5 Imeacht Ghaelacha
ar siúl as seo go ceann tamaill!

1) TIONÓL: ‘Tionól Gaeltachta/Ionad an Phiarsaigh, Ros Muc, Conamara, Gaillimh, 30 Meitheamh – 2 Iúil.

tionol

Tá tús curtha le Tionól Gaeltachta 2016 i Ros Muc, Conamara, agus leanfar le deireadh seachtaine de chainteanna suimiúla agus de shiamsaíocht!

Inniu, beidh turais threoraithe ar siúl ina dtabharfar cuairt ar na hionaid éagsúla sa pharóiste atá ceangailte le Pádraig Mac Piarais agus Éirí Amach na Cásca.

An Piarsach a bheas faoi chaibidil freisin ag an seimineár oscailte ‘Plé 16: An Ghaeltacht agus Athbheochan na Gaeilge’ in Ionad Cuimhneacháin an Phiarsaigh ar 8.00in anocht.

Tá muintir Chonamara millte an deireadh seachtaine seo agus Féile na mBád, Cill Chiaráin, ar siúl freisin.

Anuas ar na comórtais bháid, beidh óg agus aosta i mbun ceoil, rince agus amhránaíochta.


2) FÉILE: ‘Traidphicnic/Ionaid éagsúla, An Spidéal, Gaillimh, 1-3 Iúil.

Kila

Is é an Spidéal an áit le bheith má tá tú san iarthar an deireadh seachtaine seo óir beidh féasta ceoil den scoth ann.

Is dual don fhéile ceoltóirí ó chuile chearn na tíre a mhealladh chuig an phicnic cheolmhar seo, agus tá clár siamsaíochta spleodrach curtha le chéile ag lucht eagraithe na féile arís i mbliana.

Noel Hill agus Steve Cooney a chuirfidh tús leis an chéad cheolchoirm Dé hAoine, agus leanfar le scoth an cheoil ó Kíla, Clann Uí hIarnáin agus Don Stiffe.

Beidh ceolchoirm speisialta ann Dé Sathairn ag díriú ar cheol Paddy Fahy, agus beidh ceardlanna ar siúl a bhaineann le huirlisí éagsúla an lá céanna.

Deis iontach atá ann cuairt a thabhairt ar an Spidéal agus blaiseadh a fháil ar thogha ceoil an cheantair!


3) TAISPEÁNTAS: ‘Taispeántas an tSamhraidh’ le Brian Seoighe agus ‘Faoi Dhraíocht ag Ceol na Farraige’ le hÁine Ní Chíobháin/Áras Éanna, Inis Oírr, go dtí mí Dheireadh Fómhair.

old camera
Beidh dhá thaispeántas iontacha ar siúl in Áras Éanna go ceann tamaill ar fiú cuairt a thabhairt orthu.

Díríonn ‘Taispeántas an tSamhraidh’ ar shaothar le Brian Seoighe, Árannach a bhí páirteach in Éirí Amach 1916 in Ard-Oifig an Phoist.

D’fhreastail Brian ar Scoil Éanna, scoil réabhlóideach a bhunaigh Pádraig Mac Piarais.

Tá a shaol curtha in láthair i ngrianghraif agus tá scoláirí eile a d’fhreastail ar Scoil Éanna le feiceáil sa taispeántas fosta.

Anuas air sin, beidh taispeántas Áine Ní Chíobháin ag oscailt Dé Sathairn in Áras Éanna agus
beidh oíche den scoth ann le ceol ó Chian Ó Cíobháin in Óstán Inis Oírr tar éis na hoscailte.


4) SCOIL SAMHRAIDH: ‘Cúrsa Raidió don Aos Óg/ Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, 4-7 Iúil.

radio
Seo cúrsaí do dhaoine óga idir 13 agus 18 mbliana d’aois a bhfuil suim acu sa chraoltóireacht.

Beidh eagarthóireacht fuaime agus cumadh agus eagarthóireacht cheoil idir lámha ag na rannpháirtithe fosta.

Tá an cúrsa seo eagraithe ag Raidió Fáilte agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, agus is deis iontach é do dhaoine foghlaim faoi cheird na craoltóireachta agus bualadh le daoine atá ag obair san earnáil cheoil agus raidió.

Buaicphointe na seachtaine ná ceolchoirm a bheidh ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, eagraithe agus taifeadta ag na rannpháirtithe.

Beidh an cheolchoirm á craoladh ar Raidió Fáilte 107.1FM.


5) DRÁMA: ‘Fornocht Do Chonac’ Le hEoghan Ó Tuairisc/ Taibhdhearc na Gaillimhe, An tSráid Lár, Gaillimh, 7 – 16 Iúil ag a 8in.

Is léiriú ilmheáin é seo de chuid na Taibhdheirce a phléann le hoidhreacht Phádraig Mhic Phiarais.

Cuireadh an dráma seo ar stáitse den chéad uair thiar i 1979.

Dráma thar a bheith suimiúil do lucht féachana Gaelach atá ann a cheistíonn oidhreacht an Phiarsaigh, maith agus olc.

Cliar triúir atá sa dráma: Micheál Ó Dubhghaill, Gráinne Bleasdale agus Doireann Ní Fhoighil.

Ticéad: €12- €18

Bainigí súp as an deireadh seachtaine a chairde!