‘Cinneadh na Circe’
Ag oscailt sa Taibhdhearc anocht!

Beidh Tara Breathnach i bpáirt Tríona sa dráma nua ‘Cinneadh na Circe’, a osclaíonn sa Taibhdhearc anocht. Labhair sí linn faoi.


Is cliar ban ar fad a bheidh le feiceáil ar stáitse na Taibhdheirce anocht d’oíche oscailte ‘Cinneadh na Circe’, an léiriú is déanaí leis an amharclann náisiúnta Ghaeilge.

Leagan Gaeilge is ea é de dhráma le Jimmy Murphy, The Hen Night Epiphany, atá aistrithe ag John Keane.

Seo an dara bliain as a chéile a bhfuil leagan Gaeilge de dhráma le Murphy á chur ar stáitse na Taibhdheirce.

Anuraidh léirigh Aisteoirí an Spidéil Boicíní Bhóthar Kilburn, (The Kings of Kilburn High Road) mórdhráma an údair, a raibh cliar de sheisear fear ann.

Phléigh an dráma úd le castachtaí caidreamh, mothúcháin dhaonna agus imeachtaí sa stair a imríonn tionchar ar dhaoine.

Déanann Cinneadh na Circe amhlaidh, dar le Tara Breathnach, atá i bpáirt Tríona sa dráma, ach trí shúile na mban.

Díríonn an scéal ar thriúr cairde a bhí ar an choláiste le chéile agus a imíonn ar thuras campála go Conamara do cheiliúradh circe Úna.

Máthair bhaistí agus máthair chéile na circe an bheirt eile a théann i dteannta leo.

Agus iad scoite amach ón ghnáthshaol, ar Tara le NÓS, ní fada go gcuirtear brú ar na caidrimh uile.

“Samhlaigh I’m a Celebrity Get Me Out of Here,” ar sí le gáire.

“Tá siad amuigh, scoite amach faoin tuath agus cuireann sé teannas ar chuile chaidreamh. Níl aon éalú uaidh.”

Drama a do

Láthair iontach is ea é, dar le Tara, chun plé a dhéanamh ar dhaoine, ar an chaoi a mbíonn muid i mbun cumarsáide le chéile agus ar an chaoi a mbíonn muid ag iarraidh rudaí a cheilt óna chéile.

Tá rún faoi leith ag an uile bhean, agus le linn an dráma nochtar a bhfuil á cheilt ag na mná.

“Tá Tríona gafa leis an íomhá a chothaíonn sí, ach faraor níl ansin ach cur i gcéill.

“Déanann sí a seacht ndícheall gan a laigeachtaí a thaispeáint do dhaoine.”

Drama

Tá an dráma faoi stiúir Lara Ní Chathmhaoil agus is iad Fionnuala Ní Fhlatharta (Ros na Rún), Mímí Carroll (Eipic), Charlotte Bradley (An Brontannas) agus Bairbre Ní Chaoimh an ceathrar eile sa chliar.

Mhínigh Tara go bhfuil sí iontach tógtha a bheith páirteach i ndráma le scoth an chliair atá faoi stiúir mná.

“Go hiondúil, bíonn bean óg ann agus bean níos aosta sna clasaicigh abair, agus is fíorannamh a gheobhfá triúr ban sna 30idí in aon dráma ” ar sí.

“Chaith muid mí ag obair leis an stiúrthóir, Lara Ní Chathmhaoil, ag déanamh forbartha ar na carachtair, ag dul ag tochailt ionainn féin.”

“Is annamh agus is iontach an deis í!”


Beidh Cinneadh na Circe ar ardán na Taibhdheirce ón oíche anocht, an 5 – 9 Aibreán, ag a 8in. Faigh do thicéad anseo

Ticéid: €17.50/€14.50 091-562024 nó www.antaibhdhearc.com