‘Fíochán Filí’ na Gaillimhe
Simon Ó Faoláin, Dairena Ní Chinnéide & Louis de Paor i mbun reacaireachta!


Tá Simon Ó Faoláin ar dhuine de na filí clúiteacha a bheas ar ardán sa Taibhdhearc i gCathair na Gaillimhe san oíche amárach don chéad stad eile sa tsraith léamha filíochta ‘Fíochán Filí’. Labhair NÓS leis an Chiarraíoch cruthaitheach…


Beidh na fíodóirí focal Simon Ó Faoláin, Dairena Ní Chinnéide agus Louis de Paor ag reic a gcuid dánta sa Taibhdhearc san oíche amárach, Déardaoin 22 Meitheamh ag 7in, mar chuid de shraith oícheanta filíochta atá á heagrú ag An Lab, ionad ealaíon na Gaeilge sa Daingean, Co. Chiarraí.

‘Fíochán Filí’ atá baiste ar an tsraith speisialta seo a dhéanann ceiliúradh ar thraidisiún seanbhunaithe filíochta na Gaeltachta agus ar fhás thraidisiún nuálach na cathrach.

Ag labhairt dó le NÓS, dúirt Simon Ó Faoláin, file aitheanta agus Oifigeach Litríochta An Lab, gur tugadh faoin tionscadal chun filíocht chomhaimseartha na Gaeilge a dhéanamh “níos feiceálaí agus níos fusa teacht uirthi”.

Tá seantaithí ag Simon a bheith ag reáchtáil ‘Aos Cró’, oíche mhíosúil litríochta Gaeilge ar an mBuailtín in Iarthar Duibhneach a raibh aoi-fhilí agus scríbhneoirí próis ó cheantair Ghaeltachta agus Ghalltachta páirteach ann.

Ar an dóigh chéanna, is saghas clár malartaithe atá sa tsraith ‘Filí Fíocháin’ a thugann filí Chorca Dhuibhne i dteannta fhilí na gcathracha a mbeidh siad ag tabhairt cuairte orthu.

Anuas ar dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu, mhínigh Simon go mbeidh an ócáid seo sa Taibhdhearc oiriúnach do dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil go hiomlán acu, mar go mbeidh aistriúcháin Bhéarla á léamh chomh maith.

“Is minic go mbíonn sé deacair dán a thabhairt leat ar aon éisteacht, is cuma cén teanga ina bhfuil sé, nuair nach bhfuil sé cloiste nó léite agat cheana féin,” ar seisean.

“Sa mhéid sin, tugann na haistriúcháin an tarna seans don léitheoir breith ar roinnt dá bhfuil sa dán, fiú más Gaeilgeoirí cruthanta iad.”

Is iad Nuala Ní Dhomhnaill, Peadar Ó hUallaigh agus Ceaití Ní Bheildiúin a sheol an chéad oíche sa tsraith ‘Filí Fíochán’ mí Feabhra i mBaile Átha Cliath.

Rogha dánta dá saothair féin a bheas á léamh ag Dairena Ní Chinnéide (thuas), Louis de Paor agus Simon Ó Faoláin sa Taibhdhearc, san oíche amárach, i nGaillimh.

“Is an-léitheoirí go deo iad Dairena agus Louis agus is fiú go mór iad a chlos beo,” arsa Simon.

“Ó mo thaobh féin, ní haon mholadh féinmholadh ach bí cinnte go mbead ag déanamh mo dhícheall gan a bheith fágtha in áit na leathphingine!”

Beidh meascán idir ábhar óna thrí chnuasach agus saothar nua á léamh ag Simon ar an oíche, le “níos mó acu ná ba ghnáth” ag plé le cúrsaí náisiúnta agus idirnáisiúnta lasmuigh dá shaol pearsanta.

“Is dócha go n-eascraíonn sin as an staid fhíor-chorraitheach ina bhfuil an domhan faoi láthair,” ar sé.

“Daoine gan dídean, cogadh sa Mheánoirthear, creach-chistí; ní hé go mbím ag iarraidh d’aonghnó scríobh faoi na rudaí sin, ach is iad a thagann amach as a stuaim féin.”

Is léiriú iad imeachtaí ar nós IMRAM agus REIC go bhfuil spéis ag fás i bhfilíocht chomhaimseartha na Gaeilge sna cathracha, dar le Simon, “cé go bhfuil cúrsaí an-dírithe ar an gcur i láthair beo seachas ar an bhfocal scríofa.”

“Ní haon drochrud é sin, bíonn spleodar agus fuinneamh iontach nuair a dhéantar dán a reic go maith.

“Ach domsa go pearsanta, tá an focal scríofa níos tábhachtaí, cé gur cheart scríobh i gcónaí agus fuaim na bhfocal agus an dán sa cheann agat: is gá cothrom a bheith ann idir an teanga agus an pár,” a deir sé.

“Is minic a bhíonn filíocht mhaith casta agus iltoiseach, agus ba dheacair sin a thuiscint gan a bheith in ann é a léamh is a athléamh.”


Cuirfear tús le ‘Fíochán Filí’ sa Taibhdhearc, An tSráid Láir, Gaillimh @ 7in Déardaoin (amárach). Saorchead isteach. Áirithintí: 091 563600