Dráma buach ‘Séanadh’
ar ais le cliar agus stiúrthóir nua!

Den chéad uair, tá caipín an stiúrthóra ar an aisteoir aitheanta Neasa Ní Chuanaigh agus í i mbun stiúrtha agus aisteoireachta sa dráma ‘Séanadh’, a bheas ar stáitse anocht sa Taibhdhearc, Gaillimh, sula dtabharfar go Béal Feirste agus BÁC é. Labhair Neasa linn faoi. 


Beidh an dráma nua-scríofa Séanadh, le Gearóid Ó Unfraidh a thug leis Gradam BBC Stewart Parker anuraidh, á léiriú ag Na Géanna Fiáine sa Taibhdhearc san oíche amárach, ar feadh aon oíche amháin, sula dtabharfar go Béal Feirste agus BÁC é thar an deireadh seachtaine.

Agus bliain an chomórtha ag imeacht léi cosa in airde, is dráma tráthúil é seo a phléann le himeachtaí comórtha an Éirí Amach agus leis an tionchar a imríonn an chogaíocht ar dhaoine amach sa saol.

Gan mórán a sceitheadh faoin scéal, cuirtear tús leis an dráma tráth ar seoladh físeán oifigiúil an rialtais do chomóradh 1916, físeán nach raibh glacadh rómhaith leis i measc an phobail, más cuimhin libh.

Beirt bhan agus fear atá sa dráma seo, iad iomlán éagsúil óna chéile.

Ón chéad uair a cuireadh Séanadh ar stáitse ag Oireachtas na Samhna seo caite, tá beirt aisteoirí nua tagtha isteach sa chliar, mar atá Marie Bheag Bhreathnach, atá aitheanta as a páirt mar Mo in Ros na Rún, agus Sam Ó Fearraigh, Conallach atá ina chéad ról stáitse.

Seanadh

Chomh maith le hábhar a bhainfidh gáire as an lucht féachana, déantar scagadh ar théamaí daonna trí scéalta pearsanta na gcarachtar.

“Ar leibhéal amháin tá an scéal a bhaineann le heagrú an chomórtha agus na dúshláin atá rompu, ach taobh thiar de sin tá an fíorscéal, is dóigh liom, a phléann le téamaí an-diana a thagann le cogaíocht, mar neamhord struis iarthrámaigh (PTSD) atá ar mo charachtar féin,” arsa Neasa Ní Chuanaigh, stiúrthóir an dráma atá i bpáirt Oifigeach Arm na hÉireann (thuas).

“Ní minic a fheiceann an gnáthdhuine saol saighdiúra ná an taithí a bhíonn acu, agus tá sé tábhachtach go mbeadh a leithéid sin ann,” ar sí.

Mar atá léirithe ag an ghluaiseacht #WakingTheFeminist, ní minic a fheictear mná chun tosaigh i saol na hamharclannaíochta in Éirinn ach oiread, go háirithe i ról stiúrthóireachta.

“Dom féin, ní cheapaim go raibh stiúrthóir baineann agam riamh. Is minic mná bainteach le drámaí mar aisteoirí agus ar an taobh léiriúcháin de, ach is fíorannamh a bhíonn mná in áit an stiúrthóra.”

Mar a tharlaíonn cuid de na rudaí is iontaí ar domhan, is trí thimpiste a tháinig Neasa ar an deis nua seo agus í sa lucht féachana ag léiriú Béarla den dráma, Lockdown.

Mhínigh Neasa gur chuala Gearóid í ag labhairt i nGaeilge le linn an tsosa agus go ndeachaigh siad i mbun comhrá faoin dráma agus faoi chúrsaí aisteoireachta.

“Bhí Séanadh scríofa ag Gearóid i nGaeilge, agus cé gur cuireadh leagan Béarla den dráma ar stáitse, bhí sé i gcónaí ag iarraidh é a chur ar stáitse i nGaeilge,” ar sí.

Mar stiúrthóir cúnta agus aisteoir a thosaigh Neasa ar an togra agus tá sí mar stiúrthóir ar an léiriú is déanaí seo.

“Is iontach gur tháinig an deis aníos ag an bpointe seo i mo shaol, agus mé níos aibí agus níos muiníní chun tabhairt faoin stiúrthóireacht.

“Tá sé an-deas mar chéad togra. Tá mé compordach mar aisteoir ach céim mhór í bogadh ó bheith i d’aisteoir go stiúrthóir.”

Buntáiste an aisteora, dar le Neasa, go mbíonn siad ag obair le stiúrthóirí éagsúla agus ag foghlaim ó réimse leathan stíleanna.

“Tá chuile stiúrthóir difriúil agus tá stíl agus cur chuige ar leith acu ar fad.

“Tá an t-ádh orm go raibh deis agam obair le stiúrthóirí éagsúla thar na blianta anseo in Éirinn, agus tá mé ag obair sa Danmhairg chomh maith, agus tá stíl eile ar fad acu ansin. 

“Is maith gur féidir liom na stíleanna a d’oibrigh go maith a thabhairt liom agus a chur chun cinn.”


Cuirtear tús leis an dráma anocht ag a 8in. Ticéad €11.50/€14.50.

Beidh Séanadh ar stáitse sa Chultúrlann, Béal Feirste san oíche amárach, 20 Bealtaine agus in Áras Chrónáin, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn, 21 Bealtaine. Tuilleadh eolais: Cuardaigh Séanadh Facebook.