6 Imeacht Ghaelacha
ar siúl as seo go ceann seachtaine!


1. FÉILE: Comórtas Peile na Gaeltachta / Tuar Mhic Éadaigh, Contae Mhaigh Eo, 2-5 Meitheamh

Beidh Gaeil bhreátha ag teacht le chéile ag Comórtas Peile na Gaeltachta i dTuar Mhic Éadaigh, Contae Mhaigh Eo, an deireadh seachtaine seo.

Féile spóirt lán siamsa atá san imeacht seo a thugann peileadóirí Gaeltachta le chéile gach bliain.

Anuas ar na cluichí, bíonn céilithe, ceol, comórtas an Chailín Gaelaigh (iomaitheoirí 2016 thuas) agus Tráth na gCeist boird agus a leithéid d’imeachtaí eile ar siúl fosta.

Le breis is scór foireann páirteach, ó chlubanna i gcéin agus i gcóngar, bígí ag súil le ham iontach!

Mura dtig leat freastal i mbliana, tiúnaigí isteach go RTÉ Raidió na Gaeltachta leis an aicsean ar fad a leanúint.

Go n-éirí go geal leis na foirne ar fad a bheidh ag tabhairt aghaidh ar pháirc na himeartha.


2. CEOLCHOIRM: Cairde Phíobairí Uilleann Chúba / The Grand Social, Sráid na Life Íochtarach, BÁC, Déardaoin 1 Meitheamh @ 20:00 

Beidh plúr na gceoltóirí ag dul ar ardán an Grand Social anocht.

I measc na meithle breá seo, beidh Liam Ó Maonlaí, ó na Hothouse Flowers agus Ré, fear an chonsairtín Noel Hill, an fidléir aitheanta Liam O’Connor, a bhfuil scoth an albaim seolta aige le deireanaí, an píobaire Seán McKeon, agus ceoltóirí móra i saol an cheoil amhail John Blake, Jimmy Kelly agus Pat Goode, Aoife O’Connor (thuas), Majella O’Beirne agus Mary Corcoran.

Is ar mhaithe leis na Cuban Uilleann Pipers atá an oíche tiomsaithe airgid seo á reáchtáil acu le go mbeadh píobairí ‘Buena Vista’ in ann seal a chaitheamh ag foghlaim i gClub na bPíobairí, BÁC.

Tá ticéid ar fáil ach an nasc seo a bhrú.


3. TAISPEÁNTAS: Tairlearach, From Beyond the Sea / Halla na Cathrach, Corcaigh, 31 Bealtaine – 12 Meitheamh, (Luan go hAoine)

‘Tairlearach – From Beyond the Sea’ teideal thaispeántas ealaíne a osclófar go oifigiúil Dé hAoine beag seo i gCorcaigh.

Tá an taispeántas seo ar chlár an Cork Harbour Festival agus díríonn saothar an taispeántais ar an tionchar atá ag uisce orainn mar dhaoine, agus ar an éifeacht a bhíonn aige ar ár saolta agus ár gcuid samhlaíochta.

Tá ealaíontóirí Chorca Dhuibhne i measc na rannpháirtithe, Deirdre McKenna cuirim i gcás agus Elisa Feiritéar, i measc scata eile.

Beidh sé ar siúl go dtí an 12 Meitheamh i Halla na Cathrach.


4. OÍCHE CHLUB: Cian Ó Cíobháin i mbun ceoil / Nelliefreds, An Daingean, Dé Sathairn 3ú Meitheamh 2017 @ 22:00

Is é an craoltóir aitheanta Cian Ó Cíobháin a bheidh i bhfeighil an cheoil i dtábhairne Nelliefreds sa Daingean Dé Sathairn dheireadh seachtaine na Cincíse.

Beidh fear na Gráige ag filleadh ar an leithinis gurb as do don oíche cheolmhar seo, a thosóidh ag 10in. Saor chead isteach!

Mura féidir libh fanacht go dtí sin, tabhair cluas éisteachta do An Taobh Tuathail ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Luan go hAoine óna 22:00, le rogha Chéin a chlos.

Tharraing an Seanadóir Fintan Warfield anuas a chlár le déanaí.

“Thar a bheith cumhachtach” an cur síos a dhein sé air le linn a chuid cainte i rith na seachtaine seo caite sa Seanad. Táim ar aon fhocal leis.


5. CEOLCHOIRM: IMLÉ & Distinct Orbit / The Button Factory, Barra an Teampaill, Dé Domhnaigh 4 Meitheamh @ 19:30

Mar chlabhsúr ar imeachtaí fhéile PolskaÉire na bliana seo, beidh coirm mhór ar siúl i gcroílár na hardchathrach Dé Domhnaigh beag seo.

Tá mórbhuaiteoirí Ghradaim Cheoil NÓS 2016, an banna IMLÉ, ar cheann de na grúpaí ceoil atá luaite leis an ócáid seo, a bheidh ar siúl sa Button Factory.

Ina dteannta chomh maith beidh an banna Distinct Orbit. Nach maith an chríoch é le hócáidí na féile!


6. CAMCHUAIRT: Inni-K & Stephen James Smith / Ionaid éagsúla i gCorcaigh 5-8 Meitheamh

Is ar camchuairt i gCorcaigh a bheidh Inni-K (thuas) ag tús na míosa, agus ina teannta beidh an taibhealaíontóir Stephen James Smith, an fear taobh thiar den dán iontach seo ‘Dublin You Are’.

Beidh beirt eile, Brían Mac Gloinn (ó Ye Vagabonds) agus Alyanya ag glacadh páirte sa turas ceoil seo, a thabharfaidh ó Bhéal Átha an Dá Chab iad go Cloich na Coillte agus An Léim, sula dtabharfaidh siad aghaidh ar lár na cathrach.

Ádh mór leo ar fad agus bígí scoth an deireadh seachtaine agaibh go léir!