6 ócáid do Nollaig na mBan
Beidh ceiliúradh timpeall na tíre anocht!

Ó amhráin ghrá 1916 á gceol i Ráth Chairn Glas na Mí go neart tapas agus sangría á gcaitheadh siar i nDún Dealgán, tá scoth na hoíche spraoi beartaithe ag mná timpeall na tíre anocht atá ag glacadh páirte i gceiliúradh Nollaig na mBan. Tá fáilte roimh chách – sin más bean thú ar ndóigh 😉


Is sean-traidisiún é go dtiocfadh mná le chéile ar 6 Eanáir le Nollaig na mBan a cheiliúradh, traidisiún atá fós láidir san iardheisceart cé go bhfuil sé imithe i roinnt áiteanna eile sa tír le tamall anuas.

Fadó, bhí obair throm le déanamh ag mná thar thréimhse na Nollag, go háirithe nuair a bhí teaghlaigh mhóra i gceist.

Ach ar an lá seo tugadh seans do mhná éalú ón chistin agus am a chaitheamh i gcuideachta ban eile.

I mbliana, den chéad uair, tá Oireachtas na Gaeilge ag cur imeachtaí ar bun ar fud na tíre a spreagfaidh mná theacht le chéile.

Ag labhairt di le NÓS dúirt Majella Ní Chríocháin – Oifigeach Imeachtaí agus Forbairt Freastail an Oireachtais – go bhfuil fearadh na fáilte roimh mhná timpeall na tíre a bheith páirteach san oíche mhór shiamsa.

“Seo an chéad bhliain don Oireachtas a bheith ag iarraidh athnuachan a dhéanamh ar Oíche Nollag na mBan, agus táimid ag súil le mná an deis a thapú chun teacht le chéile i mbialanna agus i dtithe ósta thart timpeall na tíre, áit a mbeidh ceol, bia, ól, craic agus muintearas ann,” ar sí.

Seo chugaibh mar sin cuid den chraic a bheas ar siúl ag na mná anocht ó chuile chearn den tír!


RÁTH CHAIRN: An Bradán Feasa, Ráth Chairn, 9in.

Womenrebellion

Is é an téama a bheidh ann ná Mná agus Amhráin 1916.

Beifear ag tabhairt ómóis do na mná a throid ar son saoirse 100 bliain ó shin agus beidh siad gléasta in éadaí ón tréimhse.

Breis eolais anseo.


BAILE ÁTHA CLIATH: An Bhialann, Raghnallach, BÁC, 7in.

piano

Baileoidh mná na hardcathrach le chéile le haghaidh béile blasta, scoth na cuideachta agus amhráin Ghaeilge a thionlacan ar an phianó sa Bhialann anocht.

Tá biachlár speisialta trí chúrsa á chur ar fáil le ceiliúradh a dhéanamh ar an oíche!

Tuilleadh eolais anseo.


CONAMARA: Tigh Giblin, An Spidéal, 7.30in.

Women dinner

Beidh mná an iarthair ag teacht le chéile Tigh Ghiblin anocht, áit a bhfuil bia álainn – trí chúrsa agus gloine Prosecco ar €23 – seisiúin, amhráin, spot-duaiseanna agus comhluadar den scoth ar fáil.

Tá fáilte mhór á cur roimh mhná ar bith ar chósta álainn iarthair an Atlantaigh atá ag iarraidh a bheith páirteach i scoth na hoíche.


BÉAL FEIRSTE: Goodfellas, 11 Beallach Uí Chinnéide, 8in.

Pizza

Beidh mná Bhéal Feirste ag glacadh seilbhe ar Goodfellas anocht, bialann Iodálach a mheallann Gaeil na cathrach go rialta.

Gach seans go gcríochnóidh siad suas Tigh Mhadden!

Buail isteach má tá tú cois cuain.


CO. LÚ: Callan’s Bar, Baile Philib, Co.Lú, 7in.

sangriaand

Tapas, sangria agus mná breátha Lú.

Ní gá a thuilleadh eile a rá.

Tuilleadh eolais anseo.


NA DÉISE: An Seanachaí, Pulla, An Rinn, 7.45in don bhéile agus 7in le haghaidh dí roimhe ré.

oyster

Tá traidisiún láidir Nollaig na mBan i nGaeltacht Phort Láirge atá ag dul ar aghaidh ar feadh na mblianta.

Cuirfear tús leis an scléip sna Déise le Caife Gaelach – nó do rogha féin – sa Marine Bar ag 7in agus leanfar le féasta – béile ceithre chúrsa, ag tosnú le hoisrí áitiúla. Blasta!

Más maith leat a bheith i láthair déan teagmháil le Cabríní de Barra (Glór na nGael) ar 083-4455914.


Má tá spreagadh ar bith eile a dhíth, beidh ainmneacha na mban a ghlacfaidh páirt sna hócáidí timpeall na tíre curtha i hata i gcomhar duais de €100 freisin.

Hup!