6 Imeacht Ghaelacha
Ar siúl as seo go ceann seachtaine!

1. CEOL & CRAIC: Oíche Shiamsaíochta na Saimbia / Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Béal Feirste, Dé hAoine 27 Eanáir, 8in

Tiocfaidh amhránaithe, ceoltóirí agus oirfidigh de chuid Bhéal Feirste le chéile d’oíche mhór sa Chultúrlann Dé hAoine.

Tá an t-imeacht á reáchtáil ag Tionscnamh na Saimbia agus rachaidh an t-airgead ar fad a chruinneofar ar an oíche chuig an charthantacht.

HUP!


2. TEACHT LE CHÉILE: Lá Gnímh – An Dream Dearg / Gael-Ionad Mhic Goill, Béal Feirste, Dé Sathairn 28 Eanáir, 10rn-3in

Tá ag éirí go hiontach leis An Dream Dearg dul i bhfeidhm ar an phobal mór i mbliana agus ceist chearta mhuintir na Gaeilge a cur i lár an aonaigh, go háirithe i meáin na sé chontae.

Gluaiseacht rannpháirteach é An Dream Dearg agus chun plean a chur le chéile don tréimhse amach romhainn tá fáilte á cur roimh phobal na Gaeilge theacht le chéile i mBéal Feirste le haghaidh lá spéisialta gnímh.

Déanfar plé oscailte ar gach gné den chur chuige agus beidh giota spraoi ann fosta.

Bígí gníomhach, bígí dearg le fearg!

Breis eolais ar leathanach Facebook An Dream Dearg.


3. FÉILE: Féile Leabhar Radacach / Ionad Pobail Shraith an Phíolóta, Sráid Rossville, Doire, 28 Eanáir, 12-5in

Muna dtig leat bheith i mBéal Feirste don lá gnímh seans go mbeidh suim agat sa chéad fhéile leabhar radacach dá chineál a bheas ar siúl i nDoire, é dírithe ar leabhair, irisí agus pamphléid radacacha nach bhfuiĺ fáil orthu sna gnáthshiopaí.

Foisliúcháin a bhaineann le feachtais i gcóngar is i gcéin, leis an sóisialachas, leis an Mharxachas, leis an phoblachtachas agus leis an chomhshaolachas a bheas ar fáil ar an lá, agus cá bhfios nach mbeidh ceann nó dhó Gaeilge ina measc!

Dorn san aer!


4. OÍCHE DHAMSHA & SPRAOI: Club Tropicana / Tigh Giblin, An Spidéal, Conamara, Dé Sathairn 28 Eanáir, 9.30in

Beidh na Gaeil san iarthar ag búgaíáil i dteannta DJ Will Softly Tigh Ghiblín, oíche Shathairn.

Tá €10 ar an doras agus rachaidh an t-airgead i dtreo na féile ‘Traidphicnic 2017’.

Bígí ann!


5. TEACHT LE CHÉILE: Bróinse le Gaeilge / Tribeton, Bóthar na gCeannaithe, Gaillimh, Dé Domhnaigh 29 Eanáir, 11.30rn

Bia blasta? Comhluadar breá Gaelach?

Tá fearadh na fáilte roimh an uile dhuine chuig ‘Bróinse le Gaeilge” i nGaillimh ar an Domhnach beag seo i dteannta scoth na cuideachta Gaelaí.

Buail isteach chuig an Tribeton ar 11.30rn agus beidh leat!


6. FÉILE : Leabhra Feabhra / Ar fud an domhain, 1 Feabhra

Beidh leabhair á mbronnadh ar dhaoine ar fud na tíre ar an chéad lá Feabhra agus traidisiún nua ‘Leabhra Feabhra’ á cheiliúradh arís i mbliana.

Tá fós am agat leabhar a cheannach agus a bhronadh mar sin scaipimis an nós iontach seo!

Mar chuid de Leabhra Feabhra tá scaifte Gael as Béal Feirste ag reáchtáil ‘Féirín Rúnda Feabhra’ agus ag teacht le chéile sa Chultúrlann ar 1 Feabhra ag 8in.


Meabhrú: Beidh an Pop Up Gaeltacht ar siúl in P Macs i mBÁC anocht… preabaigí ann ag 8in!