Gig Speisialta le GaelGÁIRÍ
i gClub an Chonartha, BÁC, san oíche amárach!


Beidh an t-aon chlub grinn sa tír ag teacht le chéile i gClub an Chonartha, BÁC, san oíche amárach, Dé Céadaoin, do ghig speisialta Sheachtain na Gaeilge.

Agus spiorad na féile in airde, beidh casadh beag ar an oíche.

Leagan GaelGÁIRÍ de Chath na mBannaí atá i gceist leis an seó áirithe seo – in áit ceoil beidh gáire.

In áit uirlisí agus ceoltóirí beidh jócanna ó bhéil Ghaeil ghreannmhara!

Tá réimse duaiseanna ar fáil don té a insíonn an ‘Jóc is Fearr faoi 1916’, chomh maith leis an ‘Jóc Fada is Fearr’,  ‘Jóc Gearr is Fearr’ agus ‘An Pun is Fearr’ ar an oíche.

Beidh roinnt fuirseoirí nua chomh maith le baill seanbhunaithe ina measc aisteoirí, scríbhneoirí sobalchlár agus buaiteoirí comórtas grinn as Gaeilge agus as Béarla.

Beidh an Club ar oscailt óna 8.00in, agus beidh an seó ag tosú ag 9.30in.

Cead isteach €5/€3 mic léinn / gan phost, nó €0 má tá tú ag glacadh páirte sa chomórtas!

Tuilleadh eolais ó 086 1954176 nó anseo.