Cumhacht an chogaidh
le brath go mór ar ardán na Mainistreach

Tá léiriú nua de dhráma clúiteach Éireannach faoin Chéad Chogadh Domhanda ar ardán faoi láthair in Amharclann na Mainistreach. Chuaigh Mícheál Mac an Bheatha lena fheiceáil.


Rugadh Frank McGuinness sa traidisiún náisiúnach Caitliceach i dTír Chonaill ach is traidisiún eile ar fad atá faoi chaibidil aige in Observe the Sons of Ulster Marching Towards the Somme.

Léiríonn an dráma, a scríobhadh ar dtús in 1986, na fir Phrotastúnacha sin ón 36ú rannán Ultach in Arm na Breataine a throid sa Fhrainc le linn an Chogaidh Mhóir.

Tugann an saothar súil eile ar chúrsaí sna trinsí, agus in Éirinn in áiteanna a bheadh mar chuid de na sé chontae tamall níos déanaí.

Comhléiriú cuimsitheach é an leagan nua seo idir Amharclann na Mainistreach féin, Headlong Londan, Citizens Theatre Ghlaschú agus Everyman & Playhouse Learphoill.

Is le seanfhear a thosaíonn an chéad radharc, é ag gearán gur gá dó bheith ag cuimhneamh siar ar an gcogadh.

“I do not understand your insistence on my remembrance,” a deir sé agus é ina aonar.

Ar bhealach, agus muid 100 bliain ar aghaidh ón tréimhse chorrach úd, is rabhadh tráthúil dúinn é sin i dtaobh cuimhneacháin na marbh a úsáid le haghaidh clár polaitiúil.

Ach cé go bhfuil an óráid seo uaidh cumhachtach, tá sí ró-fhada agus iomarcach, agus tá easpa fírinne le brath san aisteoireacht.

De réir a chéile feiceann muid taibhsí na saighdiúirí agus téann muid ar aistear ar ais go haimsir an chogaidh féin.

drama1

Tagann athruithe stáitse ann, an t-ardán mór ag méadú leis.

Feictear scáthchruthanna de shaighdiúirí roimh spéir gheal rua, iad ag iarraidh an spás a thrasnú.

Gné bhunúsach cinnte, ach is meafar amhairc sách éifeachtach é faoin gcogadh chun gné gan ainm an chogaidh a léiriú.

Buailimid leis an gcéad charachtar arís in ionad daingnithe, é níos óige anois: Pyper is ainm dó, pearsa neamhchoitianta a bhfuil fuinneamh agus teanga ghangaideach aige.

Is meascán é idir an gasúr scoile spraíúil agus an créatúr cráite.

Ról dúshlánach ach cuireann Donal Gallery de go stuama é.

Diaidh ar ndiaidh cuireann muid aithne ar na fir ar fad.

Ochtar ilchineálach; an dealbhóir Pyper, an t-oibrí longlainne McIlwaine agus Anderson ó Bhéal Feirste agus an t-iar-mhinistir Roulston.

Cuireann Marcus Lamb sárléiriú den mhinistir inár láthair, duine atá ag fulaingt agus é in amhras faoina chreideamh.

Le chéile, léiríonn an dream seo éagsúlacht sa Phrotastúnachas Ultach.

Idir chompánachas agus achrann, tá siamsaíocht ghreannmhar cruthaithe ag an ensemble le súgradh agus aisteoireacht fhisiciúil, spraoi a chuirfeadh The History Boys ag Alan Bennett i gcuimhne duit.

Sa dara leath éiríonn an spás – deartha ag Ciaran Bagnall – leathan mór, níos daingne agus níos troime le clástrafóibe an chogaidh a chur in iúl.

drama2

Baintear úsáid mhaith as an droichead os cionn an stáitse le haghaidh gluaisteachta.

Feictear dealbha aitheanta Inis Badhbha, atá ar Loch Éirne Fhear Manach, agus dúil faoi cheilt á léiriú.

In úsáid shamhlaíoch eile, cruthaítear tréimhse fhada cogaíochta le stróbshoilse agus pléascanna gunnaí ar radharc drámatúil neamhchoitianta é an toradh.

Anuas air sin cuireann torann dhruma Lann Bheag (Lambeg) fuaim na hairtléire agus an anoird uafásaigh trasna go cumasach.

Fuair thart ar 2,000 Ultach bás ar an gcéad lá de Chath na Somme in 1916 agus bhí tuilleadh le himeacht sa tslí chéanna, idir Ultaigh agus fhir as gach cearn eile d’Éirinn.

Íobairt fhuilteach a bhí ann a bhfuil a tionchar fós le mothú inniu agus tá castachtaí an ama sin, ón Chogadh Mór go dtí an tÉirí Amach, le feiceáil go soiléir ar ardán anseo.

Pléitear ceisteanna tábhachtacha a bhaineann leis an bhféiniúlacht, chomh maith le collaíocht, reiligiún agus féiníomhá na nAontachtach sa saothar cumhachtach seo, ceisteanna atá go fóill á gcíoradh againn céad bliain ar aghaidh.

Is fiú go mór é a fheiceáil.


Tá ‘Observe the Sons of Ulster Marching Towards the Somme’ ar siúl in Amharclann na Mainistreach, BÁC, go 24 Meán Fómhair 2016.