5 Imeacht Ghaelacha
ar siúl as seo go ceann seachtaine!


1. FÉILE: Féile Chultúir agus Ealaíon SOMA / Ionaid éagsúla i gCaisleán Uidhilín, Co. an Dúin, 13-16 Iúil

Tá Féile SOMA faoi lán seoil i gCaisleán Uidhilín, Contae an Dúin.

Ar bhuaicphointí an chláir Ghaeilge tá an oíche filíochta REIC – a bheas ar siúl Dé hAoine 14 Iúil agus ag a mbeidh leithéidí Lauren Ní Chasaide, Marcus Mac Conghail, Ciara Ní É agus Eoin P. Ó Murchú – agus ansin, an lá dár gcionn, An G Spota a thabharfaidh Rónán Ó Snodaigh, Inni-K, Dysania, Pádraig Jack agus Emma Ní Fhíoruisce ar ardán i dTeach Tábhairne Uí Shabhaois.

Tá tuilleadh eolais le feiscint anseo.


2. DRÁMA: ‘Dún na mBan trí Thine’ An Taibhdhearc, Gaillimh, 13-22 Iúil, (seachas 16 Iúil) @ 20:00; Léiriú iarnóna 22 Iúil ar 15:00

Tá cliar láidir ban i ndráma nua Éilís Ní Dhuibhne dar teideal Dún na mBan Trí Thine.

Idir aisteoirí agus lucht léiriúcháin, tá tacaíocht na Taibhdheirce do ghluaiseacht Waking the Feminists á léiriú go tréan.

Aisteoir fireann amháin a thabharfaidh faoin stáitse, sin é Eoin Geoghegan.

Beidh sé timpeallaithe ag scata ban, sin iad Linda Bhreathnach, Máire Ní Mháille, Tara Breathnach, Yvonne Ní Laife agus Catherine Denning.

Go deimhin is beirt bhan atá mar stiúrthóirí ar an dráma comhaimseartha seo; Marianne Ní Chinnéide agus stiúrthóir ealaíon na hamharclainne, Anne McCabe.

Is mar chuid de chomhoibriú idir Amharclann Náisiúnta na Gaeilge agus Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, atá an dráma seo á chur ar stáitse agus mar chuid d’imeachtaí Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe.

Déanann scéal Ní Dhuibhne cur síos ar an gcoimhlint a bhraitheann bean atá ag tógaint clainne ach atá ag iarraidh a cuid forbartha féin a dhéanamh mar ealaíontóir ag an am céanna, agus faoi fhórsaí ceilte a mbíonn tionchar acu ar ár saolta!

Cuma mhaith air, go mbristear cos!


3. FILÍOCHT & CEARDLANNA: An Moladh / An Lab, An Daingean, Déardaoin 13 Iúil @ 19:00; Dé hAoine 21 Iúil @ 13:00; Paperpuff Play, Dé hAoine 14 Iúil @ 11:00; Paperpond Play, Dé Sathairn 15 Iúil @ 11:00

Beidh foireann Lab an Daingin gnóthach an tseachtain seo agus cúpla ócáid eagraithe acu do mhuintir Chorca Dhuibhne, idir áitritheoirí agus cuairteoirí!

An Moladh an teideal atá ar phíosa gluaiseachta fileata a bheidh á chur i láthair ag buíon atá tar éis a bheith i mbun oibre le Maria Svensson, rinceoir cónaitheach an ionaid.

Baineann an saothar seo úsáid as téacs, ceol agus gluaiseacht fhileata chun léargas a fháil ar an gcoincheap ‘a bheith ag a baile’.

Is eachtra ealaíne do dhaoine óga, agus dóibh siúd atá fós óg ina gcroí istigh, a bheidh ar siúl san ionad céanna ar an Aoine agus Satharn.

Le linn cheardlann na hAoine ‘Paperpuff Play’ beidh fuaimeanna, gluaiseachtaí, agus páipéar síoda ildaite in úsáid chun scéalta a insint.

Maidir le ceardlann an tSathairn, ‘Paperpond Play’, is le fuaimeanna agus gluaiseachtaí a bheidh na rannpháirtithe ag plé, mar aon le bheith ag tarraingt ar pháipéar.

Moltar dóibh siúd a bheidh i láthair éadaí compordacha a chaitheamh!


4. CEOLCHOIRM: Rodrigo y Gabriela / The Academy, Sráid na Mainistreach Láir, BÁC, Dé Domhnaigh 16ú Iúil @ 19:00

Nach breá an ceol atá ag Rodrigo y Gabriela!

Minic go leor a bhíonn siad le clos ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, le lucht na gclár tógtha go mór leo.

Is as Meicsiceo dóibh beirt, ach ceangal nach beag acu leis an tír seo.

Is i mBaile Átha Cliath a mhaireadar ar feadh tuairim is ocht mbliana agus iad i mbun a gcuid ceoil ann sna luath laethanta.

Fillfidh siad ar an gcathair an tseachtain seo do choirm san Academy ar Shráid na Mainistreach Láir.


5. CEOLCHOIRM: Aoife Scott / Tailor’s Hall, BÁC, Dé Céadaoin 19 Iúil @ 20:00

Beidh an t-amhránaí ildánach Aoife Scott, a bhfuil cur amach uirthi mar láithreoir chomh maith (i measc a cuid buanna eile), le feiscint sa phríomhchathair Dé Céadaoin seo chugainn.

Is ar chlár na féile, The Liberties Festival, atá coirm léi féin agus a banna le bheith ar siúl i Tailor’s Hall.

Réamhbhlaiseadh a gheobhaidh an lucht féachana ar shaothar Aoife ón gcéad tionscnamh eile a bhfuil baint aici leis, Songs from the Liberties, nach fada uainn an lá go gcloisfimid tuilleadh faoi.

Tá an scéal tagtha chugainn áfach go bhfuil líon iomlán na dticéad anois díolta do sheó Aoife – dea-scéal di ach drochscéal d’aon duine a bhí ag iarraidh dul!

Ná bac sin, tá scata eile imeachtaí beartaithe mar chuid d’imeachtaí na féile sin, ina measc céilí mór i dtábhairne O’Sheas Merchant sa chathair.

Beidh Aoife ag tabhairt faoi chamchuairt ar Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhfómhar – coimeád súil ar aoifescott.com do na sonraí ar fad.