5+ imeacht Ghaelacha
ar siúl as seo go ceann tamaill!

1) CEOLCHOIRM: ‘Daddy Long Legs’/ Tigh Hiúdaí, Gaoth Dobhair, Déardaoin, 9 Meitheamh ag a 10in.

daddy

Tá meas mór ar na leaids seo ag lucht féachana rac i Nua-Eabhrac agus níos faide i gcéin.

Chomh maith le scoth na ngormacha, baineann scéal suimiúil leis an gceolchoirm seo.

Cé gurb é seo an chéad uair dóibh a bheith ag seinm i nGaoth Dobhair, tá nasc ag an ghrúpa leis an cheantar a théann i bhfad siar.

Is ann a rugadh sin-seanathair leis an phríomhamhránaí, Brian Hurd.

Ba é Donnchadh Mac Giolla Bhrighde, nó Denis McBride mar a b’fhearr aithne air, sin-seanathair Brian Hurd.

Chuaigh sé sall go Meiriceá i 1906 agus chuir sé faoi sa deireadh in St Louis, Missourí, áit ar fhás Brian aníos.

Agus an banna ag socrú dátaí don chamchuairt idirnáisiúnta atá ar bun acu faoi láthair, bhí sé tábhachtach do Brian go háirithe go ndéanfadh siad ceolchoirm i nGaoth Dobhair.

Tá Na Daddy Long Legs ag súil le haithne a chur ar Ghaeil Ghaoth Dobair agus cuirfidh siad fáilte speisialta roimh aon eolas ar mhuintir Brian.


2) CEOLCHOIRM: ‘Pablo Y Lola’/ An Lab, Sráid Eoin, an Daingean, Dé Sathairn, 11 Meitheamh ag 8in.

Papble

Is as Buenos Aires na hAirgintíne do Pablo Y Lola agus is sa stíl thraidisiúnta Airgintíneach a bhíonn siad ag seinm.

Tabharfaidh siad píosa den Airgintín leo go dtí an Daingean don cheolchoirm seo ina gcanfaidh siad a gcuid amhrán féin agus leaganacha d’amhráin mhóra na hAirgintíne le leithéidí Mercedes Sosa agus Atahualpa Yupanqui.

Beidh dhá cheolchoirm acu chomh maith i gContae an Chláir, in Ionad Ealaíon Chill Chisín ar an 18ú Meitheamh, agus ag Féile Latino 2016 in Inis Díomáin ar an 25ú lá den mhí seo.


3) SCUAIBÍN: ‘Scuaibín Euro 16 le Gaeil na Gaillimhe, CLG’/ Áras na nGael, Gaillimh, Dé Luain, 13 Meitheamh ag 5in.

Scuab

‘Céard sa diabhal é scuaibín?’ Cloisim thú á rá.

Ionas nach gcuirfidh tú do chuid ama amú ag tóraíocht san foclóir, ‘sweepstake’ atá i gceist.

Seans go raibh a fhios sin agat cheana féin más duine spórtúil thú nó má tá fáinne óir na Gaeilge ag lonrú go geal ar do chliabhrach!

Ta cumann peile Gaeilge ar an fhód i nGaillimh ó bhí mí Eanáir ann – Gaeil na Gaillimhe.

Bíonn siad ag traenáil gach Máirt agus Déardaoin ó 7in ar aghaidh ar pháirc peile an Chladaigh i nGaillimh, agus tá fáilte roimh chách. Ní gá go mbeadh taithí agat ar pheil a imirt le páirt a ghlacadh.

Beidh cluiche na hÉireann in aghaidh na Sualainne á thaispeáint beo oíche Dé Luain agus beidh deis ann €200 agus duaiseanna eile a bhuachan.

Is deis atá ann fosta tacú leis an fhoireann óg spreagúil seo.

Ticéad: €5.50. Tuilleadh eolais anseo.


4) SCANNÁN: Taispeántas Splanc 2016 /Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe,Dé Sathairn, 18 Meitheamh, ó 11.30rn ar aghaidh

cineam

Mar chuid de chlár imeachtaí ‘100 Bliain Scannánaíochta: Gearrscannáin Éireannacha’, beidh taispeántas ann de 8 scannán nua as Gaeilge atá coimisiúnaithe ag TG4 agus ag an Chomhairle Ealaíon.

Rinneadh na gearrscannáin seo mar chuid den scéim ‘Splanc’ a dhíríonn ar an nasc idir muintir na hÉireann agus na healaíona.

Tá éagsúlacht mhór ábhar ann agus is é seo an chéad uair a bhfuil na hocht scannán á dtaispeáint le chéile.

Saorchead isteach. Léigh tuilleadh faoi na scannáin anseo.


5) FÉILTE: Ravelóid sa Chathair /Féile na Gealaí / Bréaglóid: áiteanna éagsúla an deireadh seachtaine seo!  

DCIM101GOPRO

Tá roghanna go leor ann do na Gaeil an deireadh seachtaine seo ó thaobh féilte ceoil de.
Seo roinnt imeachtaí atá luaite againn cheana, ach cén dochar meabhrúchán beag a thabhairt agus an t-am anois buailte linn!

BÁC: Cuirfear tús le Ravelóid sa Chathair anocht le GaelGÁIRÍ, agus leanfar ar aghaidh le trí lá d’imeachtaí. Beidh ceol i gClub an Chonartha Dé Sathairn. Beidh ceoltóirí óga atá ag teacht chun cinn – Eve Belle agus Dysania ina measc – orthu siúd a bheidh ar an ardán. Tá Spats Colombo aitheanta as a gcuid fuinnimh spleodraigh ar stáitse agus is cinnte go meallfaidh siad slua mór.

Beidh meascán mearaí de cheolta eile ann fosta, le cór na Trinitones, amhránaithe sean-nóis agus tuilleadh.

Beidh neart imeachtaí ann i rith an lae chomh maith, ina measc ióga, ealaín, ceol agus ceardlann ghníomhaíochtaí.

Faraor, tá ceolchoirm na hAoine le Seo Linn, Kíla, Mundy agus eile díolta amach cheana féin.

RÁTH CHAIRN: Beidh na Gaeil ag tabhairt aghaidhe ar Fhéile na Gealaí, féile cheoil agus champála atá ar siúl i Ráth Chairn Ghlas na Mí ón lá amárach ar aghaidh chomh maith agus fáilte roimh chách deireadh seachtaine sultmhar a chaitheamh ann.

Is iad Boss Sound Manifesto príomhcheoltóirí na féile.

Tá clár iontach curtha le chéile ag an lucht eagraithe in achar gairid, Emma Ní Fhíoruisce ina measc.

Ní bheidh díomá ort má bheartaíonn tú an t-aistear a dhéanamh! Ticéad: €25 Tuilleadh sonraí anseo.

BÉAL FEIRSTE: Dóibh siúd ó thuaidh, beidh Oíche Ska Ghaelaigh agus Cheoil Réige ar siúl i mBéal Feirste le lucht na Bréaglóide!

Cuir ort péire bróg a dtig leat damhsa gan stad iontu!