60 Soicind le…
Neasa Ní Chuanaigh

Is í an t-aisteoir álainn Neasa Ní Chuanaigh atá i gcathaoir 60 Soicind inniu, an bealach ar fad ó Pittsburgh SAM.

Ghoid muid nóiméad le spéirbhean an stáitse agus í ar an mbóthar le draoithe na bpuipéad beag, an comhlacht drámaíochta Branar.

Labhair sí linn faoi chuimhní cinn a hóige, faoi ghoraillí sléibhe Ruanda agus faoi aisling a fhíorú ar ardán Broadway le déanaí! 


1. Cárb as duit?

An Spidéal i gConamara na Gaillimhe.

2. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?

– An fharraige,
– An Ghaeltacht: níor thuig mé an tábhacht a bhain léi go dtí gur bhog mé ón áit.
– An tírdhreach.

3. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

Ceist fíor-dheacair! Tá mé chun Ruanda san Afraic a roghnú mar go raibh an t-ádh orm na goraillí sléibhe a fheiceáil agus mé ann.

4. Cé hí/hé an t-amhránaí is fearr leat?

Banríon Beyonce, dár ndóigh!

5. Cad é an ball éadaigh is mó a chaitheann tú?

Húdaí is dóigh liom mar gur bhreá liom a bheith compordach agus bím i gcónaí fuar!

6. An rud is fearr agus is measa faoi bheith i d’aisteoir?

An rud is fearr faoi bheith i m’aisteoir ná go bhfuil gach jab difriúil agus tá éagsúlacht ann. Faoi láthair tá mé ar camchuairt le The Way Back Home, seó aoibhinn le Branar.

Déarfainn gurb é an rud is measa ná nach mbíonn a fhios agat riamh céard é an chéad phost a thiocfaidh do threo nó má tá a leithéid ar fáil fiú!

7. Fíon nó beoir?

Ceachtar.

8. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i d’aisteoir?

Dlíodóir, bleachtaire nó cuntasóir!

9. Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Ag obair agus ag spraoi le mo dheartháireacha agus deirfiúracha ar an bhfeirm pheataí a bhí againn.

10. Dá mbeifeá ag casadh le duine a raibh dúil agat iontu den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Bhuel, d’eagróinn eachtra nó imeacht éigin le giota beag aicsin – ar nós turas go heas éigin nó dreapadóireacht sléibhe agus ansin dinnéar álainn i mbialann dheas, cúpla deoch théis agus críoch a chur leis an oíche le damhsa má tá muid fós ag caint ag an tráth sin!

11. Leabhar maith atá léite agat le déanaí?

Tríológ Steig Larsson – thar cionn ar fad.

12. An ról is fearr atá curtha i láthair agat?

Ar stáitse b’fhéidir Mag i Lovers le Brian Friel, agus ar teilifís, bhí an-spórt agam ag glacadh páirt Joanne sa sraithdhráma Seacht.

13. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr leat?

Cate Blanchett, chonaic mé í ar Broadway le déanaí.

14. Scannán maith atá feicthe agat le déanaí?

The Great Gatsby.

15. An t-amhrán is mó a chuireann tú ar siúl?

Níl amhrán faoi leith ach éistim le ceol chomh minic agus is féidir liom.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Pictiúrlann le popcorn – sin bia agus siamsaíocht!

17. Céard í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?

Ba bhreá liom dul go dtí an tAntartach mar tá sé chomh difriúil ó aon áit a raibh mé go dtí seo.

18. As na léirithe ar fad atá déanta agat, cén ceann a sheasann amach agus cén fáth?

Find Me le Christopher Collins. Is dráma ensemble é faoi chailín a bhfuil uathachas uirthi.

Fíorscéal atá ann agus seasann sé amach dom mar gheall go bhfuil mé paiseanta faoin ábhar a chuir muid i láthair.

Bhí an cliar láidir agus fís mhaith ag an stiúrthóir.

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Ólaim an iomarca tae.

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Buaicphointe mo shaoil go dtí seo ná a bheith ag aisteoireacht ar Broadway i Nua-Eabhrach.


Beidh Neasa ar ais i nGaillimh d’Féile Ealaíon na Gaillimhe leis an léiriú ‘How to Catch a Star’ le Branar Téatar.