An leagan is samhlaíche agus is cruthaithí de ‘Macbeth’ a chonaic mé riamh

Insítear gnéithe den scéal sa léirmheas seo a mhillfeadh an dráma ar dhuine nach bhfuil sé léite aige. Ach ó tharla gur foilsíodh 415 bliain ó shin é, níl trua againn daoibh, bhí neart ama agaibh. 


Níl dráma de chuid Fíbín feicthe agam nár thaitin liom fós. I ndiaidh dráma dá gcuid a fheiceáil, is iondúil nach mbíonn le cíoradh agam ach an cheist ‘cé chomh mór is a thaitin sé seo liom?’, agus féadaim a rá gur thaitin a léiriú nua de Mac an Bheatha le William Shakespeare thar cionn liom. 

Tá sé an-éasca dráma Shakespeare a chur ar an ardán — níl le déanamh ach an script atá 400 bliain d’aois agus ar eolas ag go leor den lucht féachana cheana féin a fhoghlaim, éadaí seanaimseartha a chur ort féin, agus dul amach ar an stáitse. 

Ach ní mar sin a thugann Fíbín faoin drámaíocht, agus cáil ar an gcompántas Gaeltachta ar fud na hÉireann as an tsamhlaíocht, as an gcruthaitheacht agus as an nuálaíocht a bhíonn i gceist le léirithe dá gcuid, agus tá Mac an Bheatha ar cheann de na drámaí Gaeilge is samhlaíche, agus cruthaithí agus is nuálaí a chonaic mé riamh. 

Ba i Halla na Tulaí i nGaeltacht na Gaillimhe a léiríodh an leagan a chonaic mise Dé Sathairn seo caite, ach beidh sé á léiriú an tseachtain seo sa Printworks i gcathair na Gaillimhe. Bhí an léiriú ag brath go mór ar leagan amach an spáis aisteoireachta — nuair a shiúil muid, an lucht féachana, isteach, bhí banna ceoil (‘Na Cailleachaí’) ar an ardán agus ceolchoirm punc ar siúl acu. Ní shiod é an Macbeth a rinne mé don Ardteist. 

Is leagan ciorraithe den dráma atá ag Fíbín, nach maireann ach thart ar dhá uair an chloig. Mar sin, an té a bhfuil eolas aige ar an mbunleagan, tabharfaidh sé faoi deara go bhfuil cúpla radharc imithe, ach dáiríre píre ní bhaineann sé seo den léiriú. Tagraítear d’imeachtaí na radharc sin nach bhfeiceann muid agus tá iomlán an scéil ag an lucht féachana a fhad is a bhogann an t-aicsean ar aghaidh ar luas lasrach. 

Bhí an taispeántas a thug Mac an Bheatha féin (Lochlann Ó Mearáin) uaidh thar cionn uilig. D’éirigh leis castacht an charachtair, agus a ‘aistear’ ó leifteanant dílis an rí, go rímharfóir, go marfóir ríoga, a chur in iúl go caolchúiseach agus go paiteanta. Bhí an radharc inar imigh sé ar gealtaigh uilig i ndiaidh dhúnmharú Bhánchú thar a bheith cumhachtach, agus bhí dealramh na fírinne ar a chaidreamh lena chéile, Bean Mhic an Bheatha (Liz Fitzgibbon). 

Bhí na haisteoirí eile go maith freisin, go mór mór Ruairí Heading i ról Mhic Dhuibh agus Garret Keogh i ról an Rí Donncha. Tá Heading le moladh as a chumas amhránaíochta agus troda freisin, bhí an troid dheireanach idir é féin agus Ó Mearáin an-mhaith, geall le damhsa. 

Níor scríobh Shakespeare féin mórán rólanna do mhná in Macbeth — tá beirt sa mbunleagan ar cinnte gur mná iad, Lady Macbeth agus Lady Macduff, agus na Cailleacha ach níltear cinnte cén sórt ainmhithe iad sin ar chor ar bith. Sa leagan seo den scéal, is bean í Bánchú (Áine Ní Laoghaire) agus thug sí léargas breá ar an gcarachtar sin. 

Faraor ba í Bean Mhic an Bheatha ba laige ina ról, ach seans gur mar gheall ar fheabhas an léirithe a thug Ó Mearáin uaidh a bhí an chuma sin ar an scéal. D’airigh mé go raibh mé ag breathnú ar dhá aisteoir a bhí feidhmiú ar leibhéil an-éagsúla nuair a bhí an bheirt ina n-aonar ar an ardán, cé gur thug Fitzgibbon léirithe maithe uaithi in amanna, go háirithe nuair a bhí fraoch agus faitíos na mná mire le feiceáil. 

Is cinnte gurbh iad Na Cailleachaí (Jak Sherrard, Jos Kelly, Bruno Pierucci agus Des Harrington) is mó a thaitin liom, agus bheadh mé breá sásta dul chuig ceolchoirm dá gcuid amach anseo.

Mar a dúirt mé thuas, níor fhág mé dráma de chuid Fíbín riamh agus díomá orm, agus b’amhlaidh an scéal Dé Sathairn seo caite. Tá sé an-deacair beocht a chur i seanscéal ach thaitin úsáid chliste an cheoil agus an spáis aisteoireachta go mór liom ó thús deiridh an dráma. 

Mar sin féin, fuair mé dhá locht ar an léiriú seo. Níor cuireadh suíochán ar fáíl don lucht féachana agus níl rabhadh ar bith san ábhar bolscaireachta do dhuine a bheadh sean nó lag go mbeifí ag súil go seasfadh siad ar feadh dhá uair an chloig. Bhí cúpla duine, idir óg agus aosta, suite ar an urlár faoi dheireadh an dráma, agus thit bean óg amháin i laige. 

Ar deireadh, is aistriúchán nua de Macbeth é seo, a rinne an t-aisteoir agus an t-aistritheoir Seán Ó Tarpaigh. Bhí an t-aistriúchán go breá den chuid ba mhó, agus is mór an dúshlán é saothar Shakespeare a léamh i mBéarla gan caint ar é a aistriú go teanga eile, ach bhí cúpla mórlocht ar an script a ghoill go mór ar mo chluais. Mar shampla, an líne ‘ríthe do chlann, ach ní bheidh tú ceann’ ar ‘thou shalt get kings, though thou be none’. Aistríodh Macbeth go fileata trí huaire roimhe seo, agus ní fheictear dom gur gá dul i muinín aistriúcháin nua a bhfuil lochtanna mar sin air. 

Beidh Mac an Bheatha sa Printworks i gcathair na Gaillimhe idir 26-30 Samhain. Tá ticéid ar fáil anseo.