5 Imeacht Ghaelacha
ar siúl as seo go ceann tamaill!

1) FÉILE LITRÍOCHTA: IMRAM /Ionaid éagsúla i gcathair Bhaile Átha Cliath, 6-21 Deireadh Fómhair.

imle

Tá clú agus cáil ar IMRAM, féile litríochta Gaeilge, as scoth na n-imeachtaí a chur sa tsiúl a thugann ardán úr dár dteanga álainn.

Cuireadh tús le clár na bliana seo inniu agus is fíor a rá go mbeidh muintir na hardchathrach millte ar fad leis an méid a bheidh ag titim amach as seo go ceann deich lá eile.

I measc na seod sa chlár an deireadh seachtaine seo tá mór-oíche cheoil agus filíochta le hIMLÉ agus réaltaí eile i gCúlstáitse Tivoli Dé Sathairn an 8 Deireadh Fómhair ag 8.30in.

Deis iontach atá ann cuid d’albam úr IMLÉ a chlos beo roimh an seoladh ag deireadh na míosa.

Don té nach bhfuil eolach ar an méid a bheas ar siúl mar chuid d’Fhéile IMRAM i mbliana, tá 10 n-imeacht roghnaithe ag Eoin P Ó Murchú agus an chuid is fearr den fhéile san áireamh aige.


2) ÉIGSE: ‘Éigse Oirialla / Óstán Granvue,Ó Méith, Co. Lú, 7 – 9 Deireadh Fómhair.

zoe

San Oirdheisceart, den dara bliain as a chéile, tá Éigse Oirialla á reáchtáil in Óstán Granvue in Ó Méith chun ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht shaibhir Ghaelach an cheantair.

I measc na gceoltóirí a bheidh páirteach i scléip an deireadh seachtaine tá an fidléir aitheanta Zoe Conway (thuas), Clann Uí Chonchubhair, Seán McElwaine agus Dónal McCague.

Léigh tuilleadh faoi anseo.


3) FÉILE: ‘An Áit Eile / Áras na nGael agus Ionad Ealaíon na Gaillimhe, 8 – 9 Deireadh Fómhair.

spats

Dóibh siúd san Iarthar, tá féile chultúir dhá lá á reáchtáil i nGaillimh den chéad uair le healaíontóirí, ceoltóirí agus scannánóirí na cathrach.

‘An Áit Eile’ is ainm don fhéile nua seo agus is é is aidhm léi ceiliúradh a dhéanamh ar phobal áitiúil cruthaitheach na Gaillimhe.

Chuige sin, beidh ióga, cluichí ríomhaireachta, taispeántais, scannáin agus neart eile ar siúl i rith an lae in Áras na nGael agus san Ionad Ealaíon béal dorais i rith an deireadh seachtaine uilig.

Istoíche rachaidh bannaí éagsúla atá lonnaithe i nGaillimh ar an stáitse san Áras.

Seolfaidh an grúpa Spats Colombo a EP nua Caught in A Blind oíche Dé Domhnaigh ag 10in.

Léigh agallamh le Caroline ón mbanna anseo.

Tá saorchead isteach i rith an lae, agus gearrfar €10 san oíche. Is féidir ticéad deireadh seachtaine a fháil ar €17.

Rachaidh an t-airgead a gheofar chun leasa do sheirbhísí meabharshláinte na Gaillimhe.


FÉILE: ‘Féile na Carraige / Bóthar na Carraige Báine, Béal Feirste, as seo go dtí an 9 Deireadh Fómhair.

seamus

Bhí scoth na n-imeachtaí á reáchtáil in Uachtar Chluanaí, Béal Feirste an tseachtain seo agus Féile na Carraige faoi lán seoil.

Bígí ann don cheardlann scríbhneoireachta agus filíochta le fáidh na bhfocal, Séamus Barra Ó Suilleabháin amárach, an Aoine ag 2in.

I gClub Chumann Lúthchleas Gael Chairdinéal Uí Dhomhnaill Dé Sathairn beidh oíche mhór ag an G-Spota le JJ Ó Dochartaigh, an banna ceoil thraidisiúnta Tonnta agus Super Céilí Scannal.

Críochnófar an deireadh seachtaine le roinnt imeachtaí aclaíochta Dé Domhnaigh, má tá sibh in ann dó. Beidh Blitzchomórtas peile ar siúl do dhaoine óga agus rith 10km na Ceathrún Gaeltachta do chách.


COMHDHÁIL: ‘Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge / Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 7-8 Deireadh Fómhair.

book

Más deireadh seachtaine ciúin ciallmhar atá uait, seans go meallfaidh an chomhdháil speisialta seo thú chomh fada le Cathair na dTreabh.

Pléifidh aoichainteoirí, ó chian agus ó chóngar, réimse breá d’ábhair, ina measc ‘Éire Ghaelach’ agus ‘Samhlú an Náisiúin Nua’.

Tráthnóna amárach, an Aoine, seolfar saothair nua acadúla Ghaeilge in Áras na Gaeilge ag 4.30in.

Tá muid millte ar fad an deireadh seachtaine seo. Bainigí sult as, a chairde.