6 Imeacht Ghaelacha
ar siúl an deireadh seachtaine seo!


1. FÉILE: Féile Raifteirí / Halla an Bhaile agus ionaid éagsúla i mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, 19-20 Bealtaine

Beidh comóradh á dhéanamh ar Raifteirí i mBaile Átha Rí an deireadh seachtaine seo, mar a bhíonn gach aon bhliain timpeall an ama seo.

Tá réimse leathan imeachtaí beartaithe ag muintir Ghaeilge Locha Riach, a bhíonn i bhfeighil na féile seo.

I mbliana ní hamháin go ndíreofar ar na tréithe traidisiúnta a bhain leis an bhfile, ach beidh ócáidí comhaimseartha ar bun chomh maith.

Is í Áine Ní Shíoradáin, a bhfuil taighde nach beag déanta aici ar shaothar Raifteirí, a bheidh i mbun ceardlanna amhránaíochta agus ceoil; is í chomh maith a thabharfaidh léacht na féile agus amhráin an fhile idir chamáin aici.

Déanfaidh Rónán Ó Snodaigh iarracht amhráin nua-aimseartha a chumadh mar chuid de cheardlann eile!

Deartháir Rónáin, Rossa, a bheidh mar fhear an tí ag coirm mhór an deireadh seachtaine – Dé hAoine 19 Bealtaine – nuair a thabharfaidh leithéidí IMLÉ (thuas), Séamus Barra Ó Súilleabháin, Sruth na Maoile agus tuilleadh nach iad faoin ardán.

É sin ar fad mar aon le ceardlanna filíochta, seisiúin cheoil, agus cuairt ar uaigh an fhile i gCreachmhaoil Co. na Gaillimhe.


2. DRÁMA: ‘Cruthaíonn Bréag Bréaga‘ á léiriú ag Aisteoirí Mhíobhaigh na nDúnaibh / Amharclann Ghaoth Dobhair, Dé hAoine 19 Bealtaine @ 20:00

Léireoidh Aisteoirí Mhíobhaigh na nDúnaibh dráma úrscríofa le duine de bhaill an chumainn, Proinsias Ó Cuilinn, Dé hAoine seo chugainn.

Is in Amharclann nua-oscailte athchóirithe Ghaoth Dobhair a léireofar Cruthaíonn Bréag Bréaga, dráma a bhí le feiscint ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta ní ró-fhada ó shin.

Tá ticéid ar díol san Amharclann féin, Siopa Mat Bonner, Siopa Stephen Croith Shlí agus sa Chrannóg agus gan ach €10 orthu.

Brisigí cos a chairde!


3. CEOL: Cillín / An Poitín Stil, Indreabhán, Conamara, Gaillimh, Dé hAoine, 19 Bealtaine @ 21.30

Beidh an banna Cillín le feiscint in Indreabhán an Aoine seo, sa Phoitín Stil.

Ní hamháin go mbeidh ceol ann, ach comórtais chomh maith – comórtais válsála agus jiveála!

Beidh go leor duaiseanna le buachaint acu siúd atá misniúil a dhóthain chun tabhairt faoin urlár rince.

Rachaidh an t-airgead a bhaileofar chuig ciste cuimhneacháin le comóradh a dhéanamh ar an mianach a phléasc ar an Lochán Beag, 100 bliain ó shin, i Meitheamh na bliana 1917.

Hup!


4. SEOLADH & CEOLCHOIRM: Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste / Dark Horse, Dé hAoine 19 Bealtaine @ 16:00 agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé hAoine 19 Bealtaine @ 20:00 faoi seach

Is i rith an tsamhraidh a bheidh an chéad Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta ar bun i mBéal Feirste.

Is ón 31 Iúil go dtí an 4 Lúnasa a bheidh sé faoi lán seoil – sin dáta don dialann daoibh!

Dáta eile don dialann daoibh ná an 19ú Bealtaine, mar go mbeidh seoladh na féile ar siúl i dtábhairne an Dark Horse.

Ina dhiaidh sin, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, beidh an banna Ulaid agus Duke Special ag seinnt d’oíche thiomsaithe airgid ar mhaithe na scoile!


5. CEOLCHOIRM: Ger Wolfe &a chairde / Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Bhúirne, Dé hAoine, 19 Bealtaine @ 20:30

Beidh tuilleadh ceoil arís an deireadh seachtaine seo in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh i mBaile Bhúirne, mar is dual dóibh!

An Aoine bheag seo, is é an Corcaíoch, an ceoltóir agus giotáraí cumasach Ger Wolfe a bheidh ag soláthair na n-amhrán.

Ina theannta beidh Richard Lucey ar an mbosca agus Paul Frost ar an dord.

Gach eolas faoin gcoirm sin agus imeachtaí eile ar fad an tsamhraidh, le fáil anseo.


6. FÉILE: Féile na gCloigíní Gorma Uachtar Chluanaí, Iarthar Bhéal Feirste, 21-28 Bealtaine

Beidh an fhéile phobail Féile na gCloigíní Gorma ar siúl ar feadh seachtaine i mBéal Feirste, ón Domhnach 21 Bealtaine ar aghaidh.

Na Cloigíní Gorma atá roghnaithe mar shiombail don bhféile seo chun aoibhneas an tsaoil a chur i gcuimhne do dhaoine.

Is ócáidí deasa, pléisiúrtha, (a mheabhróidh do dhaoine faoi aoibhneas an tsaoil), atá ar chlár na féile seo – a dhéanann ceiliúradh ar phobal, ar shláinte agus ar an timpeallacht áitiúil.

I measc na n-imeachtaí atá luaite leis an bhféile, beidh comórtas peile ar siúl, turas siúlóide, seimineár agus díospóireacht phainéil faoi obair óige, agus ceardlann aireachais.

Tá i bhfad Éireann níos mó ná sin geallta agus mholfainn daoibh dá bharr turas a thabhairt ar an leathanach gréasáin seo chun blaiseadh níos cuimsithí a fháil!


* Ná déanaigí dearmad a chairde faoin Lá Dearg agus an G-Spota Dearg i mBéal Feirste Dé Sathairn beag seo – léigh tuilleadh faoi ócáidí an tSathairn anseo #dearglefearg #beidhméann