60 Soicind le…
Doireann Ní Fhoighil

Is í an réalta óg Doireann Ní Fhoighil atá i gcathaoir na 60 soicind an tseachtain seo.

Bíonn Doireann i bpáirt ‘Áine’ i Ros na Rún agus mar Phip sa chartún ‘Woozil agus Pip’. Aisteoir den scoth í, a thug gradam an Oireachtais léi sa rannóg Aisteoir na Bliana in 2014 as a ról sa ghearrscannán buach ‘Rubaí’.

Labhair sí linn faoina páirt “taibhsiúil” is déanaí sa dráma ‘Fornocht do chonac’, a bheas sa Taibhdhearc go luath, faoi chleasanna agus béasaí a mhúineadh dá madra craiceáilte Charlo, agus faoi na deiseanna atá faighte aici i saol na Gaeilge! HUP!


1. Cárb as duit?

Is as an gCathair in Indreabhán i gContae na Gaillimhe dom.

2. Na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?

Na Gaeilgeoirí a thagann gach samhradh, an trá agus an pháirc spraoi (in éindí le mo chairde).

3. Cad é an t-amhrán is fearr leat?

Tá an oiread acu ann; níl mé in ann ceann faoi leith a phiocadh. “Ar nós na tine” atá i mo chloigeann faoi láthair. Thaifead na Gaeilgeoirí i gColáiste Lurgan é ag an deireadh seachtaine.

4. Cad é an rud is fearr leat faoi bheith i d’aisteoir?

Is maith liom bheith ag castáil le daoine nua go minic agus ní bhíonn aon dhá lá mar a chéile.

Doireann

5. An ball éadaigh is fearr leat i do vardrús?

Mo fleecy hoodie atá chomh sean liom féin.

6. Cé acu is fearr leat: aisteoireacht ar an teilifís nó ar stáitse?

Is maith liom an stáitse faoi láthair mar is sin atá ar siúl agam na laethanta seo agus táim ag baint an-taitnimh as.

7. As na cinn atá déanta agat go dtí seo, cad é an pháirt/carachtar is mó a thaitin leat?

An pháirt thaibhsiúil atá á déanamh agam faoi láthair sa dráma Fornocht do Chonac.

8. Cad é ba mhaith leat a dhéanamh nuair a chríochnaíonn tú an scoil?

Ba mhaith liom jabanna éagsúla (chuile chineál) a thriail.

9. Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi bheith i gColáiste Lurgan?

Is maith liom bheith ag déanamh cairde nua agus ag castáil leis an seandream a bhí ann cheana, chomh maith leis an damhsa, an ceol agus an chraic.

10. Cad é an dath is fearr leat?

Bándearg, gan dabht!

11. Inis dúinn faoin pháirt atá agat sa dráma nua sa Taibhdhearc ‘Fornocht do Chonac’. 

Táim mar spiorad, agus tá fear bocht darb ainm Piaras á chéasadh agam.

12. Pasta nó píotsa?

Píotsa, cinnte.

13. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr, dar leat?

Is í Frances in ‘Ros na Rún’ an t-aisteoir is fearr liom uilig mar is cara mór liom í freisin.

14. Cad é an rud is fearr faoin nGaeilge?

Na deiseanna atá faighte agam dá barr.

15. An mbíonn cleasanna ar bith in úsáid agat chun do línte a fhoghlaim?

Ní bhíonn, i ndáiríre, ach cleachtadh.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Chaithfinn ar bhia agus uisce é chun mé a choinneáil ag imeacht.

17. An chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi…

Tenerife sa Spáinn, mar tá m’uncail Seán agus Mairéad ann. Bíonn an-time againn ina dteannta i gcónaí.

18. Trí fhocal a chuireann síos ar laethanta saoire an tsamhraidh?
Spraoi, trá agus cairde.

doir

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Neart! Tá an liosta fada, go mór mhór ag canadh os ard. Tugann mo Mhama “scréachaíl” air.

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Cleasanna agus béasaí a mhúineadh do mo mhadra craiceáilte Charlo.


Beidh ‘Fornocht do Chonac’ le hEoghan Ó Tuairisc ar siúl sa Taibhdhearc 11-16 Iúil. Réamhléirithe 7-9 Iúil 2016. Praghas €12-€18. Tuilleadh eolais anseo.