5 Imeacht Ghaelacha
ar siúl sna laethanta amach romhainn!


1. SPRAOI: Oíche Chluiche Cláir / Club Chonradh na Gaeilge, BÁC, Déardaoin 14 Meán Fómhair @ 20:00

Cuirfear tús tráthnóna le himeacht nua rialta i gClub Chonradh na Gaeilge sa phríomhchathair.

Oíche Chluiche Cláir sa Chlub atá i gceist!

Beidh cluichí ar nós Scrabble, Settlers of Catan, Cluedo agus Risk ar an láthair, agus fáilte ó chroí roimh chuairteoirí iad a imirt.

Go deimhin, má tá tuilleadh cluichí agaibh sa bhaile, beir libh iad.

Mura bhfuil cur amach agaibh ar na cluichí thuas luaite, ná bíodh aon imní oraibh mar go mbeidh foireann bhreá ar fáil le cabhrú libh taithí a fháil orthu.


2. CRAIC: Pop Up Gaeltacht Chorcaí / Sober Lane, Corcaigh, Dé hAoine 15 Meán Fómhair @ 20:00

Is i dtigh Sober Lane a bheidh na Gaeil ag bailiú an Aoine bheag seo, bíodh siad ólta nó gan a bheith!

Uair sa mhí roghnaítear tigh tábhairne i gcathracha agus i mbailte éagsúla na tíre seo – agus an domhain faoin staid seo – agus is ann a bhailíonn lucht a bhfuil suim acu sa Ghaeilge.

Cois Laoi, tá ionad na míosa seo roghnaithe agus is ar Ché Uí Shúilleabháin sa chathair atá sé.

Craic, ceol agus cúpla scúp atá geallta… bígí ann gan teip.

Ós ag caint faoi phreabGhaeltachtaí atáim, beidh lucht Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag eagrú a mhacasamhail d’ócáid Dé Máirt seo chugainn, 19 Meán Fómhair.

Is iad Cumann Gaelach DCU agus Aontas na Mac Léinn san ollscoil atá i bhfeighil na hócáide, a bheidh ar bun sa NuBar atá ar an gcampas.

Beidh tús á chur leis an imeacht ag 7in!

Agus is é tábhairne an George Bernard Shaw atá roghnaithe do Phop Up Bhaile Átha Cliath na míosa seo, a bheidh ar siúl ar 28 Meán Fómhair!


3. GIG: Spats Colombo / Club Áras na nGael, Gaillimh, Dé hAoine 15 Meán Fómhair @ 21:00

Bhí trácht agam ar an leathanach seo an tseachtain seo caite ar imeachtaí bríomhara spleodracha Chlub Áras na nGael i nGaillimh agus féach anois, táimid ag labhairt arís fúthu!

An banna ildánach Spats Colombo a bheidh i mbun ceoil ann Dé hAoine seo ag teacht.

Is meascán de cheoltóirí ón dtír seo agus Sasana atá sa bhanna, le meascán d’amhráin acu i nGaeilge agus i mBéarla.

Ach ná creid uaimse é, bí ann don gcoirm féinigh, a thosóidh ag 9in.


4. FÉILE: Tradfest na Cathrach / An Chathair, Tiobraid Árann, 15-17 Meán Fómhair

Más ar thóir an cheoil thraidisiúnta atá tú an deireadh seachtaine seo, bí ag triail ar Thiobraid Árann… An Chathair le bheith beacht!

Is ann a bheidh Tradfest na háite ar bun, ócáid atá eagraithe ag an mbrainse áitiúil de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.

Beidh ceolchoirmeacha, ceardlanna agus seisiúin i dtábhairní an bhaile mar chuid d’imeachtaí an deireadh seachtaine.

I measc na gceoltóirí a bheidh i mbun teagaisc, beidh Edel Fox, Kirsten Allstaff agus Nuala Hehir.

Is iad Frankie Gavin agus Dé Danann (thuas) atá ina bpríomh-aíonna do choirm na féile.

Beidh siad ar ardán ar an Satharn in Óstán na Cathrach!


5. FÉILE: Jiggy @ BlueFire Street Fest / Margadh na Feirme, BÁC, Dé Sathairn 16 Meán Fómhair @ 18:30

Táim chomh tógtha le halbam an bhanna Jiggy, Translate – tá sé iontach!

Beidh an banna iad féin (príomhphic) le feiscint ar an ardán Dé Sathairn beag seo, ag coirm a bheidh ar siúl amuigh faoin aer i Margadh na Feirme mar chuid d’imeachtaí na féile Bluefire Street Fest.

Is ócáid í seo a bheidh oiriúnach don gclann ar fad, agus saorchead isteach chomh maith!

Níl aon leithscéal agaibh gan a bheith ann.