5 Imeacht Ghaelacha
Linger, Tionscadal Van, Bilingua & eile...

siamsa-rnag


1) SEÓ DAMHSA: Linger / Ionad Ealaíon Project, 39 Sráid Essex Thoir, BÁC, 20-23 Eanáir ag 8in.

Linger

Tabharfaidh an seó damhsa úrnua seo damhsóir Riverdance Breandán de Gallaí ar ais ar stáitse den chéad uair le 13 bliain.

I dteannta Nick O’Connell, fiosraítear aistear beathaisnéise na bhfear aerach agus úsáidtear damhsa Gaelach fisiciúil comhaimseartha, mar aon le ceol, chun scagadh a dhéanamh ar choincheapa a bhaineann le féiniúlacht aerach, gnéasacht, agus dul in aois in Éirinn sa lá inniu.

Beidh ‘Linger’ á léiriú i gCorcaigh (Firkin Crane) ar 29 Eanáir agus arís i gCathair Luimnigh (Dance Limerick) ar 4 Feabhra.


2) IMRAM: Ré-Dhamhsa: Tionscadal Van Morrison / Amharclann an Lime Tree, Coláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach, Dé Sathairn 23 Eanáir ag 8in.

Moondance

Déanfar ceiliúradh ar Rí Feirsteach na nGormacha sa cheolchoirm ilghnéitheach seo, ina gcuirtear leaganacha Gaeilge d’amhráin mhóra Van Morrison i láthair.

Aistrithe ag Cathal Póirtéir agus Gabriel Rosentock, is iad na draoithe Liam Ó Maonlaí, David Blake agus Hilary Bow a dhéanfaidh an beart i dteannta an Brad Pitt Light Orchestra, agus taispeánfar íomhánna éachtacha le Margaret Lonergan i rith na ceolchoirme.

Ticéad ar €20/€16 agus tuilleadh eolais le fáil anseo.


3) DRÁMA: Caith Amach É: Seó don Bhéaltriail Gaeilge 2016 / An Taibhdhearc, An tSráid Láir, Gaillimh, 25-29 Eanáir, ag 10.30rn agus 12.30in gach lá

Sraith Pic

Cheapfá, b’fhéidir, nach bhféadfaí gáire a spreagadh ó ábhar ar bith a bhaineann le Sraith Pictiúr na hArdteistiméireachta, ach is amhlaidh atá déanta sa seó grinn seo, le High Rock Productions.

Gealltar go spreagfaidh an seó bríomhar barúil seo neart gáire, léiriú a tharraingeoidh ar dhrámaíocht, ar cheol agus ar phuipéid chun an tsraith pictiúr leadránach a thabhairt chun beatha.

Ticéad: €8, Tuilleadh eolais anseo.


4) SEIMINEÁR: Tábhacht na Gaeilge don Fhéiniúlacht Éireannach / Teach an Ardmhéara, Sráid Dásain, Baile Átha Cliath, Dé Máirt 26 Eanáir, ag 7in.

macklemore

Pléifear áit agus tábhacht na Gaeilge i leith na féiniúlachta sa seimineár dátheangach seo, atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge mar chuid de shraith imeachtaí dírithe ar Chomóradh 1916.

I measc na n-aoichainteoirí a bheas páirteach, tá an t-iar-Thánaiste agus garmhac le hEoin Mac Néill, Micheal Mac Dowell, Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach, Fiach Mac Conghail, an file Caitríona Ní Chléirchín, agus iar-Ardmhéara Bhéal Feirste, Máirtín Ó Muilleoir.

Saorchead isteach agus beidh seirbhís aistriúcháin comhuaineach (simultaneous) ar fáil ar an oíche.

Is féidir suíocháin a chur in áirithe trí ríomhphost a chur chuig 2016@cnag.ie


5) CEOLCHOIRM: BILINGUA / Ard Eaglais Naomh Pádraig, Clós Phádraig, BÁC 8, Dé Céadaoin, 27 Eanáir ag 8in.

Eithne

Tiocfaidh ceoltóirí agus amhránaithe móra i saol an cheoil thraidisiúnta le chéile sa cheolchoirm speisialta seo a dhéanfaidh ceiliúradh ar shaol, ar cheol agus oidhreacht Eithne Ní Uallacháin.

‘Bilingua’ is teideal den cheolchoirm, a tógadh ón albam is déanaí le hEithne a d’eisigh Gael Linn anuraidh, cúig bliana déag tar éis bhás an amhránaí chlúitigh.

Cuirfear amhráin a chan agus a chóirigh Eithne i láthair san ócáid a thabharfaidh Karen Matheson (Capercaillie), Muireann Nic Amhlaoibh (Danú) and Pauline Scanlon (Lumiere), ar stáitse le chéile i dteannta Gerry O’Connor, Gilles Le Bigot, Neil Martin, Dónal O’Connor, John Fitzpatrick, Mario N’Goma agus John McSherry.

Ticéad: €32.99 agus tuilleadh eolais anseo.

Is ócáid de chuid an Temple Bar Trad Fest í seo.

Pic: Jim Maginn