5 Imeacht Ghaelacha
sna laethanta amach romhainn!


1. Sibling Revelry / Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne, Corcaigh, Dé hAoine 6 Deireadh Fómhair @ 20:30

Na deirfiúracha Uí Chathasaigh – Máire, Nollaig agus Máiréad – a bheidh ag déanamh a mbealaigh go Corcaigh inniu, mar go mbeidh siad ag seinm tráthnóna in Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne.

Nach maith an teideal atáid ag tabhairt ar an tsraith de cheolchoirmeacha atá ar bun acu le tamall anuas?

Ragairne go cinnte, seachas aon smut den iomaíocht!


2. Éigse Dara Beag / Inis Meáin, 6-8 Deireadh Fómhair 2017

Is ar Inis Meáin a bheifear ag léiriú ómóis do Dhara Beag Ó Fáthartaigh an deireadh seachtaine seo.

Iascaire, clochadóir, file agus cumadóir amhrán ab ea é, a saolaíodh i mBaile an Dúna ar an oileán.

Is iad an Teachta Dála Éamon Ó Cuív agus an ceoltóir Macdara Ó Conaola a bheidh ag oscailt na hÉigse go hoifigiúil tráthnóna.

Go deimhin ba é Dara Beag sean-uncail an cheoltóra agus léireoidh sé a chuid measa air tar éis na hoscailte, nuair a bheidh sé féin, Donogh Hennessy, James Duggan agus Ciarán Ó Ceallaigh i mbun ceoil.

Beidh leagan Mhacdara den amhrán ‘An Dún Aengus’, a chum Ó Fáthartaigh, le clos cinnte, gealltar dom!

Tráthnóna chomh maith a bheidh an triúr ceolmhar, Muireann Nic Amhlaoibh, Séamus Begley agus Donogh Hennessy (arís!) ag seinm ceoil.

Ar an Satharn, beidh ceardlanna amhránaíochta agus rince ar bun chomh maith le caint faoin gceangal atá ag Conradh na Gaeilge leis an oileán agus le muintir na háite.

Beidh ciorcal comhrá ar siúl, mar aon le céilí, seisiúin oscailte ceoil agus aifreann speisialta na hÉigse ar an Domhnach.


3. Féile na Sollán / Na Solláin, Cill Dara, 6-8 Deireadh Fómhair 2017

Is iad an banna ceoil Fullset príomhaíonna Fhéile na Sollán a bheidh ar bun an deireadh seachtaine seo i gContae Chill Dara.

Is ar an Satharn a bheidh an choirm sin ar siúl, an lá céanna le Sorcas Lucht Fanzini; taispeántas de rince Gaelach ó Scoil Rince Sutton; ceardlann drumadóireachta; agus turas báirse ar an gCanáil Mhór!

Tá sceideal chomh lán céanna acu don Domhnach mar go mbeidh seisiún scéalaíochta do leanaí ar siúl; ceardlanna ceoil; céilí agus bronnfar chomh maith Gradaim na Sollán, ag comórtais cheoil agus amhránaíochta do scoileanna.

Deireadh seachtaine lán go béal!


4. Lankum / An Ceoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn 7 Deireadh Fómhair @ 20:00

Lynched an teideal a bhíodh tráth ar an mbanna ceoil Lankum ach de bharr an cheangail atá ag an bhfocal sin leis an bhforéigean, beartaíodh teideal an bhanna a athrú.

Is ceathrar ceolmhar atá páirteach sa ghrúpa seo, a fuair a gcuid inspioráide ó leithéidí Frank Harte, Planxty agus na Dubliners.

Meascann siad stíl thraidisiúnta le stíleanna eile atá beagáinín níos comhaimseartha agus léireofar amhlaidh ar stáitse ársa Cheoláras Náisiúnta na hÉireann Dé Sathairn nuair a bheidh siad i mbun an cheoil!


5. 10km na Ceathrún Gaeltachta / Béal Feirste, Dé Domhnaigh 8 Deireadh Fómhair @ 09:00

Mar chuid d’imeachtaí Fhéile na Carraige beidh 10km na Ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste ar bun an Domhnach beag seo.

Má tá fonn aclaíochta ort, tá deis fós agat clárú ach gliogáil ar an nasc seo.

Cuirfear tús leis go breá luath, ag 9rn… bí éirithe agus bí ullamh!

Níl ach costas £15 le bheith páirteach.

Tabharfaidh an bealach oifigiúil lucht reatha ó Bhóthar na bhFál, go Bóthar an Ghleanna agus as sin go Bóthar Seoighe, Bóthar Bhaile Andarsan; Bóthar an Ghleanna agus Bóthar na bhFál arís, Ascail Ard na bhFeá, Sráid Oakman, Sráid Chaibhendis agus thar n-ais chuig an gCultúrlann!

Go n-éirí ádh leo siúd ar fad a bheidh ag glacadh páirte!

Beidh tuilleadh againn faoi Fhéile na Carraige ar an tseachtain seo chugainn.