5 Imeacht Ghaelacha
Ar siúl an deireadh seachtaine seo!

siamsa-rnag


1) FÉILE CEOIL THRAIDISIÚNTA: ‘Féile na Tána’/ The Foy Centre, Cairlinn, Co. Lú, 5-7 Feabhra

Zoe Conway

Spéirbhean an cheantair, an fidléir Zoe Conway, a chuirfidh tús leis an deireadh seachtaine ceolmhar i gCairlinn agus í ag seinm san oíche amárach, Dé hAoine, i dteannta a fir féin, an giotáraí John McIntyre.

Seo an dara bliain d’Fhéile na Tána a bheith á reáchtáil agus tá clár den scoth beartaithe.

Beidh sár-cheoltóirí ag teagasc le linn an lae Dé Sathairn, ina measc na deirfiúracha Louise agus Michelle Mulcachy, banríon na feadóige Mary Bergin, Liam O’Connor, Séamus Ó Beaglaoich, Noel Hill, Tristan Rosenstock agus go leor leor eile.

Bígí ag dréim le scoth na ceolchoirme an oíche chéanna!

Cuirfear críoch fhileata leis an fhéile i mbliana oíche Dhomhnaigh, nuair a bhaileoidh Nuala Ní Dhomhnaill, Moya Cannon agus Frank Ormsby le chéile.

Gach eolas faoi imeachtaí ‘Féile na Tána‘ anseo.


2) CEOLCHOIRM, COMÓRTAS & COMHDHÁIL: ‘Bonn Óir Sheáin Uí Riada’ / Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, Dúglas, Corcaigh, 5-6 Feabhra

Sean O Riada

Dé hAoine, beidh cath na bhfliúiteadóirí ar siúl i nDúglas, áit a mbeidh iomaitheoirí ó áiteanna ar fud na tíre ag bualadh port do Bhonn Óir Sheáin Uí Riada.

Is iad Mary Bergin, Patsy Hanly agus Mick O’Connor a bheidh ag moltóireacht i mbliana agus beidh an chraobh le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 7in, Dé hAoine, 5 Feabhra.

Ná déan dearmad go bhfuil Comhdháil na gCeoltóirí ar siúl le linn an lae Dé Sathairn agus oíche Shathairn beidh buaiteoirí Bhonn Óir Sheáin Uí Riada sna blianta atá imithe, chomh maith le buaiteoir na bliana seo, ar ardán!

Tá an clár iomlán le fáil anseo.


3) FÉILE: ‘Imbolc’ / Ionad Cultúrtha Bhaile Bhúirne, Co. Chorcaí, Dé Sathairn, 6 Feabhra, ó 9.30rn

Imbolc1

An Satharn beag seo beidh Imbolc – ‘TED Talks na Gaeilge’ – ar siúl, féile bhliantúil a thugann ardán do chainteoirí ceannródaíocha Gaeilge a dtaithí a roinnt i réimsí éagsúla taighde.

Le linn an tionóil lae, pléifear gach aon saghas ruda faoin spéir: teicneolaíocht, eolaíocht, ealaíon, litríocht, ceol, fealsúnacht, gnó agus spórt.

Is í bunaitheoir Reic agus scríbhneoir de chuid na hirise seo Ciara Ní Éanacháin a chuirfidh tús leis na cainteanna agus leanfar le cur i láthair ó David Stifter, Feena Tóibín, Antoin O Lachtnain, Rua, Síle Nic Chonaonaigh, Tomás Mac Uidhir agus Diarmaid de Faoite.

An oíche roimh ré, beidh Diarmaid ar stáitse lena léiriú aon duine ‘Pádraic Ó Conaire’ ag 8:30in, agus leanfar le craic, ceol agus spraoi le muintir Mhúscraí!

Dóibh siúd nach féidir a bheith i láthair, déantar na cainteanna a thaifeadadh agus beidh fáil acu ar líne, díreach mar a dhéantar le cainteanna TED.

Clárú ó 9.30rn. Fáilte roimh cách. Gach eolas anseo.


4) TEACHT LE CHÉILE: ‘ReRá – Gaeltacht sa Ghalltacht ’ / Club Cruicéid Chontae Chorcaí, An Mhuirdíog, Corcaigh, Dé Sathairn, 6 Feabhra, 9in.

Rera

Tá lucht Chorcaí millte an deireadh seachtaine seo lena bhfuil ar siúl idir Imbolc, imeachtaí Sheáin Uí Riada agus ReRá!

Is é an scéalaí aitheanta Diarmuid Ó Drisceoil a bheas mar aoi speisialta ag ReRá na míosa seo, oíche shóisialta a bhailíonn Gaeil Chathair Chorcaí le chéile d’oíche lán scéalaíochta, craice agus ceoil.

Cuirtear fáilte i gcónaí roimh scéal ón lucht éisteachta, mar sin bígí ullamh!

Breis eolais: ReRá.


5) FÉILE AMHRÁNAÍOCHTA: ‘Sean-nós na Fearsaide’ / Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain –  283-289 Bóthar Aontroma, Béal Feirste, Dé Sathairn, 6 Feabhra ó 10.30rn

Cheoil

Beidh lá agus oíche mhór amhránaíochta i dTuaisceart Bhéal Feirste an deireadh seachtaine seo, áit a mbeidh ceardlanna lae á gcur ar fáil (ó 10.30rn-4.30in) ag réaltaí móra Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, Síle Denvir agus Antaine Ó Faracháin.

Leanfar le seoladh albaim le hamhránaí Ghaoth Dobhair Doiminic Mac Giolla Bhríde ag 9in, – ‘Sona do Cheird’ – a thug leis Gradam Ceoil NÓS 2015 don ‘Albam Is Fearr d’Amhráin Thraidisiúnta’ – agus tiocfaidh achan duine le chéile faoi choinne oíche airneáil ina dhiaidh sin. HUP!

£5 don lá iomlán.

Tugaigí libh buidéal fíona agus bígí ag ceol cois cuain!