Dún na mBan Trí Thine
ar ardán na Taibhdheirce go luath!


Osclóidh Dún na mBan Trí Thine ar stáitse na Taibhdheirce Déardaoin seo chugainn, 13 Iúil, mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe.

Lán ceoil agus macallaí ón bhéaloideas, is dráma comhaimseartha é Dún na mBan Trí Thine ó pheann an úrscéalaí, ghearrscéalaí agus drámadóra cháiliúil Éilís Ní Dhuibhne.

Dúirt Marianne Kennedy, a stiúir an dráma i dteannta Anne McCabe, Stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce, gur deis iontach í Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe chun drámaí comhaimseartha Gaeilge a chur chun cinn.

“Tá an dráma seo lárnach i gcanóin litríochta feiminí na tíre seo, agus cuireann an léiriú seo an teachtaireacht shoiléir in iúl cé chomh riachtanach agus atá sé go mbeadh drámaíocht Ghaeilge ar stáitse.”

Idir údar an dráma, an fhoireann léirithe, an chliar agus ábhar an dráma féin, is léiriú é a thagann go mór le mianta #MAMs (Mother Artist Makers), agus Waking the Feminist.

“Is iomaí dúshlán atá le sárú againn go háirithe mar mhná atá ag obair sna healaíona, le chuile rud a láimhseáil go cothrom idir fhreagrachtaí teaghlaigh agus obair chruthaitheach,” arsa Anne McCabe.

“Seo scéal a bhaineann le chuile dhuine.”

Tugtar léargas sa dráma ar choimhlint mná atá ag tógáil clainne agus í ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ina cuid oibre féin mar ealaíontóir ag an am céanna.

Cliar aisteoirí aitheanta a bheas le feiceáil ar ardán, ina measc Linda Bhreathnach (a bhfuil go leor duaiseanna bainte aici dá gearrscannán Adulting), Máire Ní Mháille, Tara Breathnach (A Nightingale Calling), Yvonne Laife (thuas) agus Catherine Denning.

Is í Tríona Lillis a dhear an seit, an dearthóir cultacha Chérie White (Macnas) atá i bhfeighil ar na feistis agus beidh hata an bhainisteora stáitse ar Rae Penelope Visser (Fíbín).

Dúirt Patrick Lonergan, Ollamh le Drámaíocht in OÉ Gaillimh, gur comhartha atá sa léiriú seo ar cé chomh “tiomanta” is atá Roinn na Drámaíochta in OÉ Gaillimh do dhrámaíocht na Gaeilge agus do dhrámaíocht chomhaimseartha scríofa ag mná.


Beidh deis agaibh Dún na mBan Trí Thine a fheiceáil idir 13-22 Iúil sa Taibhdhearc, An tSráid Láir, Gaillimh. Ticéid: €12/20 Áirithintí anseo!