An Cabaret Craiceáilte + 7 imeacht eile!


Seoladh IMLÉ / An Siopa Leabhar, 6 Sráid Fhearchair, BÁC, Déardaoin 23 Samhain @ 19:00

Seolfaidh an banna ceoil IMLÉ leagan vinile dá n-albam ag ócáid sa Siopa Leabhar san Ardchathair tráthnóna.

Ní hamháin go mbeidh deis agaibh an t-albam a cheannach ach cloisfidh sibh leis cuid de na rianta atá air mar go mbeidh an banna i láthair agus iad i mbun an cheoil.

Ar a bharr sin uile beidh cúpla deoch ar fáil chomh maith, saor in aisce ambaist!

Is dócha gur i gClub an Chonartha a bheidh an gabhar á rósta ina dhiaidh sin, agus é i bhfoisceacht urchair chloiche d’ionad an tseolta!


Pop Up Gaeltachtaí / Brady’s, Dún Búinne, Co. na Mí, Déardaoin 23 Samhain @ 20:00 + Sober Lane, Corcaigh, Dé hAoine 24 Samhain @ 20:00 + Ruin Bar, Sr. na Teamhrach, BÁC, Déardaoin 30 Samhain @ 20:00

Bí i measc lucht labhartha na Gaeilge i nDún Búinne tráthnóna mar go mbeidh Gaeltacht bheag ag preabadh aníos ann, i dtábhairne Brady’s.

Mar is iondúil, bíonn ceol Gaelach san ionad gach Déardaoin agus beidh amhlaidh chomh maith inniu.

Cuirfear béim ar úsáid na teanga le linn na hócáide, í a labhairt le bród, gan stró ná brú, agus gan bheith buartha faoi do chaighdeán!

Tapaigh an deis Gaeilge a labhairt ag macasamhail d’ócáid i gCorcaigh amárach, mar go mbeidh na Gaeil ag teacht le chéile i dtábhairne Sober Lane sa chathair.

Gealltar go mbeidh píotsa ar fáil ar an oíche chomh maith, mmmmm!

Ná déanaíg dearúd gur i dtábhairne Ruin ar Shráid na Teamhrach a bheidh Pop Up na míosa seo ar siúl i mBaile Átha Cliath, seachtain ó inniu!


Camchuairt Foxglove & Fuschia / Go náisiúnta, as seo go ceann tamaill

Táim tógtha le halbam nua Mhuireann Nic Amhlaoibh, Foxglove and Fuschia; tá sé snasta, treise léi!

Tá sí ag ullmhú le tabhairt faoi chamchuairt timpeall na tíre i láthair na huaire, camchuairt a thabharfaidh í go Béal Feirste, Doire, Port Láirge, Luimneach, Ciarraí, An Clár agus fiú go Glaschú!

Seo cuid de na dátaí a mbeidh sí gafa leis an gceol sa tseachtain romhainn:

24.11 – An Droichead, Béal Feirste
25.11 – An Carn, Doire
28.11 – The Local, Dún Garbhán, Port Láirge
29.11 – Dolan’s, Luimneach


Deireadh Seachtaine Ceoil Thraidisiúnta Dhroichead Átha / Droichead Átha, 25-27 Samhain

Beidh blaiseadh breá de cheol traidisiúnta le clos i nDroichead Átha an deireadh seachtaine seo, áit a mbeidh féile dírithe ar an stíl sin cheoil ar bun.

Moxie, Kern, Gatehouse agus bannaí eile nach iad, atá i measc na bpríomhaíonna.

Beidh ranganna, seisiúin agus cainteanna ar siúl chomh maith céanna.

Tá gach eolas faoin sceideal ina iomláine le fáil anseo.


An Cabaret Craiceáilte / Teach Hiúdaí, Gaoth Dobhair, Dé Sathairn 25 Samhain @ 21:30

Bí craiceáilte i measc lucht eagraithe agus freastail Chabaret Craiceáilte Rónán Mhic Aodha Bhuí i dTeach Hiúdaí Bhig i nGaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo.

Sea, beidh fear RnaG ag bailiú na mbannaí le chéile chun oíche cheoil agus spraoi a chur ar fáil Dé Sathairn.

Beidh Kíla, An Crann Óg agus Kathryn Mullan i measc na gceoltóirí a bheidh ag soláthair na siamsaíochta.

Táim cinnte go mbeidh go leor eile nach bhfuil luaite go fóill ar ábhar bolscaireachta na hoíche le feiscint chomh maith, mar gur sin nádúr na n-oícheanta seo!


Léamh stáitse ‘An Doras a dhruid an Pápa’ / An Halla Cóisire, Smock Alley, BÁC, Dé Céadaoin 29 Samhain @ 18.00

‘An Doras a dhruid an Pápa’, an teideal atá ar dhráma nuascríofa le Biddy Jenkinson, agus é i gceist go léireofar é ar stáitsí na tíre an bhliain seo chugainn.

Mar réamhbhlaiseadh ar an saothar seo, beidh léamh stáitse de ar bun in Amharclann Smock Alley an tseachtain seo chugainn.

Cliar aitheanta a bheidh sna rólanna, sin iad Máire Ní Ghráinne, Donncha Crowley, Bríd Ní Ghruagáin, Cathal Quinn agus Bláthnaid Ní Chofaigh, atá feicthe againn le tamall anuas ar an scáileán, ní go díreach mar láithreoir ach i ról an aisteora chomh maith!

Is é Tristan Rosenstock an stiúrthóir.

Cé go mbeidh an léamh as Gaeilge, beidh fotheidil Bhéarla le feiscint le linn an ghnímh, a mhairfidh ar feadh leath huair an chloig, tuairim is.

Beidh fíon agus greim bídh ar fáil roimh ré, agus fáilte mhór rompu siúd a bheidh i láthair fanacht timpeall ina dhiaidh le haiseolas a thabhairt d’fhoireann an dráma.