An Íoslainn íon álainn
Taispeántas grianghrafanna le hEoghan Ó Néill

Beidh aithne ag an mhórchuid de phobal na Gaeilge ar Eoghan Ó Néill mar dhuine de mhór-iriseoirí na teanga le breis agus 30 bliain anuas ach tá bua eile ar leith ag fear Bhéal Feirste: an ghrianghrafadóireacht.

Is fada spéis ag Eoghan sa taisteal – tá dhá leabhar taistil leis foilsithe ag Coiscéim, Cathracha (2007) agus Cathracha i gCóngar is i gCéin (2011) – agus tá an t-oileán sin siar ó thuaidh uainn, An Íoslainn, i measc na gceann scríbe is ansa leis.

Is iomaí grianghraf atá glactha aige thar na blianta de thír sin “na carraige is na farraige, na tine is an tseaca” agus is iad atá mar ábhar taispeántais nua, a sheolfar i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Déardaoin seo.

‘Íoslainn an Fhiántais’ is teideal don taispeántas ina mbeidh saothar grianghrafadóireachta an Ghearmánaigh Christine Stoll le feiceáil chomh maith.

Is é nádúr docheansaithe an oileáin seachas an duine daonna réalta a gcuid grianghrafanna, mar a mhínigh Eoghan dúinn.

“Ó thús staire níor éirigh le daoine dul a chónaí ar níos mó ná 15% nó mar sin den Íoslainn,” ar seisean.

“Is é an nádúr an rí san Íoslainn ó thús ama go dtí an lá inniu féin.

“Níl sa duine daonna ach áitritheoir, greim aige ar phíosaí beaga talaimh le taobh an chósta agus an chuid eile den tír faoi smacht ag an dúlra.”

Dúirt Eoghan, atá ag triall ar an Íoslainn ó dheireadh na 1990í, gurb é fiántas na tíre is mó a mheall é féin agus Christine ann sa chéad dul síos, agus tá sin le sonrú sna grianghrafanna.

“Níl oiread is duine amháin i gceann ar bith acu,” arsa Eoghan, atá ina Eagarthóir Nuachta le Raidió Fáilte.

“Na sléibhte, na hardchláir laibhe, na capaill, na puifíní, an sioc is an teas agus, ar ndóigh, na heasanna is cumhachtaí san Eoraip.”

Mar aon le híomhánna cumhachtacha den dúlra, beidh an gaol ársa atá ag Éirinn leis an Íoslainn, mar atá na manaigh Ghaelacha a leag cos ar an oileán siar sa 9ú haois, faoi chaibidil sa taispeántas chomh maith.

Más suim leat léargas físiúil a fháil ar an áilleacht agus ar an fhiántas a bhaineann le ceann de na tíortha is uathúla ar domhan, tá fáilte romhat chuig seoladh an taispeántas i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Déardaoin seo, 18 Bealtaine, ag 7in.

Leanfaidh ‘Íoslainn an Fhiántais’ ar aghaidh go 16 Meitheamh.