Agallamh le Bernd Schneider
An saineolaí Star Trek is mó ar domhan

Tá Star Trek Beyond anois sna pictiúrlanna agus léirmheasanna deafacha faighte ó chriticeoirí agus ó bhreathnóirí araon. Chun léargas a fháil ar an domhan ficsean eolaíochta seo, labhair Ciarán Dunbar thar ceann NÓS le Bernd Schneider, eagarthóir an tsuímh Star Trek is mó ar domhan, EAS.


NÓS: Is suíomh dochreidte cuimsitheach é EAS a chlúdaíonn gach rud ó theicneolaíocht agus polaitíocht go gnéithe sóisialta agus fealsúnachta Star Trek. Conas a thosaigh an togra seo ar fad?

SCHEIDER: Thosaigh an suíomh mar thionscnamh beag siar in 1998.

Ní raibh an t-idirlíon ach ceithre bliana d’aois ag an am agus ní raibh sé ar fáil go forleathan ach ag líon beag daoine, iad siúd in ollscoileanna agus i gcomhlachtaí teic ach go háirithe.

Dá bharr sin bhí ábhar geocach (geeky), mar Star Trek, níos lárnaí ar líne ná mar atá anois.

Is cuimhin liom go maith siar in 1996 mé féin agus mo chairde ag plé gach píosa nua eolais faoin scannán Star Trek: First Contact a bhí le teacht amach – chuir an t-idirlíon ar ár gcumas an t-eolas a aimsiú ar bhealach nach bhfacthas riamh roimhe.

Faoi 1998 bhí roinnt dearaí do spásárthaí cruthaithe agam, roinnt altanna ar theicneolaíocht Star Trek agus léirmheasanna ar Voyager.

Ní raibh sé i gceist agam suíomh mór faoi gach ní Star Trek a bhunú ach siocar go raibh teacht agam ar fhreastalaí mór idirlín na hollscoile, d’uaslódáil mé gach rud agus tháinig ann don suíomh.

Níor bhac mé fiú le hainm ar leith a roghnú dó ag an tús.

Fuair mé léaráidí grafacha (ó shuíomh oifigiúil Star Trek) agus thug mé ‘Star Trek’ air, le ‘by Bernd Schneider’ thíos faoi.

eas

NÓS: Tá an suíomh ollmhór agus tá an dúrud oibre curtha isteach agat ann. Cad é mar a rinne tú é?

SCHEIDER: Seoladh na céadta suíomh Star Trek thar na blianta, gach ceann acu ag maíomh go mbeadh sé ar an suíomh is mó riamh, ach d’imigh siad uilig.

An t-aon bhealach chun méid ollmhór eolais agus sonraí a bhainistiú ná trí leasuithe leanúnacha a dhéanamh de réir a chéile, agus sin a dhéanaim féin ar EAS.

Ar bhealach tá iomrá Star Trek ag dul i léig, fiú agus muid ag ceiliúradh 50 bliain de, ach tá suim agam fós in áis a chur ar fáil do na daoine sin atá ag iarraidh tumadh isteach san ábhar go domhain.

Imní amháin atá agam ná teicneolaíocht an idirlín féin – an mbeidh mé in ann cos a choinneáil leis na hathuithe teicniúla atá le teacht?

Nó an mbeidh suíomhanna neamhthráchtála in ann dul in iomaíocht leis na boic mhóra a chuireann suíomhanna le fógraíocht srl. chun tosaigh?

NÓS: Is léir mar sin gur cúram an-ghar do do chroí é an suíomh. Cén fáth a bhfuil an oiread sin dúile agat i Star Trek?

SCHEIDER: Is fearr an cheist seo a fhreagairt trí bhreathnú ar na nithe sin a dhealaíonn Star Trek ó shraitheanna eile nó ó dhomhain eile ficsean eolaíochta.

Is léiriú ar an todhchaí é Star Trek – todhchaí s’againn féin, ní “réaltra i bhfad i gcéin”.

Todhchaí tharraingteach í ina bhfuil fadhbanna ár linne sáraithe ag an chine daonna, ní diostóipe í ina bhfuil an domhan faoi smacht ag deachtóir ná ag ollchomhlacht.

Agus cé go raibh sé i gceist ag Gene Roddenberry (cruthaitheoir na sraithe) go mbeadh luachanna eile ag an chine daonna sa todhchaí (“The acquisition of wealth is no longer the driving force in our lives. We work to better ourselves and the rest of humanity.”), ní domhan gan locht é domhan Star Trek.

Níl sé ach réadúil go dtabharfaí dúshlán na hútóipe ó am go chéile.

I gcuid de na scéalta is fearr ó Star Trek bíonn na laochra ag streachailt leis an Chónaidhm (Federation) nó lena n-eiticí féin.

Agus scéalta iontacha luaite agam áfach, níor chóir dearmad a dhéanamh de na scéalta sin a bhaineann leis an eolaíocht agus leis an teicneolaíocht.

Pléann Star Trek leis an ábhar seo ar bhealach dosháraithe.

Tá dearaí na spásárthach ar na dearaí is íocónaí a cruthaíodh riamh.

Ní fiú trácht ar spásárthaí ó dhomhain eile ficsean eolaíochta i gcomparáid le dearaí clasaiceacha ar nós an chéad Enterprise, Bird of Prey na Klingon nó an Enterprise-D.

bop-klingon

NÓS: Tá níos mó eolais ar an suíomh ná mar atá i mórchuid na leabhar faoi Star Trek. Ar smaoinigh tú riamh ar é a fhoilsiú mar chiclipéid?

SCHEIDER: Níor smaoinigh i ndáiríre.

Líonfadh sé na mílte leathanach ach bheadh an iomarca eagarthóireachta de dhíth chun leabhar maith a dhéanamh de.

Agus bheadh sé as dáta taobh istigh de chúpla bliain.

NÓS: Ag deireadh an lae, is clár teilifíse é Star Trek. Tá siad ann a déarfadh gur cur amú ama é ceisteanna móra na sraithe a phlé agus a mhíniú. Cad é an freagra atá agat orthu sin?

SCHEIDER: Cinnte, d’fhéadfainn saol bheith agam agus suim a chur i stuif tábhachtach ar nós ráflaí na gceiliúrán 😉

Ach is í an fhírinne ná go bhfuil an-mheas agam ar dhaoine a chruthaíonn rudaí – ealaíon, ceol nó teilifís.

Sa chomhthéasc seo is saothar tánaisteach é EAS ach is obair thaitneamhach í domsa agus do dhaoine eile.

Mothaím trua dóibh sin a deir gur cur amú ama é mar:
1. Nach saothraím aon airgead dá bharr.
2. Nach bhfuil spéis acu féin san ábhar.

Dar liom gurb iad na daoine sin nach dteastaíonn uathu aon rud nua a fheiceáil ná a fhoghlaim atá ag cur a gcuid ama amú.

NÓS: Anois agus arís bíonn cuma dhíomách ar na léirmheasanna atá déanta agat ar roinnt eipeasóid de chuid na sraithe. Ar mheath do shuim i Star Trek in am ar bith?

SCHEIDER: Le bheith ionraic mhothaigh mé píosa díomách le linn an chéad agus an dara sraith de Star Trek Enterprise.

Caithfidh na daoine a dhéanann na scannáin agus na sraitheanna a chruthú dom go dtuigeann siad brí agus croí Star Trek.

Den mhórchuid bíonn gach rud go breá, fiú nuair nach dtaitníonn eipeasóidí áirithe liom.

Níl fágtha ach JJ Abrams agus a fhoireann anois chun an cruthúnas sin a thaispeáint dom…

star-trek2

NÓS: Ní thaitníonn na scannáin nua leat mar sin?

SCHEIDER: Is ‘scannáin ghrán rósta’ iontacha iad ach ní thugann siad mórán sa bhreis ar na mórscannáin iomarcacha aicsin a bhuaileann na pictiúrlanna na laethanta seo.

Seachas dul siar go sean-spiorad Star Trek, bhraith JJ Abrams an iomarca ar mhóitífeanna ó scannáin na sárlaochra.

Tá mé dubh dóite de dhaoine ag eitilt trasna an scáileáin agus de chathracha ríomhghinte á bpléascadh go smidiríní.

Caithfear díriú ar an ghné dhaonna seachas ar an aicsean gan chiall.

Sin ráite, tá Star Trek Beyond ar an scannán is fearr atá déanta ag Abrams go dtí seo.

NÓS: Ach nach dtagann na scannáin nua salach ar chruinne Star Trek, cruinne atá mínithe go cúramach agat ar do shuíomh?

SCHEIDER: Is ea, ar bhealach scriosann siad an leanúnachas ama fadbhunaithe, fiú agus míniú tugtha go bhfuil na scannáin seo suite i gcruinne pharailéalach.

Má tá, cén fáth a bhfuil rudaí ar chóir dóibh bheith an-éagsúil (criú an Enterprise, mar shampla) mar an gcéanna, agus rudaí ar chóir dóibh bheith mar an gcéanna (eiticí am taistil, caighdeáin theicniúla srl.) iomlán difriúil?

NÓS: An dóigh leat go bhfillfidh muid ar an sean-leanúnachas ama a bhí sa chéad sraith nó an bhfuil sé imithe go deo anois?

SCHEIDER: Tá dóchas agam fós go dtarlóidh Star Trek 2017 sa sean-leanúnachas sin.

startrek-tng

NÓS: Cén tsraith is fearr leat, agus cén fáth?

SCHEIDER: Bhí Voyager an-mhaith ach roghnóinn Star Trek: The Next Generation.

Bhí grá agam don bhunsraith ach ba é The Next Generation a shúigh isteach mé.

Na carachtair, na scéalta, na spásárthaí… bhí na seacht mbliana den tsraith sin díreach iontach.

NÓS: Cén carachtar is fearr leat, agus cén fáth?

SCHEIDER: Captaen Picard.

Tá tuiscint ar cheartas aige, agus déanann sé a dhualgas agus i bhfad níos mó i gcónaí.

Is taiscéalaí agus taidhleoir é… píosa beag de gach rud dáiríre.

Déanann sé meancóga ach admhaíonn sé iad (bhuel, an chuid is mó den am).

Ba bhreá liom bheith mar oifigeach aige.

NÓS: Cén spásárthach is fearr leat, agus cén fáth?

SCHEIDER: An Enterprise-D.

Tá bun-línte an chéad Enterprise aige ach ar bhealach nua galánta.

Is mór an trua go bpléascann na stang-chóir (warp cores) chomh héasca sin!

NÓS: Cén speiceas is fearr leat, agus cén fáth?

SCHEIDER: Tá sé deacair díreach ceann amháin a roghnú ach rachainn leis na Vulcain.

Tá eolas cuimsitheach againn ar a gcultúr ach fós féin tá neart ceisteanna ann.

Ar an iomlán tá siad pléisiúrtha ach is féidir leo bheith sotalach.

Is mistéir i gcónaí iad dóibh siúd a bhíonn ag súil le mothúcháin ó dhaonnóidigh (humanoids).

vulkan1

NÓS: Cé chomh réalaíoch is atá an eolaíocht agus teicneolaíocht i Star Trek?

SCHEIDER: Is í an trioblóid le ficsean eolaíochta ná nuair a dhéanann sé iarracht bheith aislingeach, físeach nó siamsúil, ní mór dó dlíthe na heolaíochta a lúbadh píosa.

Ar an taobh eile, is féidir le ‘ficsean eolaíochta crua’, atá bunaithe ar thaighde an lae inniu amháin, bheith leadránach.

Mar údar ficsean eolaíochta caithfidh tú léitheoirí agus breathnóirí a chur faoi dhraíocht.

Agus sin an rud a dhéanann Star Trek.

NÓS: An raibh Star Trek físeach ó thaobh thuar na bhfón póca de?

SCHEIDER: Ní dóigh liom gur thuar Star Trek an fón póca, nó níor cheap sé é.

An rud an rinne sé ná an teicneolaíocht a shamhlú, teicneolaíocht mar a bheadh sé lá níos faide anonn sa todhchaí.

Dar liom go raibh Star Trek físeach maidir le húsáid fhorleathan ríomhairí.

Bhí an Enterprise á thiomáint ar ríomhaire sárchumhachtach, agus chuir ríomhaire leabharlainne gach saghas eolais ar fáil.

Ba smaointe réabhlóideacha iad sin sna 1960í nuair nach ndearna ríomhairí ach uimhreacha a chuntas i gcomhlachtaí árachais.

NÓS: Tá an cine daonna i réim ar an Chónaidhm (Federation). An dóigh leat go bhfuil sé seo réalaíoch?

SCHEIDER: Is rud é sin, agus gurb as Meiriceá beagnach gach duine daonna i Star Trek, go gcaithfidh muid mar lucht féachana cur suas leis.

star-trek-tos

NÓS: Tá meas ar shraitheanna teilifíse Star Trek, ach cén fáth nach raibh caighdeán níos airde ag na scannáin thar na blianta?

SCHEIDER: Ar an iomlán leanann scannáin Star Trek an treocht de ‘spásárthaí níos mó, bithiúnaigh níos measa agus pléascáin níos creathaí’.

Ní ionann sin is a rá go mbíonn an toradh níos fearr áfach.

Sílim go bhfuil na buiséid níos teoranta, agus an deis a bhíonn acu díriú ar scéalta maithe ficsean eolaíochta seachas aicsean mór, ina mbuntáiste iontach do na sraitheanna teilifíse.

Tá mé ag cur suime i Star Trek Beyond le tamall ach tá mé ar bís agus lán dóchais faoin chéad sraith teilifíse eile.

NÓS: Agus ar deireadh, cad é do mheas ar Star Wars?

SCHEIDER: Tá na scannáin ar fad feicthe agam neart uaireanta, agus bhain mé sult as an cheann deiridh chomh maith.

Ach barrshamhail na sraithe é Eipeasóid VII.

Ní bhaineann Star Wars le forbairt, ní théann sé “go ceannasach” go háiteanna nach raibh muid cheana.

Bíonn athchúrsáil ann, leis na carachtair chéanna nó le carachtair atá giota beag éagsúil.

Pléascann siad an Death Star trí huaire, tá sé sin leamh.

Agus níl ann sin ach sampla soiléir amháin.

Is siamsaíocht iontach é Star Wars, agus sa chomhthéacs sin tá sé níos fearr ná mórchuid scannáin Star Trek.

Tá dúil agam ann ach ní an oiread sin go gcruthóinn suíomh idirlín faoi Star Wars.

NÓS: Bernd, caithfidh mé a rá leat gur fear Star Wars é Eagarthóir NÓS.

SCHEIDER: Ó, bhuel níl duine ar bith foirfe!


Is féidir léirmheas Bernd ar Star Trek Beyond, agus na mílte alt eile, a léamh ar ex-astris-scientia.org