6 Mhiotas Faoi Phádraig
ar an lá a cheiliúraimid Éarlamh mór na hÉireann!

Beidh muid buíoch go deo as fear na seamróige, Naomh Pádraig, as nathracha nimhe a ruaigeadh as an tír. Buíoch ach amhrasach go ndearna sé a leithéid riamh.

Agus Lá Fhéile Pádraig á cheiliúradh timpeall na cruinne, chuaigh muid i mbun comhairle leis an Dr. Dáibhí Ó Cróinín, Ollamh le Stair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus saineolaí ar Phádraig, le fáil amach  faoi na miotais is mó a bhaineann le hÉarlamh na hÉireann! 


1) Nathracha Nimhe

Snakes

Cuirtear ina leith gur éirigh le Pádraig nathracha nimhe a dhíbirt as an tír, míorúilt a tharla tar éis dó 40 lá a chaitheamh ag troscadh, deirtear.

Ach níl tásc ná tuairisc ar nathracha nimhe in Éirinn tar éis na bliana 10,000 RC.

Is cinnte nach rabhadar ann faoin am a raibh Pádraig ar an bhfód anseo againn.


2) Seamróg

Shamrock_leaf

Thar aon rud eile b’fhéidir, aithnítear an tseamróg bheag ghlas mar shuaitheantas d’Éirinn ar fud na cruinne.

Creidtear go forleathan gur úsáid Pádraig seamróga chun an Tríonóid a chur in iúl agus an Chríostaíocht a mhíniú do mhuintir na hÉireann.

Más fíor, níl aon tagairt de sna scríbhinní a tháinig anuas chugainn.


3) Teacht go hÉirinn 

Footsteps

Measann an saol mór, muintir na hÉireann go háirithe, gur tháinig Pádraig chun na hÉireann sa bhliain 432 agus gur cailleadh é 461.

Níl aon fhianaise in aon chor a chruthódh ceachtar den dá dháta sin.

Cé go bhfuil scríbhinní a tháinig anuas chugainn, a nglactar leo gurb é Pádraig s’againne a cheap iad, níl aon dáta ó thús deireadh luaite iontu.

Mar sin, ní féidir a rá go cinnte cén bhliain a tháinig Pádraig go hÉirinn.


4) Trí bhás Phádraig

death

Deirtear gurb é an 17 Márta an lá ar cailleadh Pádraig.

Ach ní fios d’éinne cén uair ar cailleadh é go cinnte.

Tá bás luaite le Naomh Pádraig trí huaire sna hAnnalacha.

Deirtear gur cailleadh é sa bhliain 457, gur cailleadh arís é in 461 agus, ar deireadh, sa bhliain 492.

Is féidir a rá go raibh sé marbh amach is amach faoin am gur cailleadh é in 492.


5) Ard Mhacha

St Patrick armagh

Ó lár na 17ú haoise, bhí feachtas ar siúl ag muintir Ard Mhacha, a bhí ag iarraidh a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann i gcoitinne, agus ar an saol mór ina dhiaidh sin, gurb é Pádraig a bhunaigh an eaglais ann.

Scaipeadh an scéal gur in Ard Mhaca a d’aimsigh Pádraig a cheann ceathrú agus b’shin é an fáth a bhfuil Ard Mhacha i gceannas ar eaglais na hÉireann ó shin.

Ach, níl puinn fianaise go raibh Pádraig i ngiorracht scread asail d’Ard Mhacha.

Pé ceangal a bhí ag Ard Mhacha le Pádraig, níl a chruthúnas ar fáil in aon áit.


6) Pádraig V Palladius

Padrick V Palladius

Smaoineamh eile atá ag gach éinne ná gurb é Pádraig is túisce a scaip an Chríostaíocht ar mhuintir na hÉireann.

Má ghlactar leis gur tháinig Pádraig sa bhliain 432, tá fianaise a tháinig anuas ón Mhór Roinn, a léiríonn go raibh scaipeadh na Críostaíochta ar siúl ag fear eile in Éirinn sa bhliain roimis sin.

Palladius ab ainm dó, a rugadh agus a tógadh i gceantar thart ar Auzerre na Fraince.

Deirtear go ndearnadh easpag dó agus gur cuireadh go hÉirinn é sa bhliain 431.

Anois, mura gcreideann tú gur tháinig Pádraig sa bhliain 432, d’fhéadfaidh samhlú gur tháinig sé roimh Palladius agus gurb é Pádraig s’againne, a bhí chomh díograiseach sin ag scaipeadh na Críostaíochta, ba cúis le teacht an easpaig Palladius go hÉirinn.

I gcás Phádraig, is gá hata an bhleachtaire a chur orainn agus ár samhlaíocht a mhúscailt chun tuiscint níos fearr a fháil ar scéal a bheatha.

Ceiliúraimis é!


Foilsíodh an t-alt seo ar dtús ar 17 Márta 2016.