5 Imeacht Ghaelacha
ar siúl an deireadh seachtaine seo!



1) CEOLCHOIRM: ‘Siamsaíocht ag a 6’/Amharclann Theach Chúirt an Phaoraigh, BÁC, Déardaoin 23ú Feabhra @6

Tá Gael Linn ag leanúint leis an tsraith Siamsaíocht@6 i mbliana, agus tá coirm mhí Feabhra le bheith ar siúl anocht, (Déardaoin)!

Is iad muintir Chontae an Chláir a bheidh i mbun an cheoil, leis an amhránaí Edel Vaughan agus Garry Shannon ar an bhfliúit.

An Bleá Cliathach Éamonn de Barra a bheidh ina dteannta ar an ngiotár. Bíonn an tsraith cheoil seo ar siúl in ionad álainn, ní ró-fhada ó Shráid Grafton.

Is i dTeach Cathrach Chúirt an Phaoraigh atá an amharclann chuí don imeacht míosúil seo.

Tá an spás teoranta áfach agus áirithint riachtanach. Tuilleadh eolais anseo.


2) OÍCHEANTA FILÍOCHTA: ‘Fíochán Filí’/Éigse Éireann, 11 Cearnóg Parnell, BÁC 1, Déardaoin 23 Feabhra @7.00in.

Tá oícheanta filíochta á n-eagrú timpeall na tíre, ag muintir An Lab, ionad ealaíne Gaeilge atá sa Daingean.

Is éard atá i gceist leis an gcamchuairt seo ná clár malartaithe de shórt, a thabharfaidh filí Chorca Dhuibhne le chéile le filí na gcathracha a mbeidh siad ag tabhairt cuairte orthu.

‘Fíochán Filí’ atá baiste go hoiriúnach ar an gceiliúradh seo ar thraidisiún sean-bhunaithe Gaeltachta na filíochta agus ar fhás thraidisiún nuálach cathrach na Gaeilge.

Beidh aghaidh á tabhairt ag na filí éagsúla ar Chorcaigh, Gaillimh agus an chéad stad ar an tionscnamh seo ná an Ardchathair – Baile Átha Cliath.

D’ócáid na hoíche anocht, beidh Nuala Ní Dhomhnaill, Peadar Ó hUallaigh agus Ceaití Ní Bheildiúin ag léamh a gcuid saothar.

**Meabhrú!! Ná déan dearúd faoin bPOP UP GAELTACHT…. chomh maith. Market Bar, lár Chathair Átha Cliath tráthnóna Déardaoin óna 20:00. Mar a deir siad féin ‘roghnaítear teach tábhairne uair sa mhí agus bailíonn Gaeil ann. Chun ól, like’. Sin é briathar an POP UP!


3) FÉILE: ‘Scoil Cheoil an Earraigh’/Ionaid éagsúla i gCorca Dhuibhne, 22-26 Feabhra.

Cuireadh tús le Scoil Cheoil an Earraigh inné ar leithinis Chorca Dhuibhne agus ní bheidh deireadh le himeachtaí na féile seo go dtí an Domhnach.

Molfar an óige ag Tionól na nÓg amárach le hamhránaithe agus ceoltóirí óga na háite ag bailiú le chéile ar an nGráig chun a gcuid saibhris a roinnt.

Istoíche amárach a bheidh píobairí aitheanta ón Eastóin, ó thuaisceart na Spáinne agus ón tír seo i mbun ceoil in ionad álainn an Bhlascaoid i nDún Chaoin.

Leanfar leis na ranganna ceoil agus amhránaíochta i gcaitheamh an tSathairn, cloisfear léacht ó Steve Cooney agus beidh ceann de choirmeacha móra na féile ar bun i Halla na Feothanaí.

Is deacair cur síos a dhéanamh ar chlár leathan imeachtaí in aon alt beag amháin, b’fhiú go mór cuairt a thabhairt ar scoilcheoil.com le blaiseadh ceart, cruinn a fháil ar gach a mbeidh ag tarlú.


4) SEOLADH AGUS CEOLCHOIRM: ‘Seoladh Sheachtain na Gaeilge’/ Sráid na Siopaí, Cathair na Gaillimhe, Dé Sathairn ó 2in ar aghaidh

Seo Linn a sheolfaidh an fhéile Seachtain na Gaeilge i nGaillimh Dé Sathairn.

Beidh na réaltaí óga i mbun ceoil óna 2in agus beidh siamsaíocht eile ar siúl do dhaoine óga.

Seo tús le clár mór imeachtaí a bheas ag titim amach le linn Sheachtain na Gaeilge san iarthar! Hup!


5) CEOLCHOIRM AGUS COMÓRTAS: ‘Cath Pan Ceilteach 2017’/Óstán Seven Oaks, Ceatharlach, Dé Sathairn 25ú Feabhra @ 20:00

Gheobhaimid amach Dé Sathairn cén t-amhrán a bheidh san iomaíocht ar son na tíre seo sa chomórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2017.

Fuarthas breis is daichead iarratas don gcomórtas amhránaíochta seo, agus tá an gearrliosta ciorraithe arís eile anois chuig ochtar déag.

Amhráin nua-chumtha ar fad a bheas le cloisteáil ar an oíche agus gealltar sároíche don uile dhuine i láthair!

Is í Eve Belle (thuas), a bhuaigh an comórtas anuraidh agus a rinne ionadaíocht ar son na hÉireann anuraidh!

An nuacheol abú!