6 Imeacht Ghaelacha
ar siúl an deireadh seachtaine seo!


1. FÉILE: Loinneog Lúnasa / Ionaid éagsúla i nGaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall, 9-14 Lúnasa

Tá tús curtha ó thráthnóna inné le féile cheoil agus chultúir i nGleanntáin Ghlasa Ghaoth Dobhair.

Loinneog Lúnasa is teideal dó, agus tá imeachtaí go leor eile fós le teacht idir seo agus an Domhnach.

Beidh scoth an cheoil le clos, ó cheoltóirí na háite, ina measc Moya Brennan, a bheidh le feiscint i dtábhairne a muintire, Teach Leo, áit a mbeidh sí ar ardán lena clann agus a cairde.

Go deimhin, tá Moya bainteach leis an mbanna ceoil T with the Maggies, a bheidh i mbun ceoil chomh maith i rith na féile in Amharclann álainn athchóirithe Ghaoth Dobhair.

Is iad an banna ceoil óg spreagúil, An Crann Óg, a bheidh mar cheoltóirí taca don gcoirm sin.

Ní hamháin gur plúr na gceoltóirí atá ar an gclár, tá scata imeachtaí eile cultúrtha beartaithe.

Siúlóid cois cósta sa chlapsholas mar shampla amháin… nach rómánsúil an dream iad thuas?

Beidh margadh bia agus ceardaíochta ar siúl chomh maith, le rogha leathan de tháirgí baile agus d’earraí ceardaíochta ar díol ann.

Ní hamháin sin ar fad, ach tá céilí mór ar na bacáin chomh maith, le banna céilí Duntally.

Tá gach eolas faoi sin, agus na hócáidí ar fad eile atá ar an gclár le feiscint anseo.


2. TEACHT LE CHÉILE & SEOLADH: Olltráth na gCeist agus Seoladh Taispeántais Chormaic Uí Fheinneadha / Club Chonradh na Gaeilge, Déardaoin 10 Lúnasa @ 8:30in agus Dé hAoine 11 Lúnasa @ 8in

An bhfuil tú eolach ar chúrsaí reatha, tíreolaíochta agus staire?

Tá gach seans ann go dtiocfaidh ceann de na hábhair sin aníos ag babhta éigin de thráth na gceist boird an Chonartha, a bheidh ar siúl tráthnóna!

Léirigh do do chairde nó comhghleacaithe foirne cé chomh cliste is atá tú ag freagairt saincheisteanna ar mheascán d’ábhair!

Mura bhfuil cairde nó comhghleacaithe foirne agat, ná bí buartha, tar leat féin agus cuirfear ar fhoireann tú.

Foirne de cheathrar atá i gceist, €10 an bord agus duaiseanna breátha le baint. Bí ann nó bí cearnógach!

Ní gá dul i bhfad ó Chlub an Chonartha an deireadh seachtaine seo agus taispeántas ealaíne le Cormac Ó Feinneadha á sheoladh oíche Aoine.

Bainisteoir ar fhoireann na mban é Cormac agus ball de Na Gaeil Óga, ábhar ionspóráide a chéad bhailiúcháin!

Bígí ag súil le neart de na baill a fheiceáil sa bhailiúchán.

Na Gaeil Óga abú!


3. SIAMSA & SPRAOI: Cuisle Húlaí / Halla Pobail na Rinne, Déardaoin 10 Lúnasa @ 8:30in

Tá ócáid phléisiúrtha á heagrú sa Rinn i bPort Láirge tráthnóna, a thabharfaidh ceoltóirí, amhránaithe, scéalaithe agus rinceoirí le chéile d’oíche airneáil.

Cuisle Húlaí ainm na hócáide, ag a mbeidh fáilte roimh chách, daoine óga san áireamh.

I measc na ndaoine a bheidh i láthair i mbun siamsaíochta, beidh Ógie Ó Céilleachair, Caitríona Ní Ghealbháin, Seán Ó Fearghaíl, Mac Dara Mac Donncha agus neart eile.

Baileoidh na daoine i Halla Pobail na Rinne timpeall 8.30in, tráth a mbeidh tae, caife agus brioscaí blasta ar fáil chomh maith.


4. RÁSAÍ: Rásaí an Daingin / Baile an tSagairt, Co. Contae Chiarraí, 11-13 Lúnasa

I mBaile an Daingin a bheidh an chraic is an spraoi an deireadh seachtaine seo agus tús á chur le rásaí bliantúla an bhaile.

Uair sa bhliain a bhailíonn idir áitritheoirí agus strainséirí le chéile chun sult a bhaint as an bhféile trí lá seo.

Eagrófar tuairim is 20 rás i rith an ama sin, baileoidh tuairim is 160 capall ar an láthair agus n’fheadar éinne an méid airgid go bhféadfaí a bhaint, dá mbeadh an t-ádh leat!

Beidh caisleáin spraoi ann le siamsaíocht a sholáthar do lucht freastail níos óige; fir agus mná feasa; mar aon le seastáin ag díol iontaisí an tsaoil!


5. CEOLCHOIRMEACHA: Baile an Salsa / Ar camchuairt 12-19 Lúnasa in ionaid éagsúla

Beidh deis agaibh an banna ildánach ceoil Baile an Salsa a fheiscint agus iad ar camchuairt bheag timpeall na tíre an tseachtain seo.

Is sa Ghaillimh (an contae inar tháinig an grúpa le chéile an chéad lá riamh) a bheidh siad i mbun ceoil Dé Sathairn, i dtábhairne Monroe’s.

An oíche dár gcionn, tráthnóna Domhnaigh, beidh siad san Ardchathair sa Grand Social cois Life.

Seachtain ó inniu, 17 Lúnasa, tabharfaidh siad aghaidh ar Bhré agus ar an Harbour Bar.

Tar éis a gcuid taistil in Éirinn, beidh turas níos faide i gcéin rompu amach mar go mbeidh siad i measc na n-oirfideach a bheidh i mbun ceoil ag an Philadelphia Folk Festival sna Stáit Aontaithe!

Tá deichniúr an ghrúpa ag obair ar albam nua faoi láthair chomh maith, agus más spéis leat tacú leo is féidir cuairt a thabhairt ar an leathanach Fundit atá bunaithe acu go speisialta ar son an chúraim.


6. FÉILE: Féile an Phobail / Ionaid éagsúla i mBéal Feirste – go dtí an 14 Lúnasa

Tá Féile an Phobail faoi lán seoil i mBéal Feirste agus scoth na n-imeachtaí beartaithe as seo go ceann seachtaine.

I measc na mbuaicphointí sa chlár Gaeilge, atá fós le theacht, tá siúlóidí treoraithe stairiúla i nGaeilge, ceardlanna amhránaíochta, taispeáint agus plé ar Cré na Cille, dráma nuascríofa ag Nuala Ní Néill ‘Na Pháidithe’ a thugann léargas ar chainteoirí dúchais Gaeilge as Ó Méith a tháinig go Béal Feirste sa 19ú céad agus tá ceolchoirmeacha ‘Unplugged’ ar siúl in áiteanna éagsúla sa bhaile chomh maith.

Gach eolas le fáil sa chlár.