5 Imeacht Ghaelacha
ar siúl sa tseachtain amach romhainn!


1. ÉACHT: Seisiún ceoil 12 uair an chloig / Tábhairne na Cúirte, An Daingean, Déardaoin 31 Lúnasa, ag tosú @ 12:00

Tá airgead á bhailiú ag an gceoltóir Duibhneach Méabh Ní Bheaglaoích don YSPI, carthanacht a bunaíodh chun feasacht ar an bhféinmharú i measc dhaoine óga in Éirinn a ardú, agus le cúnamh agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh siúd atá in ísle brí.

Chuige seo beidh sí i mbun spéir thumadóireachta an mhí seo chugainn.

Is ar an Lá Domhanda chun Féinmharú a Chosc a léimfidh sí amach as eitleán, ar mhaithe leis an bhfeachtas ‘Skydive Against Suicide’ – molaim a crógacht!

Beidh airgead, áfach, á bhailiú aici roimhe sin agus is ar mhaithe leis an bhfeachtas a bheidh seisiún 12 uair an chloig ceoil ar siúl aici féin agus ceoltóirí éagsúla sa Daingean inniu.

Is i dtábhairne na Cúirte a bhaileoidh scoth na gceoltóirí ó chian is ó chóngar ag meán lae, agus ní bheidh stop leis na poirt, polcaí ná sleamhnáin go dtí go mbeidh sé meán oíche!

Bheadh fáilte mhór romhat ann, nó/agus le do shíntiús.

Go deimhin, má tá ceol agat, tá fáilte romhat páirt a ghlacadh sa seisiún! Hup Cuas!

Léigh tuilleadh faoi Mhéabh agus faoin bhfeachtas anseo!


2. CRAIC: Pop Up Gaeltacht BÁC / Piper’s Corner, Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath, Déardaoin 31 Lúnasa @ 20:00

Is gearr go mbeidh nós na PreabGhaeltachta ag ceiliúradh bliain ar an bhfód!

Is i mí na Samhna anuraidh a cuireadh tús le Pop Up Gaeltachtaí, ní hamháin san Ardchathair ach fud fad na tíre agus níos faide i gcéin fós.

Treise leis an lucht eagraithe ar fad, i ngach cearn den domhan!

Beidh ócáid Bhaile Átha Cliath na míosa seo ar siúl tráthnóna, i dtábhairne nua-oscailte i lár na cathrach.

Piper’s Corner atá air, agus bhí deis agam le déanaí pint phléisiúrtha a chaitheamh siar ann agus mé ag féachaint ar na Ciarraígh ag tabhairt aghaidh ar fhoireann Mhaigh Eo (an chéad chluiche, dála an scéil, ní an athimirt mhí-ámharach sin!).

Táim ag súil le filleadh ar an láthair inniu, chun cúpla uair an chloig a chaitheamh i gcomhluadar na nGael.

Dorn san aer!


3. AGÓID: Rogha Ghaeilge ar ATManna Anois! / Banc na hÉireann, go náisiúnta, Dé hAoine 1 Meán Fómhair @ 13:30

Chuir cinneadh Bhanc na hÉireann deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge a bhíonn ar fáil ar a gcuid inneall airgid, chuir sé idir iontas agus fhearg ar Ghaeil fud fad na tíre an tseachtain seo.

achainí ar líne tosaithe anois a éilíonn ar an mbanc an cinneadh a chur ar ceall agus tá breis agus 1,500 duine tar éis a n-ainm a chur leis cheana.

Mar aon leis sin beidh sraith agóidí ag brainsí Bhanc na hÉireann in áiteanna éagsúla ar fud na tíre amárach ag 1.30in.

Beidh muintir Bhaile Átha Cliath ag bailiú le chéile ag Faiche an Choláiste lena míshástacht a chur in iúl agus is féidir eolas a fháil ar agóidí eile ar leathanach Facebook Misneach.


4. FÉILE: An Puball Gaeilge @ Electric Picnic / An Sráidbhaile, Co. Laoise, 1-3 Meán Fómhair

Má tá tú i measc na ndaoine a bhfuil ticéad fachta acu don bhféile cheoil Electric Picnic, bíodh ard-deireadh seachtaine agat, táim cinnte go mbeidh go leor in éad leat!

Beidh leithéidí Duran Duran, The XX, agus Chaka Khan ag tabhairt faoin bpríomhstáitse ach, go pearsanta, dá mbeinn féin ag triail ar an Sráidbhaile, is ar an bPuball Gaeilge a bheinn ar díriú mo chuid airde!

Is sa phuball sin atá scoth na rannpháirithe, idir cheoltóirí agus chraoltóirí, le bheith.

Ní hamháin sin, ach beidh aisteoirí i mbun drámaíochta, fuirseoirí i mbun grinn agus cainteoirí spreagúla ag scaipeadh a gcuid soiscéalta!

Mar is gnáth, tá clár leathan d’imeachtaí beartaithe ó Aoine go Domhnach.

Beidh Cabaret Craiceáilte Rónáin Mhic Aodha Bhuí ar siúl Dé Sathairn, le leithéidí Pólca 4, agus The Bonny Men; beidh craoltóirí cumasacha Raidió na Life ag taifead ar an láthair, agus labhróidh cainteoirí éagsúla faoi mhianta a gcroí sa tsraith de ‘Ted Talks na Gaeilge’.

Ní hamháin sin, cloisfear jócanna ó mhná agus fir ghrinn an ghrúpa GAELgáirí agus go deimhin beidh foireann NÓS ar an láthair chomh maith.

Bernie Pháid, Spats Colombo, Trí Faoi, Seo Linn agus Dysania (thuas) a bheidh ar an ardán mar chuid de Scléip NÓS oíche Dhomhnaigh chun críoch den scoth a chur leis an bhféile.

Ádh mór leis an gcampáil, agus go n-éirí an aimsir libh ar fad!


5. FÉILE: Whelan’s Trad & Folk Festival / Tábhairne Whelans, Baile Átha Cliath, 1-3 Meán Fómhair

Cuireadh tús tamall ó shin leis an gcéad seisiún rialta ceoil thraidisiúnta i dtábhairne Whelans na hArdchathrach, agus anois beidh féile iomlán trad acu, ag tosnú amárach!

Ón Aoine go dtí an Domhnach beidh tuairim is 20 banna/ceoltóir ag tabhairt aghaidh ar an stáitse, ina measc Kíla, Draw Slow agus Jiggy.

Súil agam gur tús é seo le hócáid bhliantúil cheoil thraidisiúnta sa teach tábhairne clúiteach!

Leanfar leis an gceol Dé Máirt seo chugainn – 5 Meán Fómhair @ 19.00 – nuair a bheidh Rónán Ó Snodaigh, Eoin Dillon agus Graham Watson ag teacht le chéile ar an láthair.

Call the Dancers a thugtar ar na hoícheanta ceolmhara áirithe seo, agus is minic nach mbíonn coinne ag an lucht freastail leis na ceoltóirí a thiocfaidh chuig an seisiúin – sin draíocht na hócáide seans!

Saorchead isteach.