20 bliain Aisling Ghéar
á chéiliúradh ag Féile Drámaíochta na nGael!

Agus an scór bliain bainte amach ag an chompántas drámaíochta Feirsteach Aisling Ghéar, tá ‘Féile Drámaíochta na nGael’ á reáchtáil acu sa chathair cois cuain seachtain ón lá inniu le ceiliúradh a dhéanamh ar an chéim mhór seo i stair an chomhlachta.

Tionól speisialta atá san fhéile trí lá seo a tharraingeoidh aisteoirí agus drámadóirí atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge le chéile lena gcuid saothar a roinnt.

Ag labhairt di le NÓS dúirt Bríd Ní Ghallchóir, Stiúrthóir Ealaíne Aisling Ghéar, gurb iontach an deis í an ceiliúradh 20 bliain le lucht drámaíochta na Gaeilge a thabhairt le chéile.

“Tá Aisling Ghéar ar an chomhlacht is faide bunaithe atá ag obair le drámaíocht phroifisiúnta na Gaeilge agus bheartaigh muid gur am oiriúnach é seo chun an chéad fhéile riamh a reáchtáil atá dírithe ar dhrámaíocht phroifisiúnta na Gaeilge,” ar sí.

Is é Diarmuid de Faoite, scríbhneoir agus aisteoir aitheanta, a rachaidh a chun ardáin oíche Aoine na féile agus é i bpáirt Phádraic Uí Chonaire, duine de scríbhneoirí móra na teanga.

Seó aonair beathaisnéiseach é ‘Pádraic Ó Conaire – An tAiséirí’ a léiríonn saol Uí Chonaire, ó bhreith go bás, agus a tharraingíonn ar shaothar an údair cheannródaíoch.

Idir ceardlann puipéadóireachta le draoi na bpuipéad beag Marc Mac Lochlainn, stiúrthóir Branar; leagan stáitse den scéal mór miotaseolaíochta Clann Lir le Fibín agus ‘Cad a dhéanfainn gan an tost seo?’, léiriú a thugann beatha nua d’fhilíocht Beckett, tá clár den scoth beartaithe don Satharn a rachadh i bhfeidhm ar óg agus aosta araon.

Dé Domhnaigh, díreofar ar léirithe le grúpaí aisteoirí, ar nós ‘Cogar sa Pháirc’, léiriú le Cumann Drámaíochta Ollscoil na Gaillimhe.

Cliar de chúigear atá sa dráma seo ina ndéanann trasghnéasach iarracht cluas éisteachta a fháil ó strainséirí atá suite ar bhinsí pháirc cathrach.

Sula mbeidh an siamsa ar fad istigh, rachaidh glúin úr de Ghaeil Bhéal Feirste, Aisteoirí Aon Dráma (thuas, le meirge na féile), ar ardán lena leagan de ‘An Giall‘ le Breandán Ó Beacháin.

Dúirt Bríd go bhfuil sí ag súil le himeacht bliantúil a dhéanamh den fhéile agus d’imeachtaí ar nós na Comhdhála a eagraíodh an mhí seo caite, a chothaíonn tuilleadh cumarsáide in earnáil na drámaíochta.

“Ceann de na rudaí dearfacha ar féidir le lucht drámaíochta na Gaeilge a dhéanamh ná teacht le chéile níos mó, ag cruthú earnála a bhfuil teagmháil, caidreamh agus cumarsáid níos rialta ann ná mar a bhí againn go dtí seo.”

Gach rath ar an fhéile agus Aisling Ghéar abú!