5 Imeacht Ghaelacha
Ar siúl as seo go ceann seachtaine!

siamsa-rnag


1) FÉILE: ‘Slí na gCopaleen’ / Ionaid éagsúla i nGort a’ Choirce agus i nGaoth Dobhair, Dún na nGall, 12-13 Feabhra, Dé hAoine ag 7in ar aghaidh.

Sli na gcopaleen

Déanfar ceiliúradh ar dhuine de mhórscríbhneoirí ár linne, Brian Ó Nualláin, an deireadh seachtaine seo i nGort a’ Choirce, áit a raibh an-cheangal ag an údar leis.

Ba i nGort a’ Choirce a deirtear gur tháinig Briain – a scríobh faoi na hainmneacha cleite Myles na gCopaleen agus Flann O’Brien – ar dhaoine a raibh tionchar acu ina dhiaidh sin ar a shamhlaíocht agus a shaothair amhail An Béal Bocht agus The Third Policeman.

Sa Ghailearaí i nGaoth Dobhair ag 7in a sheolfaidh Micheál Ó Nualláin, ealaíontóir agus deartháir le Brian, an fhéile go hoifigiúil.

Leanfar le himeachtaí éagsúla i rith an deireadh seachtaine, mar atá cainteanna faoi shaothair Uí Nualláin, léiriú den dráma Thirst, taispeántas cláir nua faoi Fhlann le Dearg Films agus turais rothaíochta, a thugann rothaí go háiteanna atá luaite leis an gCopaleenach.

Bí cinnte go bhfuil teach tábhairne nó dhó ar an turas céanna!

Clár ar fad anseo.


2) SEOLADH ALBAIM: Carry the Day le hAoife Scott / Ionad Ealaíon Duncairn, Bóthar Aontroime, Béal Feirste, Dé Sathairn ag 8in.

Aoife Imeachtai

Seolfar an chéad albam aonair leis an amhránaí Aoife Scott, Dé Sathairn, sa Duncairn.

Cúis cheiliúrtha is ea an début seo, ar toradh é ar chinneadh cróga Aoife a post a chaitheamh san aer agus bóthar an cheoil a threabhadh!

Beidh meascán breá amhrán i nGaeilge agus i mBéarla le cloisteáil ar an oíche, agus í ar ardán le sár-cheoltóirí atá le cloisteáil ar a halbam nua, ina measc deartháir Aoife, Eoghan Scott, Conor Lyons (The Bonnymen), agus an fidléir aitheanta Michelle O’Brien.


3) OÍCHE FILÍOCHTA IMRAM: ‘Liam Ó Muirthile, Louis de Paor agus Thomas McCarthy’ / Ionad Ealaíne Chorcaí, Cé Uí Chearúill, Corcaigh.

Sean O Riordain

Déanfar léiriú ar mhórphearsantachtaí Chorcaí a raibh lámh acu i bhforbairt litríocht na Gaeilge ag oíche fhilíochta IMRAM, ina mbeidh na filí aitheanta Liam Ó Muirthile, Louis de Paor (Gaeilge) agus Thomas McCarthy (Béarla) páirteach ann.

Sa tairbhiú ilghnéitheach seo déantar scagadh ar shaothar le Seán Ó Tuama, Seán Ó Ríordáin agus Micheal Davitt.

Bí ag súil le léamha filíochta, sean-ghrianghraif agus íomhánna ealaíonta ó Margaret Lonergan.

Tá an oíche seo á reáchtáil mar chuid d’Fhéile Filíochta Chorcaí.


4) CEOLCHOIRM: John Spillane / Ardscoil Naomh Pól, An Struthán, Ard Mhacha, Dé Sathairn 13 Feabhra, 7.30in

johnspillane

Beidh an Corcaíoch ceolmhar John Spillane ar ardán i gContae Ard Mhacha Dé Sathairn agus é ag glacadh páirte i gceolchoirm speisialta ar son Choláiste Bhlinne, a mbeidh eagarthóir na hirise seo agus an fear áitiúil Tomaí Ó Conghaile mar fhear a’ tí.

Bí ag súil lena ghnáth-mheascán de scoth na n-amhrán agus beidh ceardlann ar siúl aige níos luaithe ar an Satharn le daltaí an cheantair.

Ceolchoirm tiomsaithe airgid í seo a rachaidh i dtreo scoil samhraidh Ghaeilge Choláiste Bhlinne a bhíonn ar siúl i gCamloch gach bliain.


5) CEOLCHOIRM: Siamsaíocht @6 / Amharclann Chúirt an Phaoraigh, Sráid Liam Theas, Baile Átha Cliath, Déardaoin 18 Feabhra, óna 6i.n. – 8i.n. (Doirse ar oscailt ó 5.40 i.n.)

siledeirde

An chuid is déanaí de shraith cheolchoirmeacha atá á reáchtáil ag Gael Linn ó bhí 2008 ann, ar mhaithe le siamsa a chur ar fáil do Ghaeil na hArdcathrach.

Déardaoin, beidh Johnny Óg Ó Conghaile (Bosca Ceoil/Mileoidean), Brian McGrath (Bainseó) agus Síle Denvir (Amhráin, Cruit) ag teacht le chéile d’oíche mhór ceoil.

Ticéad ar €15 agus blaisíní bia dea-mhéine agus fíon/caife/tae san áireamh!

Tuilleadh eolais: 087-2547574 nó niamh@gael-linn.ie