5 Imeacht Ghaelacha
ar siúl as seo go ceann seachtaine!

1) FÉILE: ‘Sean-Nós Cois Life’ / Club na Múinteoirí, 36 Cearnóg Pharnell & ionaid eile timpeall na cathrach, BÁC 1, 15 – 17 Aibreán

seannos

Cuirfear tús binn le Sean-Nós Cois Life i gClub na Múinteoirí san oíche amárach ag 9in le seisiún amhránaíochta, ceoil agus rince.

Is féile í seo a dhéanann ceiliúradh ar an Sean-Nós agus a thugann deis do dhaoine amhráin sa stíl dhúchasach a fhoghlaim agus a chasadh.

Ar cheann de bhuaicphointí an deireadh seachtaine, bronnfar ‘Gradam Shean-Nós Cois Life’ ar Pheadar Ó Ceannabháin (Conamara agus Baile Átha Cliath) oíche Shathairn, ag 9in, agus leanfar le seisiún mór ceoil.

Tá fáilte roimh chách!

Tuilleadh eolais anseo.


2) TAISPEÁINT SCANNÁIN: ‘Mise Éire’ / Club Scannán an Phiarsaigh, 27 Sráid an Phiarsaigh BÁC 2, Dé hAoine, 15 Aibreán, ag 7in

MiseEireheader

Mar chuid de chlár comórtha 1916, tá an scannán clasaiceach le George Morrison Mise Éire á thaispeáint i dteannta cheolfhoireann RTÉ, a chuirfidh scóráil aitheanta Sheáin Uí Riada i láthair.

In 1960 sheol Gael Linn an scannán tostach iomráiteach seo, a rianaigh stair na hÉireann ó 1890 go dtí 1917.

Úsáideadh nuachtríleanna, ábhair chomhaimseartha eile agus fuaimrian álainn in insint an scéil.

Meastar nár eisíodh riamh in Éirinn scannán ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar an mhórphobal ná Mise Éire.

Seo é an dara hoíche scannáin atá á reáchtáil ag Club Scannán an Phiarsaigh ó tosaíodh é an mhí seo caite. HUP!

Tuilleadh eolais anseo.


3) COMÓRTAS CEOIL: ‘Siansa Gael Linn 2016’ / An Ceoláras Náisiúnta, Ardán Phort an Iarla, BÁC, An Domhnach 17 Aibreán, ag 7.30in

GlorMayo

Beidh ocht ngrúpa ceoil san iomaíocht i gcath ceoil na bliana, aka ‘Craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2016’ sa Cheoláras Náisiúnta an Domhnach beag seo.

Seinnfidh gach grúpa a rogha féin de cheol traidisiúnta atá cóirithe go speisialta ag na baill, agus beidh amhráin as Gaeilge le cloisteáil uathu chomh maith.

Bíonn i gcónaí ard-atmaisféar agus slua mór i láthair don fhéasta ceoil agus beidh an cheolchoirm á craoladh beo ag Áine Hennessy ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 7.30in ar an oíche.

Craolfar clár speisialta faoi Siansa Gael Linn 2016 ar TG4 ar an Luan 2 Bealtaine ag 5.25in chomh maith.

Tuilleadh eolais anseo.


4) SEOLADH ALBAIM: ‘Réalta’ / An Droichead, Béal Feirste, Dé Sathairn 16 Aibreán ag 8.00in

Realta

Beidh albam úrnua á sheoladh ag na Feirstigh ardfhuinnimh Réalta, an Domhnach beag seo ina gcathair dhúchais.

Clear Skies an t-ainm atá ar an albam nua ón ghrúpa óg seo a bhfuil clú agus cáil ar a gcuid ceoil.

Bíodh ag súil le níos mó na seit píoba amháin, feadóga ísle agus iad á dtionlacan ag scoth an ghiotáraí Deirdre Galway!

Cead isteach €10. Tuilleadh eolais anseo.


5) CEOLCHOIRM: ‘Ceiliúradh Ceoil RnaG’ / Óstán Lawlor’s i nDún Garbhán, Port Láirge, Déardaoin 21 Aibreán ag 7in

Nell

Beidh scoth na ceolchoirme á reáchtáil ag Raidió na Gaeltachta Déardaoin seo chugainn le linn Fhéile na Meán Ceilteach i nDún Garbhán.

I measc na gceoltóirí a bheidh ar ardán le linn na hoíche, beidh Danú, Cór Fear na nDéise, Nuadán, Edel Fox agus neart eile.

Oíche na ceolchoirme, craolfar beo í ar stáisiún na nGael ó 7in.

Tuilleadh eolais anseo.