50 Baile Éireannach i gComhrá Amháin
Físeán úr grinn eisithe ag muintir GaelGÁIRÍ


Ar chuala tú an ceann faoin triúr leaid a luaigh 50 baile Éireannach ar bhealach greannmhar in aon chomhrá Gaeilge amháin?

Ní gnáth-thús le jóc é ach sin díreach an rud atá déanta ag baill de chuid GaelGÁIRÍ chun poiblíocht a dhéanamh ar a gcéad oíche ghrinn eile, a bheas ar siúl i Róisín Dubh na Gaillimhe, Dé Sathairn 23 Bealtaine.

Tá traidisiún nua grinn as Gaeilge tosaithe ag muintir GaelGÁIRÍ le breis agus bliain anuas agus tá físeáin bharrúla in úsáid acu mar chuid dá gcur chuige le dul i bhfeidhm ar an phobal.

Bunaíodh an eisiúint is úire seo ar fhíseán a chuir na fir ghrinn Foil, Arms and Hog le chéile inar shnaidhm siad leaganacha Béarla de bhailte na hÉireann trína gcomhrá agus ghnóthaigh an toradh glic go leor tráchta ar líne don tríréad.

Tá an leagan Gaeilge atá cruthaithe ag Eoin P. Ó Murchú (scríbhneoir rialta leis an iris seo), Andy Ó Faoláin agus Aodhán Ó Deá lán chomh sultmhar (agus graosta!) leis an bhunfhíseán agus comhrá cruthaitheach ar siúl acu ina luann siad 50 baile ó Dhaingean Uí Chúis go Poll an Chapaill agus ó Chill Dara go Muiceanach Idir Dhá Sháile.

Breathnaigh ar an fhíseán thuas, agus éist leis an ghreann beo i nGaillimh ag deireadh na míosa.


Coinnigh ar an eolas faoi fhorbairtí GaelGÁIRÍ ar Twitter.