Brionglóid ‘shnasta’ Maloney
Ach an bhfuil tuilleadh feola ag teastáil ar chnámha na brionglóide seo?

Bhí ár léirmheastóir Eoin P. Ó Murchú i láthair ag an léiriú nua le Branar, Brionglóid Maloney, a insíonn scéal an Éirí Amach trí shúile na cosmhuintire.


Tá stíl nua drámaíochta tagtha chun cinn a mbíonn go leor cineálacha difriúla fís-ealaíne inti.

Cuireann Branar an dráma seo, Maloney’s Dream – Brionglóid Maloney, inár láthair sa stíl chéanna.

Is dráma do pháistí é, cé go mbainfeadh daoine d’aon aois taitneamh as, táim cinnte.

Is é Jonathan Gunning (ar chlé) atá sa phríomhról, agus is é agus a chuid geáitsí atá go maith chuige.

Is fear fíordhearfach é Maloney a fhilleann ar Éirinn tar éis dó 10 mbliana a chaitheamh ag taisteal timpeall óstáin na hEorpa.

Filleann sé le hóstán a oscailt ar Shráid Sackville Luan na Cásca, 1916.

Jonathon

In ainneoin go leor fadhbanna, éiríonn leis an t-óstán a oscailt agus cuairteoirí a mhealladh.

Is ansin a thiteann cúrsaí chun donais ar fad agus lucht an Éirí Amach agus Arm na Breataine ag cur isteach orthu.

Tríd is tríd, is léiriú snasta go maith é seo a chuireann báid agus traenacha agus buamáil inár láthair le fuaimeanna, físeanna agus frapaí cliste.

Baintear feidhm as puipéad i stíl shainiúil Branar le páiste a chur inár láthair, páiste as slumaí Bhaile Átha Cliath a ghoideann craiceann fataí lena bheathú féin.

Cruthaítear gluaiseacht an pháiste seo go han-mhaith agus triúr den chliar á oibriú.

Cuirtear go leor rudaí glice os ár gcomhair: slua d’aíonna le hataí iomadúla éagsúla a chur ar an gcliar agus ar uirlisí; slua ban cruthaithe ag roinnt den chliar agus scata puipéad; scáileán ceart de bhraillín a bhfeictear na haíonna éagsúla ina scáileanna air, agus mím a chruthaíonn domhain bheaga éagsúla dúinn.

Is gá a rá go bhfuil an dráma sách “réabhlóid-lite”, mar a luaigh cara liom.

Ba chóir, leis, breis muiníne a bheith againn as páistí agus as a gcumas dul i ngleic le hábhar casta nó ábhar brónach, fiú.

Tá deireadh an phíosa rud beag gan anam, agus ba é an trua é nach raibh beagán de bhreathnú chun tosaigh ar an réabhlóid ná ar shaol Maloney féin ann.

Bheadh dul amú ar dhuine a cheapfadh gur léiriú dátheangach é seo, rud a deir siad ar an suíomh.

Is dráma Béarla é.

Is fíorbheag an méid Gaeilge atá ann, gan mórán níos mó ná an méid Fraincise agus Iodáilise atá ann.

Is trua sin, go háirithe de bharr go ndeirtear san eolas margaíochta go bhfuair Branar tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge don dráma seo.

Ardaíonn sé seo ceist maidir le maoiniú Gaeilge a thabhairt do thograí nach bhfuil ach sciar fíorbheag díobh i nGaeilge – d’fhéadfá a shamhlú go dtógann na tograí seo airgead ó thograí cearta Gaeilge nó dátheangacha.

Tá an seit a dhear Maeve Clancy an-samhlaíoch agus tagann athrú air go minic le linn an dráma.

Is é Michael Chang a chum an ceol bríomhar don dráma agus tá ról aige féin ann chomh maith.

Tagann an cliar ar fad le chéile don cheol, don drámaíocht, don athrú seit agus araile, rud a chuireann leis an dráma.

Ar an iomlán, bhí an léiriú féin taitneamhach agus go leor rudaí deasa cliste ann, ach theastódh beagán níos mó feola le páistí a chur i ngleic leis an réabhlóid mar is ceart, bhraitheas.