‘An-bhródúil as Féile na Gealaí 2021 ach ag súil le bheith le chéile arís in 2022’

D’ainneoin shrianta COVID-19, d’éirigh le lucht Fhéile na Gealaí arís eile siamsaíocht a sholáthar do na Gaeil agus iad ar a sáimhín só sa bhaile. Féile bheo ar líne a bhí i bhFéile na Gealaí 2020, ach bheartaigh lucht a heagraithe tabhairt faoi ar bhealach difriúil i mbliana agus ardán agus “tacaíocht a thabhairt do cheoltóirí nach bhfaigheadh a leithéid de ghnáth”. 

Dúirt Edel Ní Churraoin le NÓS gur theastaigh ón bhfoireann “rud níos buaine” ná beoshruth a dhéanamh i mbliana agus go mba léir do lucht Fhéile na Gealaí go bhfuil an pobal “bréan de cheolchoirmeacha ‘beo ar líne’” faoin am seo.

“Bhí a fhios againn i mí an Mhárta nó mí Aibreáin nach mbeadh an fhéile ann arís i mbliana mar a bhí beartaithe againn, agus theastaigh uainn rud níos buaine a dhéanamh – taifead a dhéanamh ar cheol nár taifeadadh mar is ceart go dtí seo agus ceol nach bhfuair tacaíocht mar is ceart. Shocraigh muid tacú le daoine nua maithe, ní dheachaigh muid leis na bannaí ‘is mó’, ach mar sin féin bhí ceoltóirí den scoth againn,” a dúirt sí.

Rinneadh an taifead le cúpla seachtain anuas ag Causey Farm, cúpla ciliméadar ó thuaidh de Ráth Chairn, agus eisíodh na físeáin i gcaitheamh an deireadh seachtaine mar a bheadh sceideal féile ann agus na ceoltóirí ag teacht ar an stáitse duine ar dhuine. Foilsíodh na míreanna ar chuntais Fhéile na Gealaí ar YouTube, Facebook, Twitter agus Instagram.

“Chuaigh cuid mhór oibre isteach ann, agus léiríodh na físeáin ar chaighdeán teilifíse. Chonacthas dúinn nach dtugtar dóthain tacaíochta don chineál seo ceoil i nGaeilge agus theastaigh uainn físeáin a bheadh ar comhchaighdeán le físeáin cheoil i mBéarla a chruthú le ceoltóirí Gaeilge. Tá muid sách bródúil astu agus as an obair mhór a chuir muid isteach i gcaitheamh thréimhse sé seachtaine. 

“Caithfidh an t-ábhar a bheith ar ardchaighdeán nó ní bhreathnófar air. Tá cúlra teilifíse ag cúpla duine againn [lucht eagraithe na féile] agus taithí againn ar an gcineál seo ruda ó thaobh an cheoil thraidisiúnta de, ach níl sé ann do cheol nuachumtha na Gaeilge,” a dúirt Edel.

Ba iad an banna ceoil SÚP, a tháinig le chéile i gColáiste Pobail Ráth Chairn, a chuir tús leis an Fhéile oíche Dé hAoine, agus Odhrán Mac Ruairí, Emma Ní Fhíoruisce agus Cathal Ó Curráin ar an ‘stáitse’ ina ndiaidh.

Lean ar imeachtaí na Féile Dé Sathairn, agus tús curtha leis an oíche ag an mbeirt deirfiúracha ‘An Chéad Ghlúin Eile’, Étáin agus Máire Ní Churraoin. Ar an stáitse an oíche sin fosta bhí Miadhachlughain O’Donnell, ‘Ar An Tábla’ agus ‘Tadhg’.

Dúirt Edel Ní Churraoin le NÓS go raibh “an t-ádh” ar lucht na féile aithne a bheith acu ar dhaoine a bhí sásta cúnamh a thabhairt dóibh i mbliana.

“Fuair muid tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge, agus ligeadh dúinn an plean a bhí againnn d’fhéile cheart a athrú agus é a dhéanamh ar bhealach eile. Bhí cuid mhór obair dheonach i gceist leis, agus an t-ádh orainn go raibh aithne againn ar dhaoine a bhí sásta tabhairt faoin obair sin. Idir dhaoine a bhí an-fhlaithiúil, obair dheonach an choiste, agus an tacaíocht airgid a thug an dá eagraíocht dúinn, d’éirigh linn féile ar ardchaighdeán a chur ar fáil.

“Chuir muid an-bhéim ar cheoltóirí nua, ceoltóirí as Ráth Chairn, agus ceoltóirí nach bhfaigheann dóthain tacaíochta i mbliana. Is dóigh linn gurbh é an cinneadh ceart é an fhéile a dhéanamh ar an gcaoi seo i mbliana, cé gurbh fhearr linn i bhfad a bheith le chéile i Ráth Chairn. Sin an plean atá ann don bhliain seo chugainn agus súil againn go mbeidh cead againn féile mhór cheoil a chur ar siúl arís,” a dúirt sí.