Athmhúscailt ‘The Wake’
- Dráma le Tom Murphy ar ais ar stáitse Amharclann na Mainistreach

Tá athbheochan déanta ar an dráma iomráiteach ‘The Wake’ le Tom Murphy, a phléann le hábharachas i saol na hÉireann. D’oscail sé in Amharclann na Mainistreach le déanaí agus beidh sé ar an ardán go deireadh mhí Iúil. Bhí ár léirmheastóir Eoin P. Ó Murchú sa lucht féachana.


Ní hionann athbheochan agus rud maith i gcónaí.

Tugann an athbheochan seo, atá ar chlár comórtha na hAmharclainne Náisiúnta, ardán nua do shaothar a léiríodh den chéad uair i 1998, agus tá a rian sin air, maith agus olc.

Cuireann an dráma Vera O’Toole inár láthair, bean a fhilleann ar Éirinn ó shaol leathrúnda i Nua-Eabhrac.

Tá muintir O’Toole in adharca a chéile, iad ag troid faoi óstán teaghlaigh a fágadh ag Vera. Ní thaitníonn Vera leo agus ní dúirt siad léi fiú go raibh a seanmháthair tar éis báis go dtí go raibh an tsochraid thart.

Téann Vera ar an drabhlás ag caoineadh a seanmháthar agus cuireann an lasair sa bharrach sa bhaile beag.

Is í Aisling O’Sullivan (The Clinic) a ghlacann ról Vera agus tagann athrú mór uirthi le linn an dráma.

Tá foilmhe éigin inti i dtús báire, ach de réir mar a chuirtear aithne uirthi socraíonn an carachtar beagán.

Cuirtear í inár láthair mar bhean leathbhriste atá ag caoineadh an ama atá thart. Locht ollmhór ar an léiriú nach dtuigtear mianta Vera go maith.

Níor bhraitheas go raibh aithne againn uirthi faoi dheireadh an dráma.

abbey

Nuair a chasann sí le Finbar, fear a mbíodh sí ag siúl amach leis agus í óg, tosaíonn ráig shaorghlanta, di féin agus do mhuintir an bhaile.

Cónaíonn Finbar (Brian Doherty) i raingléis de sheanteach agus tosaíonn caidreamh ait idir é agus Vera. Is é Finbar an carachtar is mó a raibh dáimh agam leis sa dráma.

Cé gur bligeard críochnaithe agus meisceoir gan mhaith é ar an iomlán, tá sé ar an duine is ciallmhaire ar go leor bealaí.

Caitear Henry (Frank McCusker), fear rachmasach a bhfuil géire tuisceana ann, sa mhullach orthu agus bíonn sé ina chaidreamh aisteach idir an triúr acu.

Nuair a éiríonn leis an dráma agus leis an gcliar socrú isteach ina rithim féin, pléitear leis na rúin fholaigh sin atá againn ar fad agus leis an gcoimhlint idir an mheasúlacht agus na mianta bunaidh ionainn.

Fágann nochtachas, gáirsiúlacht agus greann go bhfuil blas air mar dhráma – agus fiacla a bhaineann plaic asat.

Tá radhairc áirithe, an tórramh féin, measartha lag agus an rud a théann i bhfad téann i bhfuaire.

Is fiú cuimhneamh go maireann an dráma féin breis agus 3 huaire an chloig. Níor mhiste giotaí de a bhaint.

An locht is mó a gheobhadh lucht féachana an lá inniu air, seans, ná go bhfuil a leithéid feicthe againn cheana.

Tá an rud seanchaite go maith faoin am seo. Seans go raibh gearradh ann le linn bhlianta an Tíogair ach níl anois.

Tá ceist agam don Amharclann Náisiúnta: Nárbh fhearr fáiltiú roimh ghuthanna úra agus léargais éagsúla?

Sin ráite, ní hé go n-éiríonn sé leamh ariamh. Coinnítear aird an lucht féachana le linn an dráma. Ní bhíonn a fhios agat cad a thitfidh amach.

Ar an drochuair, roghnaíonn na carachtair dul treo nach é is drámatúla in aon chor agus fágann sé sin gur leamh an deireadh atá leis.

Ach is fiú a rá go bhfuil an seit go maith. Súitear muid isteach sa domhan trí bhrat réaltóg a chur os ár gcomhair a chuireann spéartha pice na tuaithe i gcuimhne dúinn.

San óstán féin is féidir boladh an chaonaigh agus na taise a bhrath air, beagnach, ach scaití ní líontar mór-ardán na Mainistreach.

Ní fhéadfainn gan a lua go bhfuil an greann dóite dorcha agus go bhfuil an tsáraíocht ann rábach.

Dráma é seo a bhainfeadh gáire as an duine is soiniciúla.


Beidh an dráma ar siúl ar phríomhardán na Mainistreach go dtí an 30ú Iúil. Ticéid: €13-€45/€13-€23. Tuilleadh eolais anseo