6 imeacht Ghaelacha
ar siúl as seo go ceann tamaillín!

1) SPÓRT: Comórtas Péile na Gaeltachta / Baile Bhuirne, Corcaigh, 3 – 6 Meitheamh

comortas-peile-1

Tá muintir Bhaile Mhúirne agus Chúil Aodha ag ullmhú gan stad, gan staonadh do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2016 a thosóidh sa cheantar amárach.

Is é Cumann Peile Naomh Abán atá mar óstaigh ar an ócáid i mbliana ina dtiocfaidh togha na bhfoirne Gaeltachta i ngleic lena chéile.

Ní hamháin ar an páirc imeartha a bheidh an spóirt ar ndóigh ach beidh neart craice agus spraoi in ollphubal an chomórtais thar an deireadh seachtaine chomh maith.

Seinnfidh ceoltóirí áitiúla agus aíonna spéisialta gach oíche agus cuirfear críoch leis na himeachtaí le Comórtas An Chailín Ghaelaigh ar an Domhnach. Bígí ann!

Gach eolas le fáil ar comortaspeile2016.com


2) OÍCHE CHEOIL: Comóradh Raymond Roland / Tigh Cecil Sharpe, Br Naomh Regent, Londain, Dé Sathairn 4 Meitheamh

Raymond-Roland

Bhí Raymond Roland aitheanta mar cheoltóir traidisiúnta ag barr a cheirde.

Gaillimheach ó dhúchas, chaith sé tréimhse fhada dá shaol ina chónaí i Londain. Thaistil sé i bhfad i gcéin ag seinm a bhosca cheoil agus sheinn sé leis an iliomad ceoltóirí den scoth thar na blianta.

In ómós dó tiocfaidh cairde agus ceoltóirí le chéile i Londain an deireadh seachtaine seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaol Raymond.

Ina measc siúd a bheidh i láthair tá Néansaí Ní Choisdealbha ó Raidió na Gaeltachta, Des O’Halloran, John Carty agus neart eile. Eolas anseo.


3) SEISIÚN CEOIL: Seisiún don Chlann / Áras na nGael, Gaillimh, Dé Domhnaigh 5 Meitheamh, 3in

aras-na-ngael

Tabhair leat an dream óg agus bíodh píosa spraoi agaibh i gclub Áras na nGael ar an Domhnach beag seo.

Tá an seisiún ceoil seo oiriúnach do gach aoisghrúpa agus tá fáilte roimh cheoltóirí úra suí isteach agus páirt a ghlacadh sa seisiún chomh maith.

Mar sin tugaigí libh ná huirlisí agus bígí ag gabháil fhoinn!

Tuilleadh sonraí ar leathanach Facebook Áras na nGael.


4) FÉILE: Ravelóid sa Chathair / The Sugar Club & Club an Chonartha, BÁC, 9 – 11 Meitheamh

raveloid-cathair

Tá a fhios againn go bhfuil muid píosa beag luath leis na trí imeacht eile seo ach tá siad tábhacht agus beidh slua mór i láthair acu uilig mar sin bhí muid ag iarraidh fógra maith a thabhairt daoibh!

Tá mórfhéile champála na Ravelóide mar a bhí ceapaithe ar athlá ach ní chiallaíonn sé sin nach féidir linn céiliúradh a dhéanamh ar aon nós!

Tá sraith imeachtaí eagraithe i lár Bhaile Átha Cliath, ag tosnú Déardaoin seo chugainn le Gaelgáirí sa Sugar Club, agus tá lá mór ann i gClub Chonradh na Gaeilge ar an Satharn a thabharfaidh deis mhaith duit triail a bhaint as roinnt de na gníomhaíochtaí sin a bhfuil sé i gceist agat triail a bhaint astu le tamall anois!

Beidh Óga Yoga ann le haghaidh seisiúin íoga as Gaeilge mar aon le ceardlann ealaíne agus imeachtaí teaghlaigh a chinnteoidh go mbeidh cách in ann ár dteanga a úsáid in atmaisféar cairdiúil, cabhrach agus spraíúil.

Beidh leithéidí Dysania, Spats Colombo, Eve Belle, Enda Reilly agus go leor eile ag casadh ceoil i rith an lae ar fad ó 2in ar aghaidh.

Tá ticéidí do cheolchoirm mhór na hAoine díolta amach faraor ach tá eolas iomlán faoi na himeachtaí eile le fáil anseo.

Is muid an Réabhlóid!


5) FÉILE: Féile na Gealaí / Ráth Chairn, Contae na Mí, 10-11 Meitheamh

feile-na-gealai

Tagaigí ag campáil faoi na réaltaí linn ag Féile na Gealaí!

Beidh dhá lá de cheol agus campáil ar siúl i Ráth Chairn Ghlas na Mí ag an deireadh seachtaine seo chugainn.

Is iad na dátaí céanna iad le siamsaíocht Ravelóid sa Chathair ach tá muid cinnte go bhféadfadh na Gaeil cuid den dá imeacht a dhéanamh dá mba mhian leo!

Is iad Boss Sound Manifesto príomhcheoltóirí na féile agus tá clár ceoil thar a bheith suimiúil curtha le chéile ag an lucht eagraithe in am gairid.

Tá €25 ar thicéidí lae agus €40 le campáil.

Breis eolais anseo.


6) OÍCHE CHEOIL: Bréaglóid – Bréag & An Rasta Ruaidh / Barr a’ Tí, Arás Mhic Reachtáin, Béal Feirste, Dé hAoine 10 Meitheamh, 8in

breagloid

Muna bhfuil tú in ann freastal ar na féilte thuas agus más suim leat do bhuarthaí a chreathadh uait go fóill, níl leigheas níos fearr ná ceol reigé!

Níos fearr fós tá reigé na nGael atá á chrúthú ag an sár-ghrúpa ceoltóirí Bréag le blianta fada anuas.

Ina dteannta beidh Córas Fuaime Rasta Ruaidh ag gabháil dá ska breá Gaelach chomh maith le cinntiú go mbeidh oíche iontach cheoil ann, agus is féidir do chuid deochanna féin a thabhairt leat!

Coinnigh ar an eolas faoin oíche anseo.