’10 bhfíric fút atá dochreidte fíor’
ó GhaelGÁIRÍ


Tá GaelGÁIRÍ cheana féin i mbun spraoi agus iad réidh le haghaidh a thabhairt ar Bhéal Feirste ‘Cois Cuain’ don ghig anocht sa Chultúrlann.

Leis sin, tá ‘10 bhfíric fút atá dochreidte fíor’ foilsithe acu (thíos), atá mar réamhtheachtaí ar an mhéid a bheas le cloisteáil ar ardán na Cultúrlainne óna 8in mar chuid d’Fhéile an Phobail.

Seo an chéad uair riamh d’fhuairseoirí Gaelgáirí, an t-aon chlub grinn Gaeilge sa tír, gig a dhéanamh i mBéal Feirste.

I measc siúd a bheas i láthair beidh Michael Mee, Seán T. Ó Meallaigh agus a chara Pato, Ger Staunton agus Aideen McQueen mar bhean an tí chomh maith le slua de dhaoine greannmhara as Béal Feirste, Paddy McDonnell ina measc.

Postaer GG

Fíric shuimiúil ná nach bhfuil ach £3 ar thicéid! Tuilleadh eolais anseo.