche Stiabhna, Cosmos sa chaisleán, Clann Lir & go leor eile!

Agus tús curtha le Seachtain na Gaeilge 2017 inniu, labhair muid le hOrlaith Nic Ghearailt, ó Sheachtain na Gaeilge, le fáil amach faoi na himeachtaí iontacha a bheas ar siúl as seo go dtí an 17 Márta! An Ghaeilge Abú!


1: ‘Spraoi na Seachtaine‘/Faiche Stiabhna, BÁC, Dé Sathairn 4 Márta ag 11rn.

Beidh lá den scoth ag na Gaeil ar Fhaiche Stiabhna Dé Sathairn i dteannta Seo Linn, Kíla, John Spillane agus go leor eile.

Mórcheiliúradh SnaG is ea í seo i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Beidh neart ceoil agus siamsaíocht eile (Reic, Ióga, ceardlanna amhránaíochta agus damhsa ar an Seán-Nós) ar siúl ar na ceithre ardán, a rachaidh i bhfeidhm ar óg agus aosta araon.

2. Lá na Meán Sóisialta/Ar fud an domhain, Déardaoin 16 Márta

Tá pobal mór Gaeilgeoirí ar líne agus den chéad uair tá Seachtain na Gaeilge ag iarraidh na giolcairí Gaeilge a spreagadh le bheith gníomhach ar lá áirithe, Déardaoin 16 Márta.

Táthar ag súil go meallfar daoine as achan choirneál den chruinne le bheith páirteach sa chomhrá!

Abair linn cá bhfuil sibh?

Tá muid ag iarraidh cloisteáil uaibh! #LNMS17


3. OÍCHEANTA SÓISIALTA: Pop-Up Gaelacht/fud fad an domhain le linn na féile

Tá deacair creidmheáil nárbh ann don Phop up Gaeltacht an t-am seo anuraidh!

I mbliana, tá áthas ar lucht Sheachtain na Gaeilge go bhfuil na Gaeil ag tapú na deise chun oíche shóisialta a reáchtáil ina gceantar féin.

Agus imeachtaí fógartha cheana féin i gCeanada, Corcaigh, Hong Cong agus Leitir Ceannain, is cinnte go mbeidh tuilleadh imeachtaí ag preabadh chun cinn roimh dheireadh na féile. Hup!


4. DRÁMA: Clann Lir/Á léiriú ag Fíbín, san iarthar.

Beidh leagan nua de Clann Lir, atá léirithe ag Fíbín i gcomhar le hÁras Inis Gluaire, ar an bhóthar san iarthar le linn Sheachtain na Gaeilge.

Scéal mór is ea é Clann Lir ón bhéaloideas faoi cheathrar páistí ar cuireadh draíocht orthu agus a iompaíodh ina n-ealaí. Is léiriú thar a bheith físiúil é seo, faoi stiúir Brendan Murray, a tharraingíonn ceol, damhsa, scéalaíocht agus ealaín le Dara McGee le chéile.


5. Cosmos ag an Chaisleán – Faoi na Réaltaí/ Réadlann na Dúcharraige, Corcaigh

Is iomaí imeacht a bheidh ar siúl ag an réadlann le linn Sheachtain na Gaeilge 2017, ina measc taispeántas pláinéadlainne agus turais oidhreachta Chaisleán Baile Fearainn.

Gach lá den tseachtain ag a 1.30in agus 2in, as seo go dtí an 17 Márta, beidh imeacht speisialta ann i nGaeilge!

Seachtain na Gaeilge Shona daoibh go léir!