5 + Imeacht Ghaelacha
ar siúl as seo go ceann tamaill!

1) FÉILE SCANNÁN: Fleadh Scannán na Gaillimhe/ Ar fud chathair na Gaillimhe, go dtí an 10 Iúil.

ad

Cainteanna, réamhléirithe, agallaimh le déantóirí scannán agus scannáin go leor ann go mbeidh ort tú féin a chlónáil faoi thrí leis an uile cheann acu a fheiceáil.

Tá roinnt imeachtaí sa chlár a rachaidh chun sásaimh do na Gaeil go háirithe, ina measc Fís na Fuiseoige a bheas á thaispeáint amárach, an Aoine, an 8ú Iúil ag 11.30in i Stiúideo Halla na Cathrach.

Faoi stiúir Aodha Uí Choileáin, tá cineamatagrafaíocht speisialta a taifeadadh ón aer thar thréimhse bliana le feiceáil sa scannán seo.

Tríd an fhilíocht agus a bhfuil le feiceáil ann, fiosraítear an nasc atá ag daoine lena dtírdhreach.

Chomh maith leis sin, beidh Deargdhúil: Anatomy of Passion (thuas) á thaispeáint ag 2.30in an lá sin sa teach chéanna.

Breathnaíonn an scannán seo ar shaol an mhórfhile Máire Mhac an tSaoi agus tá ardmholadh faighte aige ó léirmheastóirí.


2) SEAN-NÓS AGUS FILÍOCHT: Oíche Cheoil na nGael/ An tSean-Bheairic, an Fál Carrach, Dún na nGall, an Aoine, 8 Iúil, 8in.

Eoghan

Tiocfaidh cuid de na filí, ceoltóirí agus reacairí is nuálaí sa saol Ghaelach le chéile i nGaoth Dobhair Dé hAoine mar chuid d’Fhéile Ealaíon an Earagail.

Beidh filí agus amhránaithe as Éirinn agus Albain ag tabhairt a léiriú spreagúil féin ar an traidisiún óna síolraíonn siad.

Is é Eoghan Mac Giolla Bhrighde a bheidh mar fhear an tí ar an oíche agus beidh Joy Dunlop, Pádraig Mac Aoidh agus Séamas Barra Ó Súilleabháin ina measc siúd a bheas i mbun éigse agus ceoil.

Tá an t-imeacht seo mar chuid d’Fhéile Ealaíon an Earagail a bheidh ar siúl ón 8-24ú Iúil ar fud Dhún na nGall.


3) DRÁMA: ‘Le Bánú an Lae’ le hAisteoirí Ghaoth Dobhair/ An Grianán, Litir Ceannainn, Dé Domhnaigh, 10 Iúil ag 8in.

aisteori

Suite in aimsir Chogadh na Saoirse, díríonn an dráma seo ar na hathruithe a thit amach sa tír tar éis Éirí Amach 1916.

Léiríonn sé an tionchar a bhí ag imeachtaí sóisialta agus polaitíochta na linne ar Éirinn i gcoitinne agus ar a pobal ionúin.

Drámadóir as an áit, Tomás Mac Giolla Bhrighde, a chum an dráma, agus is é Eoghan Mac
Giolla Bhrighde, mac an drámadóra, atá ina stiúrthóir ar an léiriú seo agus 11 aisteoir faoina stiúir aige.

Ar dhuine de na haisteoirí sin tá Áine Ní Bhreisleáin, clár-reachtaire le RTÉ RnaG sna Doirí Beaga, atá i bpáirt bhean Munro!

€12/€10 ar thicéad.


4) FÉILE: Scoil Samhraidh Willie Clancy/ Sráid na Cathrach, Contae an Chláir, go dtí 10 Iúil.

WillieIs imeacht mór é seo san fhéilire go háirithe dóibh siúd atá tógtha leis an trad.

Bhí ranganna ar siúl i gcaitheamh na seachtaine agus beidh na sluaite ag bailiú ann ag an deireadh seachtaine le cluas a thabhairt do chuid de na ceoltóirí is fearr sa tír.

Beidh ceolchoirm chuimhneacháin ar Mhuiris Ó Rócháin ann.

Ba é bainisteoir na féile é agus ba Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge é fosta tráth.

Cuirfidh Aifreann i nGaeilge le Cór Chúil Aodha Dé Domhnaigh clabhsúr leis an bhféile.

5) FÉILE EALAÍON: Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe/ Ar fud chathair na Gaillimhe, 11-24 Iúil.

IMG

Cuirfear tús le ceann de bhuaicphointí i bhféilire ealaíon na Gaillimhe Dé Luain, agus tá clár spleodrach d’imeachtaí leagtha amach a leanfaidh go dtí an 24ú Iúil.

Sa Big Top i mbliana beidh The Gloaming, Lisa O’Neill (thuas) agus Suede, mar aon le neart eile nach iad.

Is am iontach é le cuairt a thabhairt ar Chathair na dTreabh agus bíonn scoth atmaisféir le brath ar fud na cathrach.

Mar a tharlaíonn gach bliain, tá cuid de na mórimeachtaí díolta amach cheana féin, mar sin b’fhiú súil a chaitheamh ar an chlár imeachtaí agus do thicéid a cheannach gan mórán moille.

Cuirfear tús anocht le léiriú na Taibhdheirce don fhéile ealaíon, Fornocht do Chonac le réamhléiriú ag 8in.

Beidh sé ar siúl go dtí an 16 Iúil.


6) FÉILE CHEOIL: ‘Townlands Carnival/ Maigh Chromtha, Corcaigh, 8-11ú Iúil.

andiasBeidh cuid de shárcheoltóirí na tíre i láthair ag an fhéile cheoil óg seo ag an deireadh seachtaine.

Ina measc tá Cúla Búla, Aindrias de Staic agus na Latchikos agus Daithí.

Tá neart ceoil eile, cainteanna agus léirithe éagsúla ar siúl agus tá ticéid fós ar fáil!

Féile spreagúil nua í seo atá ag baint clú agus cáil amach i measc lucht na bhféilte cheana féin.

Bainigí súp as an deireadh seachtaine! Hup!