5 nós ársa ar Lá Fhéile Bríde
Ceiliúradh an earraigh & an naoimh

Labhair an Dr. Dónal Ó Droighneáin le NÓS faoi na bealaí éagsúla a thugtaí ómós do bhandia agus Naomh mór na hÉireann, Bríd, ar Lá Fhéile Bríde.


Ón Bhrat Bhríde, an Bhrídeog, Crios Bhríde agus na sliogéisc a thugtaí isteach chun tí, go dtí na seanscéalta agus na rannta a bhíodh i mbéal bhuachaillí agus chailíní na tíre, tá go leor nósanna ann a cheiliúr banlaoch na hÉireann ar an lá seo, Lá Fhéile Bríde!

Mórfhéile i dtraidisiún na hÉireann é Lá Fhéile Bríde in ómós Naomh Bríd.

Ceaptar é a bheith bunaithe ar sheanfhéile Cheilteach darb ainm Imbolc, a rinne ceiliúradh ar theacht an earraigh agus a raibh fás, beatha agus torthúlacht go mór i gceist.

Meastar go bhfuil cuid de na tréithe den bhandhia Bríd tógtha ag Naomh Bríd uirthi féin chomh maith agus go bhfeictear é seo sna nósanna agus sna cleachtais thraidisiúnta a bhaineann le Lá Fhéile Bríde.

Ar ndóigh, chuala muid ar fad caint ar Chros Bhríde, cros déanta de luachra (rushes) nó de chochán (straw) an t-am seo den bhliain.

Creideadh gur choinnigh Cros Bhríde olc, tine agus ocras ó dhoras.

Sa bhailiúchán béaloidis ‘Bailiúchán na Scol’, a chnuasaigh páistí scoile na hÉireann le linn na 1930í, scríobh páiste scoile amháin i gCo. Mhaigh Eo gurbh é fear an tí a rinne Cros Bhríde agus gur crochadh in airde sa chistin é.

“Chuile oidhche Naomh Brighde déanann fear an tighe Cros Brighde de chóchain nó de luachar, agus crochtar é os cionn doras an chisteanaigh chun an tigh do choineál ó thrioblóid, is ó theinneas i rith na bliadhna.” 

“Caithtear an sean cheann sa teinne.” (tine) 

MakingStBrigidsCross

Mar aon leis an chros, bhí go leor traidisiún eile a bhaineann le Lá Fhéile Bríde a bhíodh á chleachtadh ar oíche Lá Fhéile Bríde agus ar an lá féin.


1. Brat Bhríde

Cloth

Creideadh go raibh cumhacht leighis agus ádh ag Naomh Bríd.

D’fhágadh daoine píosa éadach nó ribín ar mhullach nó ar dhíon an tí Oíche Lá Fhéile Bríde agus creideadh go dtiocfadh Naomh Bríd thart, go leagadh sí lámh ar an éadach agus go mbeadh bua an leighis agus ádh ag an bhrat.

D’úsáidtí an t-éadach ón lá sin amach i gcúraim leighis agus mar chomhartha den ádh le linn na bliana.


2) An Bhrídeog

straw doll one

Bábóg ab ea í an bhrídeog, a dhéantaí sa bhaile.

Go minic d’úsáidtí an phunann dheireanach arbhair a bhaintí san Fhómhar mar chorp na brídeoige.

Tá sé spéisiúil go n-úsáidtí an phunann, mar go bhfuil baint aige le torthúlacht agus fás chomh maith le Naomh Bríd féin.

Chuirtí éadach os cionn na punainne agus bhí sé ráite go gcuirfeadh Naomh Bríd a beannacht ar na barraí dá ndéanfaí é seo.

Cailíní óga a thabharfadh an Bhrídeog thart ó theach go teach oíche na féile, nós a bhí le fáil go forleathan.

Ba chineál ‘bob nó bia’ rick a bhí ann gan aon chleasaíocht agus deiridís rann traidisiúnta, mar a bhí i gceantar Cois Fharraige, Co.na Gaillimhe.

Seo í isteach mo bhrídeog
Mo bhrídeog chun a’ tí
Mo bhrídeog álainn gléasta
In éadach agus tuí
Tabhair pingin don bhrídeog ‘s beidh sí buíoch díobh

I gceantair áirithe áfach – Co. Chiarraí mar shampla – théadh buachaillí nó fir óga thart leis an mbrídeog agus iad gléasta i gcultacha tuí.

Thugtaí ‘Biddy Boys’ orthu i mBéarla.


3. Crios Bhríde

crios

Théadh buachaillí thart leis an gcrios i gceantair áirithe agus bhí an nós seo láidir ach go háirithe i gConamara agus Árainn.

Beilt mhór leathan déanta as tuí nó féar a bhí sa chrios agus cheanglóidís trí nó ceithre chros leis.

Chuireadh muintir an tí an crios anuas orthu féin trí huaire agus iad ag paidreáil.

Bhíodh rannta ag na buachaillí freisin, mar shampla:

Crios Bhríde mo chrios,
Crios na gceithre cros,
Éirigh suas, a bhean an tí,
Agus téirigh tríd an chrios

Rann eile:

Crios Bhrighde mo chrios
Crios na dtrí gcros
An té a rachas trí mo chrios
Go mba seacht míle fearr a bheas sé bliain ó anocht.

Chreid siad go láidir go raibh sé ádhúil é seo a dhéanamh.


4. Sliogéisc

faocha

Thugtaí sliogéisc – bairnigh agus faochain mar shampla – isteach sa teach Oíche na Féile Bríde agus chuirtí i gceithre choirnéal an tí iad.

Bhí sé ráite go gcuirfeadh sé seo rath ar an teach agus séasúr na hiascaireachta agus an chnuasaigh trá ar an mbealach.


5) Seanscéalta faoi Naomh Bríd

Cloca

Tá go leor scéalta faoi Naomh Bríd, a mhair i mbéal na ndaoine agus a bhíonn a theagasc do dhaoine óga go fóill ar scoil.

Ar cheann de na scéalta ba mhó, bhí an scéal faoi Naomh Bríd a bheith ag cuardach talaimh agus í ag iarraidh mainistir a thógáil thíos i gCill Dara.

Bhíodh clóca nó brat a chaitheamh ag mná an t-am sin agus b’amhlaidh a bhí á chaitheamh ag Naomh Bríd.

Tháinig sí chomh fada leis an taoiseach seo agus d’iarr sí roinnt talaimh air.

Dúirt an taoiseach léi go magúil; “Gheobhaidh tú an méid talaimh a chlúdóidh do bhrat.”

Bhain sí an brat di agus leag sí ar an talamh é agus thosaigh sé ag fás agus ag fairsingiú go míorúilteach.

Scaip clóca Naomh Bríd ar fud cuid mhaith de Chill Dara agus bhí sí in ann a mainistir mhór a thógáil ann.


Is Stiúrthóir é Dr. Dónal Ó Droighneáin ar an Dioplóma sa Chultúr Dúchais in Acadamh na hOllscolaíochta Gaillimh.