60 Soicind le…
Hilary Bowen-Walsh

Is í an t-aisteoir, damhsóir agus bean ildánach, Hilary Bowen-Walsh, atá i gcathair 60 soicind inniu agus í ag fáil réidh don seó nua damhsa ‘The Watchmaker’ a bheas á chur ar stáitse an Olympia, i mBaile Átha Cliath, Dé hAoine 5 Bealtaine.

Labhair sí linn faoin seó spleodrach a tharraingíonn damhsóirí le chéile ó gach coirnéal den domhan, faoi cheapairí Tayto ar an trá (mmmm!) agus faoi cheann de na buaicphointí ina saol… atá fós le theacht! 


1. Cárb as tú?

Baile Easa Dara, Sligeach.

2. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?

– Mo mhuintir agus muintir na háite
– An fharraige fhiáin
– Cultúr saibhir an Iarthair

3. Cad í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

A bheith ag obair laethanta fada sa phortach le m’athair i rith an tsamhraidh.

4. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

An Fhrainc, toisc gur chaith mé tréimhse fhada ag obair agus ag staidéar ann.

5. An ball éadaigh is minice a chaitheann tú?

Na laethanta seo, is minic léatar agus bróga bailé á gcaitheamh agam agus mé i mbun cleachtaidh don seó.

6. Cad is féidir le daoine a bheith ag súil leis ón seó ‘The Watchmaker’.

Is síscéal bailé agus damhsa comhaimseartha é a phléann le ham agus leis an tslí a gcaitheann daoine lena saol.

Tá plúr na ndamhsóirí ó chuile choirnéal den domhan páirteach ann agus gach cineál damhsa le brath ann ó salsa go break, hiphop go bailé clasaiceach.

Ní bheith ach an t-aon oíche amháin in Éirinn againn sula dtugann muid an seó ar camchuairt go dtí an Laitvia, mar sin bígí cinnte ticéad a fháil dá mba mhaith libh a bheith sa lucht féachana!

7. An drámadóir is fearr leat?

Taitníonn Eugène Ionesco agus Marina Carr go mór liom.

8. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i d’aisteoir/fuirseoir/damhsóir?

Bheinn i mo thréidlia nó ag obair le hainmhithe ar bhealach éigin.

9. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Níor mhaith liom scaoileadh le mo rúin ar fad.

10. Seisiún nó ceolchoirm?

An dá rud!

11. Cé hí/hé an t-amhránaí is fearr leat?

Taitníonn Rufus Wainwright go mór liom, ach athraíonn sé go minic.

12. Cad an scannán is fearr leat?

Tá neart ann ach is breá liom Natural Born Killers.

13. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr leat?

Ní fhéadfainn duine amháin a roghnú ach is tá mé tar éis breathnú ar Titanic arís le déanaí agus is sáraisteoir é Leonardo DiCaprio!

14. An bhialann is deise i mBaile Átha Cliath dar leat?

Taitníonn Musashi Sushi go mór liom, ar nós Pheadar Uí Chaomhánaigh.

15. Leabhar maith a léigh tú le déanaí?

The Satanic Verses le Salman Rushdie.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Rachainn ar thuras chuig trá éigin le cairde agus bheadh picnic againn le bleaist ceapairí Tayto.

17. An rud is mó a chuireann ag gáire thú?

GaelGÁIRÍ go cinnte! #plugbeag

18. An bhfuil drochnós ar bith agat?

An iomarca faraor!

19. Rud amháin ba mhaith leat a dhéanamh an samhradh seo?

Sos a thógáil thar lear go cinnte. Beidh mé ag aisteoireacht leis an chomhlacht amharclannaíochta Blue Raincoat ar dhráma de chuid Yeats agus tá mé ag tnúth go mór leis sin.

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Tá an t-ádh dearg orm go raibh go leor buaicphointí i mo shaol go dtí seo, ach táim ar bís agus buíoch go mbeidh mé páirteach sa léiriú seo in amharclann aoibhinn an Olympia Dé hAoine, ardán a mheall leithéidí Marcel Marceau, Laurel agus Hardy agus Charlie Chaplin roimhe.


Faigh do thicéad do ‘The Watchmaker’ anseo nó cuir scairt ar 0818719330