6 Imeacht Ghaelacha
ar siúl an deireadh seachtaine seo!


1. FÉILE: Scoil Samhraidh an Phiarsaigh / Teach an Phiarsaigh, Ros Muc, Conamara, 27-29 Iúil

‘Súil Siar agus Súil Chun Cinn’ téama na bliana seo ag Scoil Samhraidh an Phiarsaigh.

Seolfaidh rí na tráchtaireachta Mícheál Ó Muircheartaigh an scoil go hoifigiúil tráthnóna inniu in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, a tógadh ar an láthair chéanna is ar thóg an Piarsach a thig féin ar bhruach Loch Oiriúlach.

Ina dhiaidh sin, léireoidh an comhlacht ildánach Fíbín Clann Lir, dráma tá bunaithe ar an scéal miotaseolaíochta cáiliúil.

Beidh plé spéisiúil ar bun maidin amárach le painéal de cheathrar; ‘An mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht?’ a bheidh idir chamáin ag Íte Ní Chionnaith, Máire Ní Neachtain, Harry McGee agus Peadar Mac an Iomaire, faoi chathaoirleacht Mháirín Ní Ghadhra.

Déanfar ceiliúradh agus comóradh ar shaol agus ar shaothar Chaitlín Maude, ócáid a mbeidh baint ag nia agus deartháir Chaitlín leis, ina measc eile.

Ní hamháin sin ar fad, ach beidh siamsaíocht i bhfoirm cheoil, rince agus amhrán ar bun chomh maith, le leithéidí Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Róisín Ní Mhainín, Caitlín Ní Chualáin agus Neansaí Ní Choisdealbha luaite leis na himeachtaí, agus scata eile nach iad páirteach chomh maith!

Tá liosta ar fad na rannpháirtithe agus gach eolas eile le fáil anseo.


2. SEOLADH & TÓRAÍOCHT TAISCE: Eolaire Gnó Peig.ie / Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC, Déardaoin 27 Iúil @ 19:30

Tá tóraíocht taisce eagraithe ag Conradh na Gaeilge chun an t-eolaire gnó atá acu mar chuid d’aip peig.ie a sheoladh go hoifigiúil.

Nach iontach an smaoineamh é!

Tabharfaidh an turas tóraíochta seo foirne de cheathrar timpeall na hardchathrach chun seirbhísí Gaeilge i mBaile Átha Cliath a aimsiú.

Beidh baint nach beag ag na meáin shóisialta leis an gcuardach mar go mbeidh leideanna beo le fáil i rith na hoíche ar Twitter, agus beidh orthu siúd a bheidh san iomaíocht pictiúir a chur ar na meáin chomh maith.

Tá duais bhreá ann don mheitheal a n-éireoidh leo an dúshlán a shárú sa tréimhse ama is giorra – dearbhán deochanna luach €100 don bPop Up Gaeltacht a bheidh ar siúl an tráthnóna sin, i dtigh tábhairne Zozimus (féach thíos).

Buail isteach chuig oifigí Chonradh na Gaeilge ag 19:30 le bheith páirteach, cuirfear ar fhoireann tú más leat féin a bheidh tú.

Ádh mór, beidh deoch tuillte ag an bhfoireann bhuacach, táim cinnte!


3. TEACHT LE CHÉILE: Pop Up Gaeltacht / Zozimus, Lána Anna, Baile Átha Cliath, Déardaoin 27 Iúil @ 20:00

Is minic mé ag trácht ar nós na PreabGhaeltachta ar leathanach seo na n-imeachtaí, ní haon eisceacht leathanach na seachtaine seo.

Ná dearúdaigí gur i dtábhairne Zozimus ar Lána Anna i mBaile Átha Cliath a bheidh na Gaeil ag bailiú tráthnóna, ina measc foireann bhuacach Thóraíocht Taisce an Chonartha (féach thuas).

Is iad na buaiteoirí a bheidh ag ceannach na ndeochanna, bí cinnte a bheith in aice leo tar éis a mbua! 😉


4. CEOLCHOIRM: Dysania / Club Áras na nGael, 45 Sráid Dhoiminic, Gaillimh, Dé hAoine 28 Iúil @ 21:00

Bígí in éineacht le muintir na dTreabh agus rac-cheoltóirí Mhuineacháin, Dysania, i gClub Áras na nGael istoíche amárach!

Beidh seachtar an bhanna ag teacht go Gaillimh don gcoirm seo, atá ina hócáid thiomsaithe airgid chomh maith do Ghaeil na Gaillimhe CLG.

Tá dhá chúis bhreátha ansin agaibh chun cuairt a thabhairt ar Chlub Áras na nGael, atá ag eagrú ócáidí fíor-spreagúla le tamall anuas, treise leo!

Go leanfar le héagsúlacht na n-ócáidí.

Táim cinnte go mbeimid ag trácht arís orthu ar na leathanaigh seo gan ró-mhoill!


5. SEOLADH & CEOLCHOIRM: Jiggy / Whelan’s, Sráid Loch Garmán, Dé hAoine 28ú Iúil @ 20:00

Translate an teideal atá ar an gcéad albam ón mbanna Jiggy (príomhphic).

Tá sé ar fheabhas.

Táim ag éisteacht leis le tamall de sheachtainí anuas, ó tháinig sé chugam ag deireadh na míosa seo caite.

Tá ceol agus amhráin bhreátha air ó bhaill an bhanna agus aoicheoltóirí aitheanta chomh maith, ina measc Eoghan Ó Ceannabháin agus Síle Denvir.

Seolfar é i dtábhairne a bhfuil cáil an cheoil air, Whelan’s na hArdchathrach, istoíche amárach.

Seinnfidh an banna ann chomh maith mar chuid de cheiliúradh an tseolta!


6. SEOLADH & CEOLCHOIRM: Seasta /Lab an Daingin, Ciarraí, Dé Sathairn 29ú Iúil @ 17:00

Táim ag súil le cluas éisteachta a thabhairt go luath d’albam nua, atá le seoladh an deireadh seachtaine seo.

Is pianódóir agus amhránaí í Seasta, ainm cleite an cheoltóra Mo Benison, arb as An Daingean di.

Is ina baile dúchais, in ionad An Lab, a sheolfaidh an ceannródaí seo ó thaobh an cheoil leictreonaigh a halbam Dé Sathairn beag seo.

Is ar cheol clasaiceach don bpianó atá Seasta ag díriú a cuid airde le tamall anuas.

Leagan sí béim ar ghluaiseacht agus rince ina cuid saothar ó thaobh mothúchán agus struchtúr de, agus é sin le sonrú ó ábhar an dlúthdhiosca seo.

Tá fáilte roimh chách ag an ócáid seolta, go háirithe más ó dheas a bheidh sibh an deireadh seachtaine seo!


*MEABHRÚ: Cóisir Cois Cuan, Oíche Airneáil agus Máirtín Ó Connor, Róisín Elsafty agus Dónal Lunny fós le theacht i mBéal Feirste, Scoil Samhraidh Mhic Reachtain abú!

Cibé áit a mbeidh sibh an deireadh seachtaine seo, bainigí sult as!