6 Imeacht Ghaelacha
ar siúl an deireadh seachtaine seo!


1. OSCAILT: Taispeántas ealaíne le hÁine Ní Chíobháin agus Carole Shubotham / Ionad Ealaíne Raghnallach, BÁC, Déardaoin 15 Meitheamh @ 6in

Osclófar taispeántas tráthnóna inniu i Raghnallach ina mbeidh saothar na beirte ealaíontóirí Áine Ní Chíobháin (thuas) agus Carole Shubotham le feiceáil ann.

Tá cion faoi leith acu beirt ar an nádúr, ar a bheith amuigh faoin aer agus ar bheith ag snámh sa bhfarraige.

Túsphointe dá gcuid ealaíne é an grá sin atá acu d’fhiántas an nádúir, agus is léir sin ón gcuid oibre.

Beidh deis agaibh saothar cruthaitheach leo a fheiscint as seo go deireadh na míosa.


2. FÉILE: Ceiliúradh ar Lá Bloom / Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill, BÁC, Dé hAoine 16 Meitheamh @ 3in

Ní ró-fhada ó shin go rabhas ag trácht ar an taibhealaíontóir Stephen James Smith, (an fear taobh thiar den dán iontach seo ‘Dublin You Are’), ar leathanach seo na n-imeachtaí, agus é ar camchuairt i gCorcaigh in éineacht le Inni-K.

Más rud é gur chaill tú i gCorcaigh é, bí ar an eolas go mbeidh sé i mBaile Átha Cliath an Aoine seo.

Is é atá ag prapáil le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Bloom, in éineacht le plúr na n-aisteoirí, polaiteoirí, ceoltóirí, tráchtairí agus filí, a bheidh ag léamh sleachta ó Uiliséas.

Ina measc, beidh spéirbhean na hArdchathrach, Ciara Ní É, a léifidh as Gaeilge.

Bígí leo, amuigh faoin aer ag Cearnóg Theach an Tionóil, óna trí a chlog.


3. FÉILE: Féile na Gealaí / Ráth Chairn Glas Gréine na Mí, Dé hAoine 16 – Dé Domhnaigh 18 Meitheamh

Imigh le Gealaigh leis na Gaeil an deireadh seachtaine seo, le campáil agus féile faoi dhraíocht na spéire!

Tá Féile na Gealaí buailte linn faoi dheireadh thiar thall, agus sinn ag fanacht go foighneach leis ó thús na bliana!

Is mó duine dá bharr a bheidh ag triail ar Ghaeltacht na Mí amárach.

Ní hamháin go mbeidh scoth na mbannaí Gaelacha ar ardán – leithéidí IMLÉ, Boss Sound Manifesto, Scannal, agus Dysania (díreach mar chúpla sampla), ach beidh ceoltóirí agus amhránaithe aonair i mbun siamsaíochta chomh maith – Emma Ní Fhíoruisce, Cathal Banjo Ó Curráin, J.J. Ó Dochartaigh agus Diane Ní Chanainn!

Tá go leor eile nach bhfuil luaite agam ar chlár na féile!

Beidh ceardlanna á reáchtáil ag lucht REIC agus Óga Yoga, agus beidh ceardlann Ghaeilge na hAlban ar bun chomh maith; beidh Raidió na Life agus Raidió Fáilte ag craoladh ón láthair; beidh fir agus mná grinn Gaelacha ag magadh faoina chéile (agus fúinne is dócha) ag GaelGÁIRÍ, agus beidh bia blasta ar fáil mar aon le comhluadar breá.

Mar is nós do na hÉireannaigh, ní i gcónaí a cheannaítear ticéad roimh ré d’ócáidí mar é.

Ná bí imníoch mura bhfuil do cheann agat, beidh siad agus tá siad fós ar díol ar Eventbrite, agus is féidir iad a fháil ar an láthair chomh maith.

Leithscéal ar bith agaibh anois!


4. FÉILE: Féile Áiseach Éireannach / Teach Tábhairne an Chuain, Bré, Dé Domhnaigh 18 Meitheamh @ 1in

Tá Féile Áiseach Éireannach beartaithe do Bhré an Domhnach beag seo, é eagraithe ag Glór na nGael.

Tá cuma bhreá ar an gclár, agus go leor imeachtaí éagsúla pleanáilte.

An oiread sin, go bhfuil moladh mór tuillte ag lucht a eagraithe. Beidh seisiún malartú teanga ar bun agus deis ann do dhaoine Gaeilge agus Sínis a fhoghlaim.

Ceacht eile foghlamtha a bheidh ar bun ná conas camáin a dhéanamh, rang a bheidh faoi stiúir Sheosaimh Bhreathnach.

Beidh an fear grinn Giggles i láthair le siamsaíocht a sholáthar do na daoine óga; cloisfear ceol ón mbanna Seoidín; agus beidh ardán á thabhairt do rince Seapáinise agus Indinéisise.

Sin blaiseadh de na himeachtaí, cuid acu ar aon nós, beidh scata eile ar bun i dTeach Tábhairne an Chuain, ionad na n-ócáidí ar fad.


5. TEACHT LE CHÉILE: Picnic an tSamhraidh / Imearlann na Rinne, Dé Domhnaigh 18 Meitheamh @ 2in

Beidh fáilte roimh chách ag Picnic an tSamhraidh in Imearlann na Rinne an Domhnach seo ag teacht.

Tá sé á eagrú ag Comhlucht Forbartha na nDeise, Glór na nGael agus Spraoi na Rinne, agus é oiriúnach do theaghlaigh ach go háirithe… beir libh na ceapairí!

Mura mbíonn an aimsir dheas, is sa halla a bheidh an phicnic ar bun.


6. DRÁMA: Pléasc, le Eoin Mac Diarmada á léiriú ag Fíbín / An Trá Mhór, Conamara, Indreabhán.

Athinstint atá sa léiriú seo, faoi stiúir Breandan Murray, ar thragóid a tharla 100 bliain ó shin nuair a phléasc mianach ar thrá i gCois Fharraige, Conamara, gar don Trá Mhór.

Léigí tuilleadh faoin scéal anseo!

Má tá ticéad agat, tá an t-ádh ort óir fógróidh ar Twitter go bhfuil na ticéid ar fad díolta amach, ach is dócha go mbeidh sibh in ann páirt a ghlacadh sa spraoi sa gceantar tar éis an dráma!

Gach rath orthu!

Bíodh ard-deireadh seachtaine agaibh go léir!