5 Imeacht Ghaelacha
Ar siúl an deireadh seachtaine seo!

siamsa-rnag


1)FÉILE: ‘Scoil Cheoil an Earraigh’/Ionad éagsúla, Baile an Fheirtéaraigh, Ciarraí, as seo go dtí Dé Domhnaigh, 21 Feabhra.

ceol

Bhí idir dhíomá agus iontas orm nuair a chuala nach mbeadh maoiniú rialta Na Comhairle Ealaíon le fáil do Scoil Cheoil an Earraigh i mbliana.

D’éirigh leis an lucht eagraithe díograiseach dóthain a chur le chéile, áfach, trí fheachtas tiomsaithe airgid le cinntiú go rachadh scoil na bliana seo ar aghaidh.

Tá sé ar bun ó bhí inné ann, agus scata Éireann eile imeachtaí pleanáilte as seo go dtí an Domhnach i gCorca Dhuibhne na Ríochta.

Beidh ranganna ar bun le scoth na gceoltóirí agus i measc bhuaicphointí na féile, bígí ag súil le coirm leis na deartháireacha Paddy agus Kevin Glackin deirfiúracha ceolmhara an Daingin Aoife & Deirdre Granville, Róisín Ní Mhainín agus eile, Dé hAoine.

Is féidir imeachtaí ar fad an deireadh seachtaine seo romhainn a fheiscint anseo.


2) TAIBHIÚ IlGHNÉITHEACH: ‘Gluaiseacht Triúr’/An Lab, Sráid Eoin, An Daingean, Co. Chiarraí.

Zoe

Ag fanacht ó dheas in Iarthar Duibhneach, beidh seó rince ar siúl Dé hAoine sa Lab, ionad breá d’ealaíona na Gaeilge, lonnaithe i sean-scoil na mBráthar sa Daingean.

Tráthnóna taibhealaíon turgnamhach, mar a mbeidh damhsa agus filíocht san áireamh, ó thriúr atá ag cur fúthu sa cheantar: Zoë Uí Fhaoláin, Ilaria Delcane agus Maria Svensson.

‘Gluaiseacht Triúr’ atá mar theideal ar an oíche rince aonair seo.

Le Scoil Cheoil an Earraigh ar siúl ar an leithinis chéanna, táim cinnte go mbeidh an gabhar á róstadh sa dúthaigh sin as seo go ceann cúpla lá.

Nár dheas bheith ann!

Tuilleadh eolais.


3) CEOLCHOIRM: ‘Craobhchomórtas Náisiúnta Pan Cheilteach’/Ostán Seven Oaks, Ceatharlach, Dé Sathairn, 20ú Feabhra ag 7.30i.n.

eve-belle

20 amhrán a bheidh san iomaíocht an deireadh seachtaine seo, ag an gComórtas Náisiúnta d’Amhrán Nua-Chumtha, mar chuid d’imeachtaí na Féile Pan Cheilteach.

Táim ag éisteacht le cuid acu siúd atá ar an ngearrliosta le cúpla lá anois agus iad á seinm agam ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Amhráin bhreátha an méid atá cloiste agam, go deimhin, tá dhá amhrán acu, le cloisteáil (‘Fun Orm’ le hIMLÉ agus Craiceann agus Cnámh le Eve Belle) mar Amhrán na hAoine le cúpla seachtain anuas.

Beidh an iomaíocht ghéar. Níor mhaith liom bheith ar dhuine de na moltóirí agus cinneadh le déanamh agam faoi cé a thabharfaidh leo duaischiste de €1,000 agus – b’fhéidir níos tábhachtaí ná sin – cé a bheidh ag canadh ar son na hÉireann ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ag deireadh mhí an Mhárta.

Triúr a thiocfaidh ar an gcinneadh sin: Síle Seoighe, craoltóir; Stiofán Ó Fearaíl, príomhamhránaí Seo Linn; agus Deirdre Nic Eanruig, amhránaí traidisiúnta. Costas:
€10

Tuilleadh eolais anseo.


4)GRADAIM: ‘Gradam Ceoil TG4’/Áras Ceoldráma, Plás Emmet, Corcaigh, Oíche Dhomhnaigh 21 Feabhra ó 8.30in. 

Kevin

Beidh an choisir mhór bhliantúil sa cheol traidisiúnta ar siúl i gcathair Chorcaí oíche Dhomhnaigh, tráth a bheidh Gradam Ceoil TG4 á mbronnadh.

Tá liosta na mbuaiteoirí fógartha cheana féin –  agus i measc na gceoltóirí a bheidh ag glacadh leo, beidh an fidléir, Kevin Burke (thuas); bean na feadóige móire, Orlaith McAuliffe; an t-amhránaí, Pól Ó Ceannabháin; Sean McCague, an fear taobh thiar den cheirnín Our dear dark mountain with sky over, a dhéanann ceiliúradh ar cheol Mhuineacháin agus Fhear Manaigh; mar aon le foilsitheoirí Ghael Linn.

Seacht ngradam ar fad a bhronnfaidh bean agus fear an  tí na hoíche sin, Muireann Nic Amhlaoibh agus Tristan Rosenstock, ar ceoltóirí iad beirt.

Craolfar beo an ócáid ar TG4, mura n-éiríonn libh bheith i gceoláras galánta na cathrach.

Costais: €25/€20. Tuilleadh eolais anseo.


5) COMHDHÁIL: ‘Torthaí na Réabhlóide 1913-1923’/Músaem na bPiarsach, Áras Newman, Coláiste na hOllscoile BÁC, Dé hAoine 19 agus Dé Sathairn 20 Feabhra.

1916

Tiocfaidh taighdeoirí, lucht léannta agus daoine ó gach saghas cúlra le chéile do Chomhdháil Idirnáisiúnta Litríochta, Teanga agus Cultúir, a bheas ar siúl i gCOBAC an deireadh seachtaine seo.

Maidin amárach a chuirfear tús leis an gcur agus gcúiteamh a dhíreoidh ar an lorg a d’fhág tréimhse na réabhlóide 1913-1923 ar shochaí na hÉireann sa 20ú haois agus san 21ú haois.

Tá fáilte roimh chách a bheith i láthair.

Costais: Saorchead Dé hAoine/€10 Mic Léinn agus €25 baill an phobail Dé Sathairn. Gach eolas anseo.

Bainigí sult Gaelach as an deireadh seachtaine! HUP!