Ag Reacaireacht ag Body & Soul
Deis ag file a bheith páirteach sa ghig!

Tá lúcháir orainn an scéal a scaipeadh go mbeidh laochra REIC ag tabhairt aghaidh ar an mhórfhéile samhraidh Body and Soul i mbliana.

Agus an dea-scéala á ceiliúradh, tá bunaitheoir REIC, Ciara Ní É, ag eagrú comórtais a thabharfaidh deis d’fhile ádhúil a bheith ag reacaireacht ar ardán na féile.

Cuirfear fearadh na fáilte roimh dhaoine píosa filíochta, rap nó eile a dhéanamh ag REIC na Bealtaine, a bheas ar siúl i mbrú an Generator, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath, san oíche amárach, Déardaoin 11 Bealtaine.

Mura féidir a bheith i láthair, tá rogha ag daoine ar mhian leo a bheith san áireamh físeán a thaifeadadh díobh féin i mbun filíochta agus é a sheoladh isteach roimh an imeacht.

Taispeánfar na físeáin a thagann isteach ar scáileán mór le linn na hoíche agus roghnófar buaiteoir ar an oíche.

‘Gaeilge agus Fáilte’ an mana atá ag REIC, agus beifear ag súil le Gaeilge a bheith i mbéal na n-iarrthóirí.

Tá lánchead dánta Béarla a rá, fad is atá saothar i nGaeilge acu freisin.

Tá REIC á reáchtáil le dhá bhliain anuas agus bíonn an-rath ar na hoícheanta bríomhara filíochta a tharraingíonn ceol, rap, agus ní bheadh a fhios agat cad eile le chéile!

Go dtí seo, bhí gigeanna ag REIC ag an Phicnic Leictreach, LINGO agus IMRAM, ach seo an chéad chuireadh atá faighte acu a bheith i láthair ag Body & Soul, á eagraítear gach bliain thar dheireadh seachtaine ghrianstad an tsamhraidh i gCaisleán Bhaile an Locha, Co. na hIarmhí.

Idir scoth na gceoltóirí agus leithne an chláir, a chuimsíonn gach gné de na healaíona, airítear Body and Soul i measc na bhféilte is fearr sa tír.

Dúirt Ciara le NÓS go bhfuil sé iontach go mbeidh REIC agus an Ghaeilge le cloisteáil i measc phlúr na gceoltóirí agus na n-ealaíontóirí sa tír.

“Deirtear go bhfuil Body and Soul níos ailtéarnaí ná Electric Picnic agus oireann sin go hiontach do REIC,” ar sí.

“Bíonn daoine ag spaisteoireacht thart ar an fhéile le meon oscailte, agus táim ag súil go mór le filí iontacha a chur os a gcomhair – buaiteoir an chomórtais san áireamh!”

‘Pas Oirfidigh don deireadh seachtaine’ an duais atá buachan ag REIC san oíche amárach.

Beidh Body and Soul ar siúl ar 23 – 25 Meitheamh agus ní mór bheith saor ar na dátaí sin le bheith san áireamh.

Tuilleadh eolais ó reic.eire@gmail.com